Cuir aithne ar an mBord
Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna Bhord na Leabharlainne Náisiúnta:
“ábhar atá i mbailiúchán na Leabharlainne Náisiúnta a chaomhnú, a athchóiriú, a chothabháil agus a mhéadú ar mhaithe leis an bpobal agus taifead ar ábhar leabharlainne a bhaineann le hÉirinn (lena n‑áirítear ábhar a bhaineann leis an nGaeilge) a bhunú agus a choimeád agus rochtain éigin a thabhairt do bhaill den phobal ar ábhar a bhaineann le tíortha eile.”
Maidir leis an mBord
Bíonn dháréag comhaltaí ar Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus ceapaí na foirne.
Ceapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán deichniúr de chomhaltaí an Bhord tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi chomhaltaí an Bhoird agus faoi théarmaí an Bhoird anseo.
Is ón Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997 a thagann bunús dlí an Bhoird.
Comhaltaí an Bhoird
Oileadh Eoin McVey ina chuntasóir sula ndeachaigh sé isteach san Irish Times mar iriseoir airgeadais. D’fhan sé leis an nuachtán agus bhí sé ina Stiúrthóir agus ina Eagarthóir Bainistíochta le himeacht na mblianta. Ceapadh ina chathaoirleach ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann é in 2021. Tá sé ina stiúrthóir ar Theach Mhichíl agus ina leaschathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Airgeadais atá acu. Is comhalta de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca an Gharda Síochána é, leis. Is iarchomhalta é de Bhord Chomhairle Preasa na hÉireann, an RDS agus RTÉ.
Is é an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe.Tá BComm bainte amach aige óna ollscoil féin, chomh maith le PhD sa Chuntasaíocht ó Ollscoil Leeds sa Ríocht Aontaithe. D’oibrigh sé i róil ceannaireachta acadúla sa Nua-Shéalainn, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.Is eisean a bhrúigh straitéis nua Ollscoil na Gaillimhe don tréimhse 2020-2025 “Shared Vision, Shaped by Values” chun cinn, áit a leagtar amach treo agus tosaíochtaí na hOllscoile bunaithe ar cheithre chroíluach. Is iad na luachanna sin meas, sármhaitheas, oscailteacht agus inbhuanaitheacht, agus tá sé ag obair as lámha a chéile leis an bhfoireann, leis na mic léinn, le páirtithe leasmhara seachtracha agus le lucht bainistíochta na hOllscoile leis an gcéad phlean straitéiseach eile a fhorbairt.
Is staraí cultúrtha í an Dr. Marie Bourke. Bhí sí ina coimeádaí agus ina Ceannasaí Oideachais ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann tráth. Tá an-chuid foilseachán scríofa aici, amhail The Story of Irish Museums 1790-2000 (Cló Ollscoile Chorcaí, 2011, 2013). Bhí sí ina coimeádaí ar an thaispeántas ‘For the Love of Art – Frederic William Burton’ do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ar na mallaibh. Is measúnóir de chuid Chlár Caighdeán Músaem na Comhairle Oidhreachta í agus tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Ealaíon an RDS. Is comhalta í ar Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chomh maith.
Is Ollamh Iomlán i Léann na Faisnéise agus Cumarsáide í Kalpana Shankar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá beagnach tríocha bliain de thaithí aici ag déanamh taighde agus ag teagasc i Léann na Leabharlannaíochta agus na Faisnéise.Áirítear lena saineolas eagraíochtaí agus bonneagair faisnéise, bainistíocht sonraí taighde, agus beartas eolaíochta. Tá sí ar bhoird eagarthóireachta the Journal of the Association of Information Science and Technology (JASIST), ceann de na hirisí is mó le rá i réimse na heolaíochta faisnéise, agus the Journal for Responsible Computing. D’fhóin sí freisin i róil chomhairleacha agus shaineolaíocha leis an bhFóram Taighde Oscailte Náisiúnta, le Coiste Trasghearrtha Athena Swan an Údaráis um Ard-Oideachas, agus go leor eile.
