Seamus Heaney: Briathar á Dhéanamh den Saol
- Ar an láthair

Image from Bobbie Hanvey Photographic Archives, John J. Burns Library, Boston College,
Bí linn agus déan comóradh ar bhreithlá Seamus Heaney ag Listen Now Again!
D’fhág Heaney an baile ag aois dhá bhliain déag chun freastal ar scoil chónaithe agus ní raibh sé chun cónaí riamh arís go lán aimsire ar fheirm, fós féin tharraingeodh sé ar chuimhní gléineacha a óige í Mossbawn i gcaitheamh a ghairme. Mar comóradh ar bhreithlá Heaney bí linn ag Seamus Heaney: Listen Now Again ar Satharn 12 Aibreán ag 12pm i gcomhair léachta leis an Ollamh Nicholas Grene ina ndéanfar scagadh ar na slite ar mheasc Heaney a chuid léitheoireachta lena bhfaca sé timpeall air agus ansin na slite ar chuir sé an méid sin ag obair agus a chuid dánta á gceapadh aige; an bealach ina ndearnadh briathar den saol.
Is Ollamh Emeritus le Litríocht an Bhéarla é Nicholas Grene i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Iarchomhalta Sinsearach den Choláiste áit ar chaith sé trí thréimhse mar Cheann na Roinne Béarla. Tugadh cuireadh dó mar léachtóir i go leor tíortha agus bhí sé ina ollamh ar cuairt in Ollscoil New South Wales, Dartmouth agus an Sorbonne. I measc a chuid leabhar tá Shakespeare’s Tragic Imagination (1992), The Politics of Irish Drama (1999), Shakespeare’s Serial History Plays (2002) Yeats's Poetic Codes (2008), Home on the Stage (2014), The Theatre of Tom Murphy (2017) agus Farming in Modern Irish Literature (2021). Is iad Irish Theatre in the Twenty-first Century agus Derek Mahon: a Retrospective, arna chur in eagar i gcomhar le Tom Walker na leabhair is déanaí leis.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag heaneyexhibition@nli.ie