An Bailiúchán Leabhar Clóite sa Leabharlann Náisiúnta

Labhróidh Máire Ní Chonalláin, Coimeádaí Cúnta i Roinn na mBailiúchán Foilsithe, faoi théacsleabhair Ghaeilge atá sa Leabharlann.
Beidh sí ag caint faoi chuid de na Leabhair Thagartha is fearr atá ar fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear: Leabhair Scoile, Foclóirí, Leabhair Ghramadaí le seanfhocail agus frásaí úsáideacha, conas an Chatalóg a chuardach do na leabhair sin, conas na leabhair a fheiceáil, conas cóip shamplach de leabhar a ordú mura féidir leat dul isteach sa Leabharlann Náisiúnta, liostaí leabhar, An Clóliosta nó liosta clóite leabhar i nGaeilge 1571-1871 a foilsíodh le déanaí agus Ciorcal Comhrá Gaeilge na Leabharlainne.
Beidh spéis ag múinteoirí, daoine a d'fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil, daoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus cuairt a thabhairt ar an Leabharlann agus a bheith ina Léitheoirí, sa chaint seo. Beidh an chaint go hiomlán i nGaeilge. Cuirfear fáilte roimh cheisteanna i nGaeilge nó i mBéarla tar éis dheireadh na cainte.