Catalógú
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann díograiseach faoi chatalóg na Leabharlainne a úsáid leis na bailiúcháin go léir atá againn a nochtadh don phobal.
Feidhm lárnach dúinn atá sa chatalógú a fhágann go mbeidh daoine ar fud an domhain in ann ár stoc ar fad a fheiceáil. Déantar gach bailiúchán agus mír úrnua a fhorshealbhú agus a thaifeadadh ar chóras bainistíochta leabharlainne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Virtua.
Agus ábhar forshealbhaithe againn, déantar é a chatalógú de réir na dtreoirlínte agus na gcaighdeán ábhartha um chatalógú, na cinn seo ina measc: MARC21; RDA Tuairisc agus Rochtain ar Acmhainní; ISAD(G): An Caighdeán Idirnáisiúnta Ginearálta um Thuairisc Chartlainne; Údaráis Ainmneacha Leabharlann na Comhdhála (LCNA); Teidil Ábhar Leabharlann na Comhdhála (LCSH); agus Teasáras Leabharlann na Comhdhála le haghaidh Ábhair Ghrafacha (TGM).
Déantar bailiúcháin fhisiciúla a stóráil ar an láthair nó i gceann dár saoráidí seachtracha ag brath ar fhormáid an ábhair agus cúinsí eile. Tugtar le fios ar an taifead catalóige cén seomra is féidir breathnú ar an ábhar ann, nó más féidir breathnú ar an ábhar ar líne.
Tá bailiúcháin ó chartlanna gréasáin agus láithreáin chartlannaithe ar fáil ar ardáin éagsúla, lena n-áirítear ár gcatalóg ar líne agus tairseach na cartlainne gréasáin, áit ar féidir na roghanna chun cuardach a dhéanamh ar an téacs iomlán nó dul ag brabhsáil a úsáid lenár mbailiúcháin a rochtain.
Ár mBailiúcháin faoi Cheilt a Nochtadh
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag bailiú lámhscríbhinní agus páipéir eile ó fhoinsí príobháideacha ó 1948 ar aghaidh. Táimid bródúil as an méid atá bainte amach againn le bailiúcháin a chaomhnú a scriosfaí nó a chaillfí ach ab é an bailiú seo. San am céanna, is maith is eol dúinn gur ‘Bailiúcháin faoi Cheilt’ iad go leor de na bailiúcháin seo ó tharla nach raibh faill againn iad a nochtadh inár gcatalóg. Táimid díograiseach maidir leis na Bailiúcháin faoi Cheilt a chur os comhair an phobail agus taifid chatalóige a chruthú don ábhar seo faoi dheireadh 2026.