Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sa tóir ar chomhaltaí nua do Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Tá an Leabharlann ag lorg comhaltaí Boird a bhfuil taithí acu ar:
1. Scríbhneoireacht/Foilsitheoireacht/Cóipcheart.
2. Forbairt Páirtithe Leasmhara agus Deiseanna Gnó/Daonchairdeas.
3. Eolas ar chleachtas agus prionsabail na forbartha inbhuanaithe.
4. Rannpháirtíocht an phobail i dtaispeántais agus i bhfoghlaim.
5. Ábhar Digitghinte/Digitiú/Córais Faisnéise/Teicneolaíocht Dhigiteach/Caomhnú Digiteach.
6. Taithí ar an gCuntasóireacht/Airgeadas.
Is féidir leat iarratas a chur isteach ar an láithreán gréasáin StateBoards.ie. Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí 3pm, Dé Máirt, an 30 Eanáir 2024.