Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Scéilíní agus Dúrúin na Foilsitheoireachta Leabhar

Féile Staire Bhaile Átha Cliath
  • Ar an láthair
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Old books lined up on a shelf.

Image reproduced with kind permission from S. Harikrishnan .

Bí linn le haghaidh an phlé painéil seo ar an bhfoilsitheoireacht leabhar!

In ionad a bheith ag déanamh staidéar ar leabhar mar shaothar údair ar leith, tugann staraithe leabhair aird ar dhlúth agus inneach na leabhar agus ar na próisis táirgthe. Díríonn siad ar chomhthéacsanna foilseacháin a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an mbrí atá sa leabhar. Déanfaidh an Dr. Lucy Collins, an tOllamh Porscha Fermanis, Eoin McCarney, agus an Dr. Tapasya Narang machnamh ar a thábhachtaí atá sé an leabhar fisiciúil a bheith i do lámh agat le staidéar ceart a dhéanamh air, agus ar a luachmhaire atá na gnéithe fisiciúla sin do staraithe agus do thaighdeoirí. Is é an tOllamh Eugene McNulty a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ócáid.

 

 

Ar an bpainéal beidh:

An Dr. Lucy Collins, Ollamh Comhlach, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, COBÁC

Eoin McCarney, Ceannasaí na mBailiúchán Foilsithe, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An Dr. Tapasya Narang, Taighdeoir Iardhochtúireachta, Comhairle Taighde na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, COBÁC

An tOllamh Porscha Fermanis, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, COBÁC

Cathaoirleach: An tOllamh Eugene McNulty, Scoil an Bhéarla, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie