Cupán agus Comhrá
- Ar an láthair
Bí linn le haghaidh tae agus plé as Gaeilge i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Bí linn le haghaidh tae agus plé as Gaeilge ag 11rn ar an 17 Nollaig, sa phríomhfhoirgneamh. Beidh ball foirne dár gcuid, Niamh Ní Riain, i láthair chun fáilte a chur romhat agus chun ceist ar bith atá agat faoin Leabharlann Náisiúnta a fhreagairt. Glac sos beag ó do shiopadóireacht Nollag!
Cibé acu atá cúpla focal agat, is cainteoir líofa thú, nó atá tú ag iarraidh éisteacht leis an teanga le cleachtadh, beidh fáilte is fiche romhat! Ní gá áirithint a dhéanamh.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie