Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Na Cruitirí Connellan

Léacht-Ceadail le Kathleen Loughnane (Cruit) agus Caitríona Finnegan (Dordveidhil )
  • Ar an láthair
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
Harps Ireland poster

Bí linn le haghaidh léacht-ceadail le Harps Ireland!

Bí i dteannta an chruitire agus an taighdeora chlúitigh Kathleen Loughnane agus í ag roinnt eolais linn faoi shaol agus faoi laethanta na gcruitirí as Sligeach, William agus Thomas Connellan. Éist le cóirithe dá stór ón 17ú haois agus iad á léiriú beo ar an gcruit agus ar an dordveidhil, agus bí ar an eolas faoin tréimhse seo ina raibh Éire ina cíor thuathail ó thaobh cúrsaí polaitiúla agus cúrsaí sóisialta.

Tá ardmheas ar Kathleen Loughnane, a ainmníodh le haghaidh Ghradam Meteor an Cheoil Éireannaigh (2010), as a cuid oibre ag cóiriú fhoinn thraidisiúnta na hÉireann don chruit agus as taighde a dhéanamh chomh maith ar cheol chumadóirí cruite na hÉireann san 17ú agus san 18ú haois. Tá 4 dhlúthdhiosca agus leabhair tionlacain curtha amach ag Kathleen: Affairs of the Harp, Harping On, Harp to Heart agus an ceann is déanaí, The Harpers Connellan. Rinne sí roinnt teagaisc in Éirinn agus ag féilte móra sna Stáit Aontaithe, sa tSeapáin agus ar fud na hEorpa. Foilsíodh a cuid cóirithe i bhfoilseacháin éagsúla agus tá siad ar Shiollabas na Cruite in Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann. Tá taighde á dhéanamh ag Kathleen faoi láthair ar lámhscríbhinní Patrick O’Neill ó Ónainn, Carraig na Siúire, agus í ag roghnú fonn as an lámhscríbhinn lena gcóiriú don chruit Ghaelach.

Is dordveidhleadóir as Baile Átha Cliath, Éire í Caitríona Finnegan. Bhain sí Baitsiléir sa Cheol amach ó Cheol-Acadamh Ríoga na Danmhairge agus bhain sí Máistreacht amach ó Scoil Cheoil Manhattan, SAM. Chomh maith le bheith ina ceoltóir aireagail agus ina ceoltóir ceolfhoirneach, baineann sí taitneamh as an iliomad seánraí a sheinm, ó cheol clasaiceach go ceol tíre go ceol traidisiúnta agus popcheol. D’oibrigh sí le déanaí le Crash Ensemble, Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann agus Music Network agus ag raon ceolchoirmeacha, féilte agus taifeadtaí i gcomhar le healaíontóirí éagsúla Éireannacha ar fud na tíre. 

Reáchtálfar an t-imeacht seo in Amharclann Joly sa Leabharlann Náisiúnta. Tá na ticéid don imeacht seo saor in aisce ach níl ach méid áirithe díobh ar fáil. Déan áirithint ar Eventbrite roimh ré. 

 

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie