Ríomhacmhainní
Tá acmhainní digiteacha faighte ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a bheidh ina gcuidiú leis an taighde a dhéantar sna bailiúcháin atá againn.
Mar gheall ar na hacmhainní sin tugtar rochtain ar na nithe seo:
- Na céadta nuachtán agus sraitheachán Éireannach
- Rochtain ar an téacs iomlán i gcás go leor saothair thagartha chaighdeánacha
- Taifid de chuid an Rialtais agus foilseacháin oifigiúla
- Leabhair, lámhscríbhinní agus léarscáileanna digitithe
Tá a lán láithreáin síntiúis mar chuid de na Ríomhacmhainní seo atá á gcur ar fáil againne saor in aisce do léitheoirí cláraithe inár seomraí léitheoireachta go léir. Más mian leat cuairt a thabhairt ar ár seomraí léitheoireachta agus rochtain a dhéanamh ar na Ríomhacmhainní, caithfidh ticéad léitheora a bheith agat.
Irish Genealogy, Rialtas na hÉireann (Saor in Aisce)
Láithreán é seo a bhfuil an-tóir air ina measc siúd atá ag tabhairt faoi thaighde ar stair an teaghlaigh ós rud é go bhfuil doiciméid cláraithe sibhialta ó 1864 i leith ann mar aon le taifid eaglaise ón tréimhse roimhe sin agus taifid eile.
Find My Past, Findmypast (Ar an láthair/Síntiús)
Tá an láithreán seo úsáideach mar bhealach isteach chuig láithreáin ghinealais eile. Ar na catagóirí tábhachtacha tá an daonáireamh, taifid shibhialta agus eaglaise, uachtanna, eolairí agus taifid réadmhaoine.
Ask about Ireland – Griffith’s Valuation, Eneclann agus NLI (Ar an láthair/Síntiús)
Uirlis chuardaigh dhigiteach chun na taifid is tábhachtaí i Luacháil Uí Ghríofa a bhrabhsáil. Is féidir cuardach a dhéanamh ar an uirlis seo ar ainmneacha úinéirí agus áititheoirí réadmhaoine ar fud na hÉireann sna 1850idí, uirlis atá ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí ón 19ú haois don taighde ginealaigh.
Ancestry, Ancestry (Ar an láthair/Síntiús)
Bunachar sonraí mór d’acmhainní ar líne agus rochtain ar thaifid ar fud na cruinne, dírithe den chuid is mó ar thaifid de chuid na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe.
Family Search, Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha (Ar an láthair/Síntiús)
Láithreán suntasach é seo agus na milliúin taifead air. Ar na taifid Éireannacha atá ann tá breitheanna agus baistí, 1620-1881, féilire uachtanna, 1858-1920, agus foirmeacha cuardaigh dhaonáireamh na hÉireann. Is féidir é a úsáid le taifid léarscáileanna a bhrabhsáil chun cuardach a dhéanamh de réir áite.
Irish Ancestors, John Grenham (Ar an láthair/Síntiús)
Áis tagartha úsáideach is ea an láithreán seo don taighde ginealaigh agus cur chuige praiticiúil bunaithe ar mhodhanna taighde ann. Tá gnéithe éagsúla ar an láithreán, cuir i gcás leaganacha malartacha de shloinnte, innéacs ar áitainmneacha agus Aontais Dhlí na mBocht.
Irish Townlands (Saor in Aisce)
Uirlis chuardaigh le haghaidh bailte fearainn, paróistí sibhialta, barúntachtaí, toghranna agus contaetha. Tá comhéadan breá nua-aimseartha mionsonraithe a bhfuil uirlis léarscáile air ar an láithreán seo a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí bailte fearainn sa cheantar máguaird a bhrabhsáil.
Logainm, Rialtas na hÉireann (Saor in aisce)
Láithreán gréasáin nua-aimseartha de chuid Rialtas na hÉireann é seo a bhfuil sé furasta cuardach a dhéanamh air. Tá nasc idir an láithreán féin agus bunachair sonraí eile, mar sin is féidir nasc a dhéanamh idir baile fearainn agus aon bhéaloideas a bhaineann leis i mbailiúchán Dúchas ar líne. Tá aistriúcháin ann ar na hainmneacha dúchasacha Gaeilge a bheadh úsáideach le taighde a dhéanamh ar an stair áitiúil.
Landed Estates , OÉG (Saor in aisce)
Bunachar sonraí d’eastáit talún agus tithe stairiúla i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan, c. 1700-1914.
Find a Grave (Saor in aisce)
Bunachar sonraí pobalthiomáinte ina dtugtar clúdach fairsing ar reiligí ar fud na hÉireann a bhfuil suirbhéireacht déanta orthu. Tá eolas soiléir air chomh maith le grianghraif de leaca cuimhneacháin agus tras-scríbhinní.
Cartlann Nuachtáin na hÉireann, Micromedia (Ar an láthair/Síntiús)
Bailiúchán an-mhór de nuachtáin dhigitithe Éireannacha, idir nuachtáin náisiúnta agus nuachtáin réigiúnacha. Tá sé furasta raonta a úsáid de réir teideal, imleabhar agus dátaí agus is téacsanna iomlána a chuirtear ar fáil sna torthaí.
Cartlann Nuachtáin na Breataine, Leabharlann na Breataine agus Findmypast (Ar an láthair/Síntiús)
Comhpháirtíocht idir Leabharlann na Breataine agus Findmypast atá anseo. Táthar tar éis na mílte nuachtán ó bhailiúcháin Leabharlann na Breataine a dhigitiú agus tá cuid mhór nuachtáin stairiúla Éireannacha ina measc. Fágann síntiús NLI gur féidir le suas le deichniúr léitheoirí logáil isteach san am céanna. Caithfidh tú do chuid sonraí féin a úsáid chun síniú isteach.
Cartlann The Irish Times, Irish Times (Ar an láthair/Síntiús)
Láithreán gréasáin neamhspleách ar leis an Irish Times é agus bailiúcháin ón nuachtán ann ó 1859 go dtí an lá atá inniu ann. Is féidir an uirlis amhairc a úsáid chun an leathanach a ghearradh ionas go bhfeicfidh tú an chuid a bhfuil dúil agat ann.
Cartlann Dhigiteach The Times, Gale (Ar an láthair/Síntiús)
Facsamhail de théacs iomlán an nuachtáin laethúil is sine atá á fhoilsiú go leanúnach ó 1785 i leith.
Cartlann Stairiúil Illustrated London News, Gale (Ar an láthair/Síntiús)
Tá gach eagrán den ILN a foilsíodh ó 1844 go 2003 sa chartlann seo. Sa chartlann seo tá an téacs iomlán chomh maith le híomhánna digiteacha ar ardchaighdeán.
Cartlann Stairiúil The Times Literary Supplement, Gale (Ar an láthair/Síntiús)
Athbhreithniú liteartha seachtainiúil a bunaíodh sa bhliain 1902 mar fhorlíonadh saor in aisce le The Times (Londain). Rinneadh foilseachán ar leith de in 1914. Phléití na téacsanna ba thábhachtaí i meascán teangacha ann.
Nuachtáin an 17ú/18ú haois ó Bhailiúchán Burney, Gale (Ar an láthair/Síntiús)
Tá breis agus 1,000 mír anseo ó bhailiúcháin Leabharlann na Breataine de nuachtáin luatha, paimfléid, forógraí, leabhair nuachta agus nuachtáin ón tréimhse ina measc.
Nuachtáin Leabharlann na Breataine, Gale (Ar an láthair/Síntiús)
An téacs iomlán ón Belfast Newsletter agus ón Freeman’s Journal.
Chronicling America: Historic American Newspapers, Leabharlann na Comhdhála (Saor in Aisce)
Sa chartlann seo tá faisnéis ar nuachtáin stairiúla agus rogha de leathanaigh dhigitithe ó nuachtáin Mheiriceánacha agus cuirtear ábhar nua isteach ar bhonn leanúnach.
Léann Éireannach JSTOR , JSTOR (Ar an láthair/Síntiús)
Rochtain ar an téacs iomlán de 49 ceann d’irisleabhair acadúla Éireannacha a bhaineann leis an Léann Éireannach chomh maith le líon beag leabhar a bhaineann leis an Léann Gael-Mheiriceánach.
C19 - The Nineteenth Century Index, ProQuest (Ar an láthair/Síntiús)
Seo acmhainn bhibleagrafach dhigiteach le haghaidh taighde ar an 19ú céad ina dtugtar rochtain chomhtháite ar innéacsanna tábhachtacha agus ar áiseanna chun teacht ar leabhair, sraitheacháin, foilseacháin oifigiúla, nuachtáin agus cartlanna.
Téarma: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Foras na Gaeilge (Saor in aisce)
Bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge. Bunachar dátheangach é a bhfuil 186,000 iontráil ann.
Foclóir, Foras na Gaeilge (Free)
Foclóir Béarla-Gaeilge ina dtugtar aistriúcháin don ábhar Béarla mar aon le heolas gramadaí agus comhaid fuaime.
Ainm, Fiontar agus Scoil na Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (Saor in aisce)
1,791 beathaisnéis ann. Bhí baint ag gach duine a luaitear sa bhailiúchán seo leis an nGaeilge, bailiúchán beathaisnéisí a bhaineann leis an tréimhse ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann. Is i nGaeilge amháin atá na hiontrálacha go léir.
Díolaim Beathaisnéisí na hÉireann, Acadamh Ríoga na hÉireann (Saor in aisce)
An téacs iomlán ó bheathaisnéisí achoimre de phearsana tábhachtacha de chuid na hÉireann. An raon ama atá ann ná ón stair ársa go dtí an 21ú haois. Ní thugtar cuntas orthu siúd atá fós beo. Tá saol 11,000 ann agus fás ag teacht air i rith an ama.
Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press (Ar an láthair/Síntiús)
Sa bhailiúchán seo, tugtar beathaisnéis corradh le 60,000 duine a bhaineann leis an mBreatain, ón stair ársa go dtí an 21ú haois. Tá 11,000 portráid ann chomh maith.
Who's Who, Oxford University Press (Ar an láthair/Síntiús)
Tá níos mó ná 34,000 iontráil dhírbheathaisnéiseach anseo a bhaineann le pearsana a bhfuil tionchar acu ar shaol na Breataine. Tá rannóg dar teideal Who Was Who (Cérbh iad) ann chomh maith agus 94,000 iontráil ann a bhaineann le daoine nach maireann.
Dictionary of Irish Architects, Cartlann Ailtireachta na hÉireann (Saor in aisce)
Tá eolas beathaisnéiseach agus bibleagrafaíoch anseo maidir le hailtirí, tógálaithe agus ceadaithe a bhí ag obair in Éirinn ó 1720 go 1940 chomh maith le heolas faoi na foirgnimh a mbídís ag obair orthu.
Oxford English Dictionary, Oxford University Press (Ar an láthair/Síntiús)
Tá treoir san fhoclóir seo maidir le ciall, stair agus fuaimniú 600,000 focal, focail ón am atá caite agus ón am i láthair, a fhaightear ar fud shaol an Bhéarla.
Oxford Bibliographies, Oxford University Press (Ar an láthair/Síntiús)
Uirlis taighde ar líne a thugann rochtain ar acmhainní le haghaidh topaicí acadúla éagsúla. Saineolaithe acadúla a scríobh an t-ábhar ann, tá treoir ann don scoláireacht reatha, tráchtaireacht nua agus nótaí mínithe san áireamh.
Oxford Dictionary of Family Names in Britain and Ireland, Oxford University Press (Ar an láthair/Síntiús)
Saothar tagartha é seo agus an téacs iomlán ann ina ndírítear ar ainmneacha teaghlaigh sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Pléitear sloinntí Gaelacha, Sasanacha, Albanacha, Breatnacha agus inimirceacha agus tá 45,000 iontráil ann.
Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann, Rialtas na hÉireann (Saor in aisce)
Áirítear Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla san acmhainn seo. Is féidir leasuithe ar reachtaíocht a rianú, féachaint ar an mBunreacht agus ar chuid den reachtaíocht ón tréimhse roimh 1922. Tá naisc chuig acmhainní seachtracha reachtaíochta ann fosta.
Iris Oifigiúil, Oifig na nOibreacha Poiblí (Saor in Aisce)
An modh oifigiúil a úsáideann an Rialtas chun ceapacháin chuig oifigí poiblí a fhógairt agus chun forógraí, ionstraimí reachtúla agus ceapachán glacadóirí ar chuideachtaí, etc. a fhoilsiú. Tá ábhar ó 2002 ar aghaidh sa chartlann ar líne seo.
Tithe an Oireachtais, Tithe an Oireachtais ((Saor in aisce)
Láithreán cuimsitheach dinimiciúil dátheangach é seo ar a dtugtar eolas maidir lena bhfuil ar siúl sa Rialtas, lena n-áirítear sonraí faoi bhillí agus achtanna agus sceidil cruinnithe don Dáil agus don Seanad.
Tionól Thuaisceart Éireann, Coimisiún Thionól Thuaisceart Éireann (Saor in aisce)
Rochtain ar líne ar obair Thionól Thuaisceart Éireann, sonraí maidir le comhaltaí reatha agus reachtaíocht san áireamh.
Tuaisceart Éireann: A Divided Community, Cabinet Papers of the Stormont Administration 1921-1972 [Pobal Deighilte, Páipéir ó Chomh-Aireacht Riarachán Stormont, 1921-1972 ], Gale (Ar an láthair/Síntiús)
Cáipéisí Rialtais ina dtugtar cuntas iomlán ar an rialtas cineachta, a fuarthas trí Oifig na dTaifead Poiblí, Tuaisceart Éireann.
UK Parliamentary Papers (Ar an láthair/Síntiús)
Ar an acmhainn seo, tá clúdach iomlán ar pháipéir sheisiúnacha Theach na dTeachtaí sa Bhreatain, ar Dhíospóireachtaí Hansard agus ar Theach na dTiarnaí sa 19ú haois. Tá bunfhoinsí mionsonraithe ann chomh maith a bhaineann le stair na Breataine, a coilíneachtaí agus an domhan mór. Chomh maith leis sin tá doiciméid oibre rialtais a bhaineann le gach réimse den bheartas sóisialta, polaitiúil, eacnamaíoch agus eachtrach.
State Papers Online 1509-1714, Gale (Ar an láthair/Síntiús)
Acmhainn ar líne ar a bpléitear leis an tréimhse 1509-1714 i stair na Breataine agus na hEorpa. Cartlann dhigiteach lámhscríbhinní de pháipéir Stát na Breataine atá anseo chomh maith le féilirí inchuardaithe agus an téacs iomlán iontu.
Official Publications Online (RA), TSO (Ar an láthair/Síntiús)
Seo leabharlann aonair inchuardaithe ar líne ar a dtugtar le chéile foilseacháin reachtaíochta, Pharlaiminteacha, Cheannais agus foilseacháin Theach na dTeachtaí.
OECD iLibrary, ECFE (Ar an láthair/Síntiús)
Tá na mílte ríomhleabhar, caibidlí, táblaí, graf, páipéar, alt, achoimrí, táscairí, bunachar sonraí agus podchraoltaí ar an acmhainn seo - agus is féidir cuardach a dhéanamh orthu de réir téama, tíre nó cineál ábhair.
An Bailiúchán Náisiúnta Leabhar do Pháistí, an Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus Coláiste na Tríonóide, BÁC (Saor in aisce)
Sa bhailiúchán seo, is féidir le húsáideoirí breis agus 250,000 leabhar do pháistí in os cionn 90 teanga a fhiosrú agus iad i seilbh cúig leabharlann i mBaile Átha Cliath a bhfuil cuid mhór leabhair do pháistí iontu.
Early English Books Online (EEBO), ProQuest (Ar an láthair/Síntiús)
Íomhánna de na leathanaigh i nach mór gach saothar clóite in Éirinn, sa Bhreatain Mhór agus i Meiriceá Thuaidh, chomh maith le saothair a clóbhuaileadh in áiteanna eile, sa tréimhse 1470-1700. Tá corradh le 200 leabharlann ar fud na cruinne tar éis cur le EEBO.
Eighteenth Century Collections Online, Gale (Ar an láthair/Síntiús)
Bunachar sonraí inchuardaithe de leabhair, paimfléid agus mórbhileoga i ngach ábhar a clóbhuaileadh idir 1701 agus 1800. Tá breis agus 180,000 teideal ann. Toradh é an bunachar sonraí seo a tháinig as an tionscadal dar teideal English Short Title Catalogue ina ndearnadh taifeadadh de gach saothar a foilsíodh nó a clódh sa Bhreatain, in Éirinn, i dtíortha faoi riail an choilíneachais ón mBreatain agus sna Stáit Aontaithe.
Intelex Past Masters, InteLex (Ar an láthair/Síntiús)
Bailiúchán mór d’eagráin ar bunfhoinsí iad agus an téacs iomlán iontu a bhaineann le fealsúnacht agus smaoineamh polaitíochta.
Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (Saor in aisce)
An mol náisiúnta i gcomhair sonraí geospásúla, ar féidir sonraí geospásúla an Rialtais a aimsiú, a mheasúnú agus a rochtain air.
OpenStreetMap (Saor in Aisce)
Tugann sé seo sonraí léarscáile le haghaidh na mílte láithreán gréasáin, aipeanna agus gléasanna crua-earraí agus é á threorú ag an bpobal.
Meamram Páipéar Ríomhaire ( Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath)
Taisclann dhigiteach de lámhscríbhinní na hÉireann ó roinnt foinsí lena n-áirítear iad siúd de chuid NLI is ea ISOS.