Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Malartú Cultúrtha á Cheiliúradh: Fóram Liteartha na Síne agus na hÉireann i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Dé Céadaoin, 24 Iúil 2024
The presentation of the Chinese translation of James Joyce’s Ulysses by Professor Xiangyu Liu from Beijing Normal University to Eoin McCarney, Head of Published Collections at NLI.

Professor Jiangnan Xie presents a Chinese translation of Ulysses  by Professor Xiangyu Liu to Eoin McCarney, Head of Published Collections at National Library of Ireland

Ar an 19 Iúil, rinne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann óstáil ar thoscaireacht de 36 acadóir Síneach faoi stiúir an Ollaimh Jiangnan Xie, Stiúrthóir Síneach Institiúid Confucius COBÁC, Ollscoil Renmin na Síne.

Bhí an chuairt seo mar chuid den Fhóram Idirnáisiúnta ar Mhalartú agus Forbairt Litríocht na Síne agus na hÉireann, a chothaíonn malartú cultúrtha agus liteartha.

Chuir an tOllamh Xie aistriúchán Sínise arna dhéanamh ag an Ollamh Xiangyu Liu den leabhar Ulysses le James Joyce i láthair Eoin McCarney, Ceann na mBailiúchán Foilsithe ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Thóg sé 20 bliain chun an tionscadal iomráiteach aistriúcháin seo a chur i gcrích agus leagann sé béim ar an dúthracht agus an meas mór atá ar shaothair Joyce sa tSín. 

Léiríonn an chuairt seo tiomantas leanúnach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann do chomhphlé idirnáisiúnta ar chúrsaí liteartha agus tuiscint chultúrtha a chur chun cinn.