Turas um Fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus Phobail | Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats
![Féachann fear dea-ghléasta ar chás taispeántais atá lán d’ábhar taispeántais WB Yeats](/sites/default/files/styles/image_with_caption_small/public/2022-11/rszlifelong-learning-community-tour-yeats-3.jpg?h=b594da8a&itok=waJyOFsq)
Ag glaoch ar gach grúpa foghlama ar feadh an tsaoil, pobail agus daoine fásta!
Sa taispeántas seo ar WB Yeats, duine de mhórscríbhneoirí na fichiú haoise, tá buaicphointí ó bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is é Bailiúchán Yeats an bailiúchán is mó de leabhair, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann leis an bhfile áit ar bith ar domhan, agus tá sé ar fáil a bhuíochas do fhlaithiúlacht mhuintir Yeats a bhronn na míreanna ar an Leabharlann.
Cuirfidh an turas scéal shaol agus saothar iontach Yeats i láthair do ghrúpa trí sheoda bhailiúchán Yeats atá ar taispeáint, lena n-áirítear cuid den fhilíocht is mó ráchairt ag WB Yeats, agus áirítear ann míreanna pearsanta, leabhair, agus lámhscríbhinní.
Pléitear i mbuaicphointí an taispeántais a áirítear sa turas go leor téamaí a bhí tábhachtach i saol Yeats, lena n-áirítear Éire, an litríocht, an béaloideas, an amharclannaíocht, an pholaitíocht, an misteachas agus an asarlaíocht.
Taitneoidh an turas seo le grúpaí a bhfuil spéis acu i gcultúr, litríocht, agus i stair na hÉireann, agus tá sé timpeall 30 go 45 nóiméad ar fad. Is féidir turais a choigeartú le freastal ar riachtanais do ghrúpa.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie