Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cartlann de chuid A Little Lifetime á fháil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair 2024
Group shot of attendees at A Little Lifetime event

Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sásta a fhógairt cartlann de chuid A Little Lifetime Foundation a fháil, ar eagraíocht í a raibh ról ríthábhachtach aici ag tacú le teaghlaigh faoi mhéala in Éirinn ó bunaíodh i 1983 í.

Bunaíodh faoin ainm Cumann um Marbh-Bhreitheanna agus Bás Leanaí Nuabheirthe (ISANDS) é A Little Lifetime, agus tacaíonn an grúpa le teaghlaigh buailte le cailleadh leanaí trí mharbh-bhreith nó trí bhás leanaí nuabheirthe.

Caomhnaíonn an chartlann, ar cuid de bhailiúchán buan na Leabharlainne Náisiúnta í anois, rogha leathan ábhar, lena n-áirítear litreacha pearsanta, taifid chruinnithe, grianghraif agus nuachtlitreacha, rud a thugann léargas ar obair dhochloíte na fondúireachta thar dhaichead bliain. Bhí iarrachtaí abhcóideacht na fondúireachta ríthábhachtach i dtaca le Clár na Marbh-bhreitheanna a bhunú i 1995, ar thug aitheantas do theaghlaigh faoi mhéala agus ar cheadaigh dóibh breith a leanaí a chlárú in Éirinn.

Léiríonn an bailiúchán tréimhse thábhachtach i stair shóisialta na hÉireann. Tugann sé léargas luachmhar ar thírdhreach atá á fhorbairt maidir le cúram méala, beartas sláinte poiblí agus tacaíocht chomhphobail.

Ag ócáid an tseachtain seo caite chun an éadáil a chomóradh, arsa Ciara Kerrigan, Coimeádaí Comhlach na gCnuasach Speisialta,

“Tá sé ar cheann de mhisin lárnacha na Leabharlainne Náisiúnta scéalta a bhailiú agus a chaomhnú uathu siúd a bhfuil a nguthanna fágtha amach ón taifead stairiúil. Ina measc sin tá guthanna na dtuismitheoirí agus na dteaghlach faoi mhéala a throid ar son aitheantais, dínite agus cúraim. Leis an bhfáil seo, cinntítear nach mbeidh dearmad déanta ar a dtaithí. Tá bhur scéalta faoi chumha, faoi theacht aniar agus faoi mhuintearas anois – agus beidh go deo, do na glúnta atá le teacht – mar chuid de thaifead buan shaol agus stair na hÉireann.”