Stair
Bunaíodh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis an Dublin Science and Art Museum Act, 1877.
Mar thoradh ar an Acht sin, aistríodh formhór na mbailiúchán a bhíodh ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) chuig an stát.
Díol suntais a bhí sa bhailiúchán mór a bhronn an Dr Jaspar Robert Joly ar an gCumann Ríoga in 1863. Leag seisean síos an coinníoll go dtabharfaí a bhailiúchán do leabharlann phoiblí i mBaile Átha Cliath, pé uair a bhunófaí a leithéid. Ba é an bronntanas sin ón Dr Joly, ina raibh leabhair, priontaí, ceol, lámhscríbhinní agus earraí eile, bunchloch bhailiúchán NLI, agus is cuid ríthábhachtach dár mbailiúcháin é go dtí an lá inniu.
Rialachas
Tar éis bhunú Saorstát Éireann, aistríodh an fhreagracht as NLI go dtí roinn nuabhunaithe, an Roinn Oideachais. Faoin Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, tugadh stádas taisce dlíthiúla don Leabharlann Náisiúnta, rud a d’fhág go raibh sí i dteideal cóip a fháil de gach rud a foilsíodh i Saorstát Éireann. Ó shin i leith, chuireamar lenár mbailiúcháin trí earraí nua a cheannach agus trí ghlacadh le bronntanais.
Ba faoi choimirce na Roinne Oideachais a bhí an Leabharlann Náisiúnta go dtí 1986, nuair a aistríodh go Roinn an Taoisigh í. In 1992, bunaíodh roinn rialtais a raibh freagracht uirthi as cultúr. Ó shin i leith, tá NLI san áireamh sa phunann chultúir.
In 2005, bunaíodh NLI mar fhoras cultúrtha náisiúnta uathrialach faoin Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997, agus ceapadh Stiúrthóir agus Bord in ionad Chomhairle na nIontaobhaithe, a bunaíodh in 1881.
An Foirgneamh ar Shráid Chill Dara, 1890
Bhí NLI lonnaithe ar dtús in áitreabh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i dTeach Laighean go dtí gur osclaíodh go foirmiúil an foirgneamh atá againn anois ar 7/8 Sráid Chill Dara in 1890. Ba é cleachtas ailtireachta Thomas N Deane and Son a dhear an foirgneamh — an chuideachta chéanna a dhear foirgneamh seandálaíochta Ard-Mhúsaem na hÉireann, atá béal dorais linn.
Bhí an-fhonn ar dhaoine cuairt a thabhairt ar NLI i mBaile Átha Cliath, agus mheall cruinneachán suaithinseach an tSeomra Léitheoireachta aird na sluaite. Is minic a bhain mic léinn de chuid na n-ollscoileanna sa chomharsanacht – Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – úsáid as an Leabharlann Náisiúnta. I lár na cathrach a bhí an Coláiste Ollscoile an tráth sin. Ba sa Leabharlann Náisiúnta a shuigh James Joyce an naoú heachtra den úrscéal Ulysses, ina bhfeicimid Stephen Dedalus agus é ag tabhairt uaidh faoin dráma Hamlet le Shakespeare.
Leathnú agus áitribh nua, 1990-2010idí
De réir mar a tháinig borradh faoin Leabharlann Náisiúnta agus a cuid bailiúchán, níor leor an t-áitreabh bunaidh a thuilleadh. Chun freastal ar riachtanais na Leabharlainne agus í ag dul i méid, ceannaíodh áitreabh eile ar Shráid Chill Dara agus tugadh faoin láthair a fhorbairt.
Osclaíodh Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní ar 2/3 Sráid Chill Dara in 1990. Osclaíodh an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, ina bhfuil bailiúcháin grianghraf NLI, i mBarra an Teampaill in 1998.
In 2004, rinneadh athchóiriú ar fhoirgneamh a bhíodh ina chuid den Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha roimhe sin. Ullmhaíodh limistéar taispeántais nua ann agus leagadh amach spás i gcomhair na Rannóige Priontaí agus Líníochtaí agus spás i gcomhair léachtlainne.
In 2018, chuaigh NLI i gcomhpháirtíocht le Roinn Cultúir an rialtais agus le Banc na hÉireann chun taispeántas a chur ar bun dar teideal Seamus Heaney: Éist Anois Arís. Is in Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann ar Fhaiche an Choláiste atá sé. In 2019, bhí toradh le feiceáil ar bhabhta eile comhoibrithe, leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath an iarraidh seo, nuair a osclaíodh Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) i dTeach Newman, ar Fhaiche Stiabhna.
Súil chun Cinn - ‘Tionscadal Forbartha Caipitil’
In 2017, chuir an Leabharlann Náisiúnta tús le hobair mhór chun athfhorbairt a dhéanamh ar a foirgneamh i Sráid Chill Dara, mar chuid de straitéis deich mbliana an Rialtais, Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018-2027. Faoin dTionscadal Forbartha Caipitil seo, déanfar príomhfhoirgneamh NLI a athrú ó bhonn agus a nuachóiriú ionas go mbeidh gailearaithe móra nua againn i gcomhair taispeántas, go mbeidh rochtain uilíoch ann do chách, agus go mbeidh áiseanna nua foghlama agus imeachtaí ann, mar aon le siopa agus caifé agus spásanna poiblí nua a mbainfidh an saol mór sult astu.