Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Deich mBliana na Fionnachtana: Ag Ceiliúradh Deich mBliana ó thóg Saorálaithe Seilbh

Dé Máirt, 7 Eanáir 2025
Flickr feed screenshot

I mí Eanáir seo, beidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ag ceiliúradh cuimhneacháin deich mbliana ó thóg Saorálaithe Seilbh ar ár gcuntas Flickr Commons.

Le deich mbliana anuas, tá mol bríomhar taighde, scéalaíochta agus pobail déanta d'ardán roinnte íomhánna simplí mar thoradh ar an gcomhoibriú uathúil sin.

Aistear Trí na Blianta

Cuireadh tús lenár n-eachtra Flickr i 2010 nuair a thosaíomar ag roinnt íomhánna ónár mbailiúcháin earraí inbhailithe. Faoi mhí an Mheithimh 2011, bhí NLI ina ball oifigiúil de Flickr Commons, rud a chuir ár gcartlanna grianghraf saibhre os comhair an tsaoil mhóir. Ach tharla an cuimhneachán a ndéanaimid ceiliúradh air, ar an 7 Eanáir, 2015, nuair a ghlac grúpa saorálaithe tiomanta seilbh ar an gcuntas. Bhí na saorálaithe, a dtugtar "An Triúir Máire" go ceanúil orthu, ina gcinn feadhna chruthaitheachta agus choimeádaíochta ar rath agus borradh dochreidte an chuntais.

An Triúir Máire: Laochra Ár mBailiúchán

Tá an Triúir Máire, mar a thugann siad orthu féin, dírithe ar roinnt de na híomhánna is fíorshuimiúla inár mbailiúchán a aimsiú, a roghnú agus a roinnt. Cé gur tháinig athrú ar bhaill na foirne i gcaitheamh na mblianta, tá an tiomantas agus an chlisteacht a thugann siad dosháraithe go fóill. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl d'iar-Mháire, a thug a croí agus a hanam ar son an tionscnaimh seo.

Gach lá i rith na seachtaine, déanann an triúr Máire íomhá nua a phostáil, a spreagann díospóireachtaí bríomhara go minic, aimsíonn siad sonraí ceilte faoin ngrianghraf, agus cuireann siad comhthéacs ar fáil lena gcuirtear lenár tuiscint ar stair na hÉireann. Tá an cuntas sin ina chartlann dinimiciúil, a dtagann greann agus taighde mionchúiseach le chéile.

Insíonn na hUimhreacha a fírící féin

Agus an cuimhneachán deich mbliana ag druidim linn, tá tionchar an chomhoibrithe seo soiléir. Faoi mhí Feabhra 2025, táthar ag tuar ar iontaí an tsaoil go mbainfí ár gcuntas Flickr Commons 120 milliún amharc agus thart ar 77,500 trácht amach. Is staitistic iontach eile í líon na dtráchtanna sin — bunchomhartha rannpháirtíochta agus caidrimh leis an bpobal — lena ndírítear aird ar thiomantas ár leantóirí.

Aird a Dhíriú ar "An Triúr Máire"

Chun an cuimhneachán a chomóradh, d'iarramar ar an Triúr Máire trí íomhá a roghnú a léirítear bunús a saothair iontu. Roghnaigh siad grianghraif ina léirítear an chlisteacht, an comhoibriú agus an cor dea-chinniúna lena ndéantar cur síos ar ár n-aistear Flickr. Leis na híomhánna sin dírítear aird ar fhairsinge ár mbailiúcháin chomh maith le doimhneacht na rannpháirtíochta ónár bpobal, a ndearnadh cur síos go ceanúil orthu i mblagphostáil ó 2013 mar “Gan staonadh, achrannach (ar dóigh mhaith), iomaíoch, greannmhar — na bleachtairí foirfe.”

 

Roghnaigh gach duine den Triúr Máire an grianghraf is fearr leo ón mbailiúchán:

The Rileys, Cobh (formerly Queenstown), Co. Cork

The Rileys, Cobh (formerly Queenstown), Co. Cork, 8th May 1915

Na Rileys - A Tháinig Slán as Dul go Tóin Poill an Lusitania

"Is aoibhinn liom an t-íomhá seo mar nuair a bhí sé á phostáil agam bhí faoiseamh agus/nó tragóid le feiceáil i ngothaí an cheathrair. De réir mar a mhéadaigh líon na dtráchtanna, tháinig scéal dochreidte na lánúine agus a bpáistí chun solais. Ní foláir nó bhí sé chomh coscrach sin go raibh an mháthair scartha ó na páistí le linn na tarrthála."

Lady Waterford and baby

Lady Waterford and baby, 1898

Bean Uasal Phort Láirge agus leanbh

"Tá an grianghraf seo de Bhean Uasal Phort Láirge agus a céad duine clainne ó 1898, ar cheann de na grianghraif is fearr liom. Roghnaigh mé an ceann seo toisc go léirítear ann go raibh "fóta-eagarthóireacht" á dhéanamh sa ghrianghrafadóireacht breis i bhfad agus 100 bliain ó shin. Má dhéantar mionscrúdú air, is léir gur chaill Bean Uasal Phort Láirge roinnt orlach óna coim!"

Butcher's business in Cork

Butcher's business in Co. Cork, 1966

Seo grianghraf uaf-ae-sach...

"Fuaireamar an-chuid amach faoi ghnólacht an bhúistéara seo i gCorcaigh, agus sult á bhaint amach againn as roinnt imeartas focal iontach uaf-ae-sach feoil-bhunaithe. Agus sin an fáth gur aoibhinn liom an grianghraf seo. Déantar leis cur síos foirfe orainn – taighde dáiríre, agus sult á bhaint againn as."

Croí an Phobail

Tháinig athrú ar an pobal Flickr i gcaitheamh na mblianta, ach níor athraigh an díograis. Cé acu taighdeoirí neamheaglacha, bleachtairí grianghraif nó go simplí ár bpobal a dtugtar orthu, leanann siad orthu ionadh a chur orainn lena gcumas ainmneacha, dátaí, áiteanna agus comhthéacs stairiúil a aimsiú ó aon ghrianghraf amháin. Léirítear lena spiorad comhoibríoch agus lena saineolas na torthaí is fearr den mhéid is féidir a bhaint amach le rannpháirtíocht dhigiteach.

Ag Breathnú Chun Cinn

Agus an garsprioc sin á cheiliúradh againn, ba bhreá linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na saorálaithe agus le baill an phobail a rinne feiniméan ceart de chuntas Flickr Commons NLI. Le meascán uathúil grinn, tiomantais agus d'obair bhleachtaireachta, leanann an Triúr Máire agus ár bpobal Flickr orthu na scéalta laistiar de na híomhánna sin a aimsiú. Dá bharr sin, nascann siad sinn leis an am atá thart ar bhealaí atá géarchúiseach agus spraíúil araon.

Go rabhaimid ag comhoibriú agus i mbun fionnachtana go ceann deich mbliana eile!

Is féidir leat teacht ar leathanach Flickr Commons Leabharlann Náisiúnta na hÉireann anseo.