Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Scoil Scairte NLI/Stair Éireann An tArdeaspag John Charles McQuaid—athmheasúnú

Podchraoladh nua ar fáil

Dé hAoine, 7 Aibreán 2023
Portráid aorach de John Charles McQuaid

Lest We Forget le Robert Ballagh (le caoinchead ón ealaíontóir)

Bhí John Charles McQuaid, ardeaspag Bhaile Átha Cliath ó 1940 go 1972 agus fear mór de chuid na hEaglaise Caitlicí nuair a bhí sé i mbarr a réime, cáiliúil (nó clúiteach) as cur i gcoinne na Scéime Máithreacha agus Leanaí a mhol an tAire Sláinte Noel Browne. Níl mórán aithne ar a shaothar ceannródaíochta maidir le leas na n-eisimirceach Éireannach sa Bhreatain ná ar a thionchar ar ailtireacht agus ar phleanáil Bhaile Átha Cliath.

Sa phodchraoladh is déanaí seo inár sraith NLI History Ireland Hedge School, bí i dteannta eagarthóir History Ireland, Tommy Graham, i mbun comhrá le Brian Harvey (taighdeoir sóisialta), Mary Kenny (The way we were: Catholic Ireland Since 1922), David McCullagh (beathaisnéisí Eamon de Valera), agus Ellen Rowley (staraí ailtireachta).

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo