Agus é maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) agus ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), táthar ag féachaint in RePEAT le teacht ar bhealaí chun déine bainistíochta tailte portaigh in Éirinn a laghdú. Tá tailte portaigh ar na stórais agus linnte carbóin is tábhachtaí ar domhan. Nuair a dhéantar iad a dhraenáil, áfach, déantar astaírí carbóin de thailte portaigh. Nuair a tharlaíonn a leithéid, is gníomhaithe láidre den athrú aeráide iad. In Éirinn, tá athruithe stairiúla ar éiceachórais tailte portaigh mar thoradh ar an draenáil mhíntíriúcháin ar cheann de na cúiseanna is mó taobh thiar den mhéid mór atá curtha in earnáil na feirmeoireachta le hastaíochtaí gás ceaptha teasa in Éirinn. Má dhéantar iad a athchóiriú, seans go mbeifear in ann ról tailte portaigh mar stórais agus linnte carbóin a thabhairt ar ais dóibh. Sa sainmhíniú atá le fáil sa doiciméad Plean Gnímh don Aeráid 2021 ó Rialtas na hÉireann, deirtear gur beart fíorthábhachtach atá san athchóiriú móna má táthar le sprioc na tíre a bhaint amach le bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050.
Má táimid chun saol a ullmhú amach anseo ina mbeidh tailte portaigh na hÉireann ina gcuidiú don mhaolú ar an athrú aeráide, tá orainn súil a chaitheamh siar ar an am atá thart. Sa bhliain 1809, bhunaigh parlaimint na Breataine Coimisiún le suirbhé uaillmhianach a dhéanamh ar scóip, nádúr agus doimhneacht thailte portaigh na hÉireann agus le slite a mholadh chun iad a dhraenáil. An ghéarchéim acmhainní le linn Chogaí Napoléon ba chúis leis an tionscadal. B’in a spreag spéis rialtas na Breataine ‘talamh gan rath’, dar leis an rialtas sin, a aistriú go mbeadh talamh táirgiúil talmhaíochta ann a fhreastalódh ar riachtanais na himpireachta. Bhí an aidhm sin neadaithe i ndioscúrsa ní ba leithne a bhain le ‘feabhsú’ ina bhfeictí Éirinn mar áit a bhí neamhshibhialta agus fiáin agus inar moladh gur chóir talmhaíocht, oideachas agus an geilleagar sóisialta a fhorbairt i gcomhréir leis na prionsabail eolaíochta agus mhorálta a bhí ag scothaicme na linne sin. Chuir Coimisiún na bPortach léarscáileanna cuimsitheacha agus tuarascálacha scríofa ar fáil, ach níor cuireadh na pleananna draenála i ngníomh. Baineadh úsáid cheart as na léarscáileanna agus na tuarascálacha, áfach, i dtionscadail ina dhiaidh sin a bhain le tailte portaigh na hÉireann ‘a fhorbairt’. Nuair a cuireadh de chúram ar Bhord Taighde Breosla na Breataine taighde a dhéanamh ar acmhainneacht na bportach leictreachas a ghiniúint, thagair siad siar sa bhliain 1917 d’obair Choimisiún na bPortach. Agus Bord na Móna á chur ar bun, a thionscain cuid den obair ba shuntasaí i bportaigh na hÉireann, rinneadh tagairt arís do na léarscáileanna agus tuarascálacha mar fhoinse iontaofa ina raibh mioneolas ar fhairsinge agus nádúr thailte portaigh na tíre. Ar a bharr sin, bunphrionsabal faoi stair na talmhaíochta comhaimseartha in Éirinn ab ea timpeallachtaí tailte portaigh a athchóiriú go mbeadh talamh curaíochta nó féarthailte iontu. D’fhág sé sin gur cailleadh méid mór millteach d’éiceachórais iomlána tailte portaigh.
Is don mhalairt feidhme a bhaintear feidhm as léarscáileanna Choimisinéirí na bPortach sa tionscadal RePEAT. Forbraíodh na léarscáileanna i dtús báire le go bhféadfaí tailte portaigh na hÉireann a dhraenáil. Is féidir iad a úsáid anois le fairsinge bonnlíne na dtailte portaigh in Éirinn a shamhaltú sula ndearnadh cuid mhór acu a dhraenáil chun an fheirmeoireacht a leathnú nó sular aistríodh iad ina láithreáin bainte móna a bhí le saothrú ar chúiseanna tionsclaíocha. Tá na léarscáileanna seo dochreidte cruinn, agus tá digitiú na léarscáileanna mar chéim ríthábhachtach chun iad a úsáid i dteannta sonraí reatha maidir le húsáid na talún. Fágann sé sin gur féidir linn limistéir thalmhaíochta na linne seo atá suite ar ithir mhóna a aimsiú agus plé a dhéanamh ar bhealaí le hiad a athchóiriú. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann áit stórála ar fáil le haghaidh na léarscáileanna lámhscríofa bunaidh. Chuidigh an Leabharlann go fial le tionscadal RePEAT chun léarscáileanna roghnaithe Choimisinéirí na bPortach a dhigitiú. Beidh an iarracht sin fiúntach fiú nuair a bheidh tionscadal RePEAT thart. Is féidir na léarscáileanna a léamh agus a úsáid ar neart bealaí. Tá flúirse eolas geografach le fáil iontu a bheadh úsáideach ag staraithe lonnaíochta, iompair nó trádála. Bheadh na léarscáileanna seo mar eiseamláir ag staraithe an léarscáilithe maidir leis an déanamh eolais agus an scriosadh i ré na himpireachta. Beidh sé mar thoradh ar dhigitiú na léarscáileanna go mbeidh teacht ag an bpobal ar an mbailiúchán seo de léarscáileanna stairiúla nach raibh eolas air roimhe seo. San am céanna, forbrófar bonneagar taighde a rachaidh chun tairbhe do scoláirí amach anseo. Má táimid chun teacht ar bhealaí leis na dúshláin atá romhainn anois ó thaobh athrú aeráide de a réiteach, caithfimid a bheith cruthaitheach agus leas a bhaint as gach acmhainn atá againn. Seoid den eolas stairiúil ar stair éiceolaíoch na hÉireann atá i dTuarascálacha Choimisinéirí na bPortach agus d’fhéadfaidís a bheith mar chuidiú againn dul i ngleic leis an dúshlán sin.
Téacs leis an Dr Katja Bruisch agus le Lily Toomey