Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas ar líne | Yeats: Saol agus Saothair William Butler Yeats

Dáta Ar siúl go samhradh 2025
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
Dáta Ar siúl go samhradh 2025
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
Image of the Yeats exhibition at the National Library of Ireland.
Ar Líne

Bain sult as ár dtaispeántas a bhfuil gradaim buaite aige ar William Butler Yeats (1865-1939), duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois agus a raibh tionchar suntasach aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha.

Tarraingítear sa taispeántas ar mhíreanna ó Bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na bailiúcháin is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann le WB Yeats ar domhan.

Fiosraigh iliomad spéiseanna Yeats – Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus asarlaíocht. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá lámhscríbhinní de go leor de na dánta is mó a bhfuil tóir orthu de chuid Yeats, lena n-áirítear “The Lake Isle of Innisfree” agus “Easter, 1916”, a bhonn Duais Nobel, déantáin phearsanta ó thuairiscí scoile Yeats go píosa snoite lapis lazuli, grianghraif iontacha de Yeats agus a chlann agus a chairde, agus go leor eile.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag exhibitions@nli.ie