Turas Scoileanna Teanga | Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats

Cóip ghlan le WB Yeats de He Wishes for the Cloths of Heaven (MS. 22,335)
Sa taispeántas seo ar WB Yeats, duine de mhórscríbhneoirí na fichiú haoise, tá buaicphointí ó bhailiúchán Yeats de chuid na Leabharlainne. Is é Bailiúchán Yeats an bailiúchán is mó de leabhair, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann leis an bhfile áit ar bith ar domhan, agus tá sé ar fáil a bhuíochas do fhlaithiúlacht mhuintir Yeats a bhronn na míreanna ar an Leabharlann.
Cuirfidh an turas scéal shaol agus saothar iontach Yeats i láthair do ghrúpa trí sheoda bhailiúchán Yeats atá ar taispeáint, lena n-áirítear cuid den fhilíocht is mó ráchairt ag WB Yeats, agus áiríear ann míreanna pearsanta, leabhair, agus lámhscríbhinní ó bhailiúchán na leabharlainne.
Pléitear i mbuaicphointí an taispeántais a áirítear sa turas go leor téamaí a bhí tábhachtach i saol Yeats, lena n-áirítear Éire, an litríocht, an béaloideas, an amharclannaíocht, an pholaitíocht, an misteachas, agus an asarlaíocht.
Taitneoidh an turas seo le grúpaí scoile teanga a bhfuil spéis acu i gcultúr, litríocht, agus i stair na hÉireann agus tá sé timpeall 30 go 45 nóiméad ar fad.
Is féidir turais a choigeartú le freastal ar riachtanais do ghrúpa.
Cuir leibhéal Béarla do ghrúpa in iúl dúinn roimh ré ionas gur féidir linn an turas a oiriúnú do do riachtanais.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie