Caint: Taighde ar Stair Teaghlaigh sa Leabharlann Náisiúnta
- Fotheidil

Family group, four generations: commissioned by Mr. J.J. Whelan, Clonard, Wexford POOLEWP 4268
Caint ar líne ar úsáid a bhaint as seirbhísí agus bailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta chun taighde a dhéanamh ar stair do theaghlaigh.
Bí i dteannta Steven Skeldon, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), le haghaidh cainte ar líne faoi úsáid a bhaint as seirbhísí agus bailiúcháin an NLI chun taighde a dhéanamh ar stair do theaghlaigh.
Áireofar sa chaint ar líne seo cur i láthair maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí staire teaghlaigh na leabharlainne, iniúchadh ar shamplaí d’acmhainní staire teaghlaigh atá i mbailiúcháin na leabharlainne, agus conas tabhairt faoi thaighde ginealais.
Beidh an chaint ar siúl ar líne trí Zoom.
Le haghaidh tuilleadh eolais nó cúnaimh, déan teagmháil linn le do thoil ag learning@nli.ie.