Tá saibhreas mór taithí ceannaireachta i réimse na n‑iarsmalann ag an Dr. Whitty, agus bainfidh sí leas as an taithí sin ina ról nua mar Stiúrthóir. Tá sí ina Leas-Stiúrthóir agus ina Ceannasaí Bailiúchán agus Foghlama ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ina Cathaoirleach ar Chumann Músaem na hÉireann i láthair na huaire, agus rachaidh sí i mbun a cúraimí nua sa Leabharlann Náisiúnta sa bhliain úr.