Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taisceadán Todhchaí Digiteach bronnta ag Teach Sunbeam ar NLI

Dé Máirt, 25 Feabhra 2025
Sunbeam house crowd with NLI Director Dr Audrey Whitty

25.02.25 – Tá bronntanas speisialta faighte ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ó Viewpoint, grúpa abhcóideachta laistigh de Sheirbhísí Theach Sunbeam.

Taifeadtar san fhíseán digitghinte, a taifeadadh in 2022, machnamh na mball ar an saol i rith phaindéim Covid-19 mar chuid de Thionscadal an Taisceadáin Tochdhaí, a raibh Scéim Deontais Chill Mhantáin Ildánach ag tacú leis.

Mar chuid den tionscadal seo tugadh le chéile scéalta, filíocht, amhráin agus saothar ealaíne, agus is taifead cumhachtach atá ann ar acmhainneacht agus ar chruthaitheacht i rith tréimhse dhochreidte. Ag labhairt ag an imeacht bronnta, tharraing Stiúrthóir NLI, an Dr Audrey Whitty, aird ar an suntas a bhaineann le guthanna éagsúla a chaomhnú, “Sa Leabharlann Náisiúnta, is é an misean atá againn stair na hÉireann, na gnéithe éagsúla ar fad den stair sin, a chaomhnú. Táimid bródúil go bhfuilimid in ann na guthanna seo—na scéalta pearsanta agus cumhachtacha seo—a chosaint do na glúnta amach anseo.”

Tá suíomh gréasáin Theach Sunbeam House á chartlannú ag NLI freisin, chun a chinntiú go mbeidh tionchar na heagraíochta á chaomhnú.

Gabhadh buíochas speisialta le baill Viewpoint, a bhfuil a nguthanna san áireamh i gcuimhne náisiúnta na hÉireann anois, agus le Eileen Kelly, ar thug na hagallaimh a rinneadh léi an bailiúchán chun beochta. Bhí ról lárnach ag Foireann Dhigiteach NLI sa bhronntanas seo a fháil. Chuir leaschathaoirleach Viewpoint, Ed Byrne, críoch leis an imeacht, agus leag sé béim an athuair ar an tábhacht a bhaineann leis na scéalta seo a chaomhnú do na glúnta amach anseo.