D’oibrigh Lorelei Harris ar feadh na mblianta mar Eagarthóir Ealaíon, Gnéchlár agus Drámaíochta do RTÉ Raidió 1 agus mar Cheannaire Ealaíon agus Straitéise Cultúrtha RTÉ. Is gairmí sna meáin chraolta í a bhfuil neart taithí aici, chomh maith le saineolas agus tuiscint dhomhain ar an raidió. Is déantóir clár faisnéise í atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a bhfuil duaiseanna buaite aici. Bhunaigh agus d’fhorbair sí an ‘Documentary on One’, clár a bhfuil clú agus cáil air anois, agus chuir oiliúint ar na glúnta de dhéantóirí clár faisnéise in Éirinn. Bhí baint aici le hAontas Craolacháin na hEorpa leis na blianta, agus í ina Cathaoirleach ar an nGrúpa Clár Faisnéise Raidió. Tá an-taithí aici ar fhorbairt agus bainistíocht imeachtaí poiblí, agus ar cheann de na buaicphointí a bhí aici ina leith sin bhí Reflecting the Rising – ócáid mhórscála phoiblí agus chraolta a chuir RTÉ ar siúl siar in 2016. Léiritheoir agus bainisteoir cultúrtha ardoilte í, agus tá an-eolas aici ar an bhforbairt comhpháirtíochta agus ar an bpleanáil straitéiseach, mar aon le réimsí áirithe den rialachas agus den idirbheartaíocht conarthaí. Ó d’fhág sí RTÉ, tá sí ag obair go neamhspleách agus ina comhalta boird d’Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh agus d’Ionad Tyrone Guthrie.
Tá os cionn 30 bliain de thaithí ag Michael Diviney, lena n-áirítear 20 bliain ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí, san fhoilsitheoireacht chlóite agus dhigiteach, agus sna meáin, áit a ndearna sé sainfheidhmiú ar na margaí gairmiúla, gnó agus oideachais tríú leibhéal. Sa ról atá aige faoi láthair, tá an tUasal Diviney ina Cheann Feidhmiúcháin ar an gCeannaireacht Smaointeoireachta ag Chartered Accountants Ireland, áit a raibh sé i gceannas ar an Rannóg Foilsitheoireachta tráth.D’oibrigh sé freisin do Thomson Reuters Round Hall, RTÉ, agus Reed Business Information. Is céimí é de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (Litríocht an Bhéarla) agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Bainistíocht agus Dlí), agus áirítear lena chuid saincháilíochtaí agus taithí leathan an rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, an dlí maoine intleachtúla, an bhainistíocht tionscadal, an digitiú, agus Dioplóma Gairmiúil sa Rialachas Corparáideach ó COBÁC.
Scríbhneoir, údar, agus ginealaí é John Grenham. Bhí sé ina bhainisteoir tionscadail le Tionscadal Ginealais na hÉireann ó 1991 go 1995 agus d’fhorbair a bhogearraí ginealais féin, ‘Grenham’s Irish Recordfinder’, ina dhiaidh sin. In 2005, bhí sé ar an gcéad Ghinealeolaí Cónaithe riamh i Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath. Bronnadh comhaltacht i gCumann Taighde Ginealais na hÉireann air in 2007, comhaltacht i gCumann Ginealais na hÉireann in 2010 agus comhaltacht i nGinealeolaithe Creidiúnaithe na hÉireann (AGI) in 2021. Scríobh sé Tracing your Irish Ancestors (5ú eag. Baile Átha Cliath, Baltimore MD, 2019) an treoirleabhar tagartha caighdeánach maidir le ginealas na hÉireann, The Atlantic Coast of Ireland (2014), Clans and Families of Ireland (1995), agus An Illustrated History of Ireland (1997), i measc saothair eile. Tá bunachair sonraí oidhreachta forbartha ag John i gcomhar le Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath agus le Cartlann Náisiúnta na hÉireann. Faoi láthair, déanann sé láithreán gréasáin maidir le sinsearacht Éireannach a bhainistiú agus a choimeád.
Tá Lisa ag stiúradh cláir sa bhainistíocht sócmhainní digiteacha (DAM), sa tacsanomaíocht, agus san ábhar fiontair sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip ó lár na 1990idí do chuideachtaí, iarsmalanna, agus cartlanna, idir bheag agus mhór, lena n-áirítear Nature Publishing Group, Coláiste Ollscoile Leighis Drexel, Elsevier, GSK, Amazon agus go leor eile. D’oibrigh sí mar úinéir táirge DAM, oiliúnóir, agus riarthóir inmheánach ar thaobh an díoltóra, agus mar chomhairleoir neamhspleách agus corparáideach araon. Múineann sí freisin ar an gClár Teastais DAM in Ollscoil Rutgers.
I measc na ról a bhí aici le déanaí tá post mar Chomhairleoir Feidhmiúcháin ag ICP, Stiúrthóir Domhanda sa DAM ag Novartis agus Leasuachtarán DAM ag Digizuite. Tá céimeanna BA agus MA aici sa tSeandálaíocht ó Ollscoil Boston agus ó Choláiste Ollscoile Londain faoi seach, agus MS-LIS ó Ollscoil Long Island. Is scríbhneoir, cainteoir agus podchraoltóir rialta í laistigh agus lasmuigh den raon DAM. Is i mBaile Átha Cliath, Éire atá sí ag cur fúithi faoi láthair.
Rugadh an Dr. Brian Lang CBE, FRSE i nDún Éideann na hAlban agus is ann a fuair sé a oideachas. Rinne sé taighde antraipeolaíoch sóisialta sa Chéinia sula ndeachaigh sé i mbun léachtóireachta ar feadh roinnt blianta in Ollscoil Aarhus, an Danmhairg. Bhunaigh sé Ciste Cuimhneacháin na hOidhreachta Náisiúnta i Londain agus ba eisean an chéad stiúrthóir ar an gcomhlacht. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina Stiúrthóir Gnóthaí Poiblí don Iontaobhas Náisiúnta. Ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach agus ina Leaschathaoirleach ar Leabharlann na Breataine é in 1991, áit ar chinntigh sé gur críochnaíodh ceannáras nua na Leabharlainne ag St Pancras i Londain go rathúil. Ó 1992 go 2000, bhí sé ina chathaoirleach ar Fhóram Leabharlanna Náisiúnta na hEorpa. Sa bhliain 2000, ceapadh é ina Uachtarán agus ina Leas-Seansailéir ar Ollscoil Chill Rìmhinn in Albain. Bhí an Dr. Lang ina chathaoirleach agus ina chomhalta ar bhoird mórchomhlachtaí oidhreachta, leabharlainne agus ealaíon, leithéidí Ciste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, Músaeim Náisiúnta na hAlban agus Ceolfhoireann Náisiúnta Ríoga na hAlban.
Tá Caitriona Sharkey ina Ceannaire Foghlama agus Eolais le Accenture Legal. Bhí róil chomhchosúla aici in EY roimhe seo, agus tá os cionn 25 bliain de thaithí aici ag obair i róil feidhmiúcháin sa bhainistíocht foghlama agus eolais. Is céimí í de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (Gnó), agus is Leabharlannaí cáilithe í a bhfuil céimeanna máistreachta aici sa Bhainistíocht Straitéiseach agus san Iompraíocht Eagrúcháin araon. Bhí sí ina léachtóir sa Bhainistíocht agus san Eolaíocht Leabharlainne ag Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath freisin. Sular thosaigh sí ar bhord na Leabharlainne Náisiúnta, bhí sí ar Bhord Ospidéal Beaumont.
Rinne Genevieve Wyeth staidéar ar an Eacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular thug sí faoi Dhioplóma Iarchéime sa Chuntasaíocht ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is Comhalta Cuntasóra Cairte í de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn, tar éis di a cáilíocht a bhaint amach agus í ag obair do KPMG. Chaith sí 18 mbliana ag Fyffes, Fyffes cpt roimhe seo, agus róil éagsúla aici. Bhí sí ina Leasuachtarán Sinsearach ar an Airgeadas Corparáideach leis an gcuideachta ó 2008 go 2021, agus í freagrach as cumaisc agus éadálacha domhanda agus as cúrsaí oibriúcháin. Tugann sí comhairle do bhoird éagsúla ar chúrsaí corparáideacha agus ar chúrsaí réadmhaoine. Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin í de chuid Ionad Cúraim Leanaí Thamhlachta, áit a bhfuil sí ina Cathaoirleach ar an gCoiste Airgeadais agus ina hiar-chomhalta den Choiste Rialachais. Ina theannta sin, is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin í de chuid Deli Lites Ireland, déantúsóir bianna fuaraithe, reoite agus teochta chomhthimpeallaigh a bhfuil gradaim buaite aige, a sholáthraíonn táirgí do mhiondíoltóirí, gnóthais seirbhíse bia agus comhpháirtithe taistil in Éirinn agus sa RA.
Rúnaíocht an Bhoird
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rúnaí an Bhoird ach ríomhphost a chur chuig
boardandcommittees@nli.ie.
Tuilleadh eolais
• Faisnéis Chorparáideach
• An tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997
• Straitéis na Leabharlainne Náisiúnta, 2022-2026