Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas taistil ‘Seamus Heaney Éist Anois Arís’ ar taispeáint in Ionad Schwartz do na hEalaíona Taibhiúcháin, Atlanta

Domhnach, 3 Márta 2024
Geraldine Higgins at a podium

Geraldine Higgins

Tá taispeántas taistil Seamus Heaney Éist Anois Arís de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ar taispeáint in Ionad Schwartz do na hEalaíona Taibhiúcháin, Atlanta. 

Tugann an taispeántas, a d’oscail i mí an Mhárta agus a bheidh ar siúl go dtí lár mhí Aibreáin, forbhreathnú do chuairteoirí ar thaispeántas clúiteach NLI ag Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath.

Tá síneadh curtha leis an taispeántas a bhfuil duaiseanna buaite aige a osclaíodh san ionad seo in 2018 go dtí deireadh 2025. Taispeántar ann cuid de na príomhdhéantáin ón ábhar ollmhór a bhronn buaitear Dhuais Nobel sa Litríocht ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Cuireann Coimeádaí an taispeántais Geraldine Higgins, Ollamh Comhlach le Béarla, agus Stiúrthóir Chlár an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Emory fáilte roimh an taispeántas taistil go Atlanta, Georgia anois.

Tá an taispeántas seo ag tarlú ag an am céanna le Léachtaí Richard Ellmann. Ba é Seamus Heaney a thug an chéad léacht Ellmann in 1988. Bhí Richard Ellmann ina Léirmheastóir agus ina Bheathaisnéisí Meiriceánach ar go leor scríbhneoirí Éireannacha, a bhfuil cáil air as a shaothar ceannródaíoch ar William Butler Yeats. Tá an tOllamh Higgins ina stiúrthóir ar an tsraith seo le seacht mbliana anuas agus déanann an taispeántas seo comóradh 10 mbliana ar bhás Heaney. In éineacht le taispeántas NLI, tá na nótaí ón gcéad léacht Richard Ellmann sin ar taispeáint ag Ollscoil Emory in éineacht le míreanna eile ó Leabharlann Rose.

Bhí an-áthas ar Geraldine Higgins an taispeántas taistil a óstáil, mar go bhfuil nasc chomh maith aige le téama Léachtaí Ellmann na bliana seo, ‘Writing Lives’. Déantar breithniú sna léachtaí 'ar an ngaol idir an ealaín, an saol agus an scríbhneoireacht i bhfoirmeacha agus i gcomhthéacsanna éagsúla.’ Is iad an file Meiriceánach Natasha Trethewey agus an scríbhneoir Éireannach Fintan O’Toole cainteoirí oirirce na bliana seo.

Don Choimeádaí, tugann an taispeántas taistil tuiscint do dhaoine go bhfuil baint acu le hÉirinn, agus spreag sí daoine chun cuairt a thabhairt ar an taispeántas dá mbeidís i mBaile Átha Cliath amach anseo. Labhair sí ar na naisc láidre idir Seamus Heaney, Ollscoil Emory, agus Éire.

Tá saorchead isteach agus bíonn an taispeántas ar oscailt ó 9am-6pm, ó Luan go hAoine.

Man staring at banner exhibition