Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Scéal ceilte de chuid Bram Stoker tugtha chun solais ag taighdeoir amaitéarach i gCartlanna NLI

Dé Sathairn, 19 Deireadh Fómhair 2024
photo of people with book

Director Dr Audrey Whitty and Brian Cleary

Tá gearrscéalta le húdar Dracula, Bram Stoker, tugtha chun solais i mbailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ag taighdeoir amaitéarach díograiseach.

Nocht díograiseoir Stoker, Brian Cleary, seoid speisialta i bhforlíonadh na Nollag 1890 d'eagrán Bhaile Átha Cliath den nuachtán Daily Express: an scéal “Gibbet Hill.” Níorbh eol an scéil do bheathaisnéisí ná do scoláirí liteartha Stoker fiú ar feadh os cionn 130 bliain.

Agus an taisce annamh seo faighte, dírítear aird ar thábhacht chnuasaigh NLI agus ar a n-acmhainn do thaighdeoirí tiomanta — dóibh siúd a oibríonn sa réimse acadúil san áireamh — maidir le fionnachtana ábhalmhóra a dhéanamh.

Cuireadh tús le haistear Brian Cleary nuair a chaith sé am in NLI chun an paisean atá aige do shaothar Bram Stoker a shásamh i ndiaidh dó caillteanas tobann éisteachta a fhulaingt agus i ndiaidh dó dul faoi obráid i gcomhair ionphlandú cochla. Le linn a thaighde, tháinig sé ar “Gibbet Hill,” ar gearrscéal é atá go huile agus go hiomlán ar iarraidh ó aon leabharliosta de chuid Stoker atá ann. Beidh an fhionnachtain chun tosaigh ag Féile Bram Stoker de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, áit a nochtfar don phobal den chéad uair é. 

Arsa an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir NLI, faoin bhfionnachtain:

“Mar Stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, is cuimhne cinn speisialta é an glao a fuair mé ó Brian le déanaí agus é ag rá liom, 'Tá rud thar na bearta faighte agam sa chartlann nuachtáin atá agaibh—ní chreidfidh tú é.' Tá cnuasaigh uathúla Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ina bhfuil 12 milliún mír á gcosaint againn, i gcroílár gach rud atá muid a dhéanamh. Tá fionnachtana suaithinseacha le haimsiú ach rochtain a fháil ar ár mbailiúcháin iomadúla, agus is scoth sampla de sin é an sárobair bleachtaireachta amaitéarach a rinne Brian.”

Is féidir leat leagan iomlán digiteach den fhorlíonadh ina raibh an scéal a léamh inár gcatalóg.
 

Gibbet Hill

Foilsítear an scéal caillte "Gibbet Hill" le Bram Stoker, údar iomráiteach Dracula, den chéad uair le os cionn 130 bliain anuas.

Áirítear leis an leabhar an scéal iontach faoin gcaoi a bhfuair Brian Cleary an gearrscéal, sliocht le beathaisnéisí de chuid Bram Stoker Paul Murray agus priontaí de phictiúir le healaíontóir Paul McKinley ar spreag an scéal iad. Tabharfar na fáltais uile ó dhíolachán an leabhair seo do Chiste Charlotte Stoker de chuid The Rotunda Foundation le haghaidh taighde ar chaillteanas éisteachta faighte a chosc i leanaí nuabheirthe leochaileacha.

Réamhordaigh an leabhar anseo 

stoker book
bram stoker logo