Turas Iar-Bhunscoile | Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats
![Léaráid lámh-tharraingthe de thrí chineál éagsúla long in aice le litir chódaithe scríofa le peann luaidhe](/sites/default/files/styles/image_with_caption_small/public/2022-11/coded-letter-on-display-2020-letter-from-wby-age-11-to-lily_loan-mby_06.jpg?h=7bc248ae&itok=ejzpbKKS)
Litir ó WB Yeats, 11 bliana d’aois, chuig a dheirfiúr Susan Corbet Yeats (Lily), thart ar 1876
Sa taispeántas seo ar WB Yeats, duine de mhórscríbhneoirí na fichiú haoise, tá buaicphointí ó bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is é Bailiúchán Yeats an bailiúchán is mó de leabhair, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann leis an bhfile áit ar bith ar domhan, agus tá sé ar fáil a bhuíochas do fhlaithiúlacht mhuintir Yeats a bhronn na míreanna ar an Leabharlann.
Cuirfidh an turas scéal shaol agus saothar iontach Yeats i láthair do dhaltaí trí sheoda bhailiúchán Yeats atá ar taispeáint, lena n-áirítear cuid den fhilíocht is mó ráchairt ag WB Yeats, agus áirítear ann míreanna pearsanta, leabhair, agus lámhscríbhinní ó bhailiúchán na Leabharlainne.
Pléitear i mbuaicphointí an taispeántais a áirítear sa turas go leor téamaí a bhí tábhachtach i saol Yeats, lena n-áirítear Éire, an litríocht, an béaloideas, an amharclannaíocht, an pholaitíocht, an misteachas, agus an asarlaíocht.
Tá an turas seo an-oiriúnach do dhaltaí Béarla agus Staire an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta agus is féidir é a shaincheapadh chun an fhilíocht atá á staidéar mar chuid den churaclam a chlúdach.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie