Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Lá Oscailte Bhaile Átha Cliath

I gcomhar le Foras Ailtireachta na hÉireann
  • Ar an láthair
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
View of the stained glass windows in the NLI Main Hall.

Tabhair cuairt ar ár Seomra Léitheoireachta iomráiteach mar chuid d’Fhéile Lá Oscailte Bhaile Átha Cliath!

Is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a bunaíodh in 1877, leabharlann taifid na hÉireann. Tá os cionn 12 milliún earra á mbailiú, á gcosaint agus á gcur ar fáil againn, rud a leanfaimid a dhéanamh go ceann na mblianta. Ag ceithre shuíomh agus ar líne, cuirimid rochtain ar na bailiúcháin, ar thaispeántais, ar imeachtaí agus ar ár seomraí léitheoireachta taighde agus tagartha ar fáil saor in aisce.

Osclaíodh an Leabharlann den chéad uair in 1890 agus tógadh é sa stíl Victeoiriach Phallaidiach. Ba iad na hailtirí Deane & Son a dhear é, ailtirí a dhear go leor foirgneamh clúiteach eile i mBaile Átha Cliath, amhail Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht agus Club Shráid Chill Dara.

Beidh an príomhsheomra léitheoireachta ar oscailt don phobal ó 2pm go dtí 4pm mar chuid d’Fhéile Lá Oscailte Bhaile Átha Cliath. Ní gá áirithint a dhéanamh. 

Más féidir lenár bhfoireann cabhair a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie