Scoláireachtaí agus Intéirneachtaí
Gach bliain, cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann líon teoranta scoláireachtaí agus intéirneachtaí ar fáil d’iarratasóirí oiriúnacha.
Déanann ár mic léinn obair agus taighde chun tacú leis an obair a dhéanann NLI i réimsí éagsúla.
Bhí NLI ag obair i gcomhpháirtíocht le roinnt comhlachtaí agus eagraíochtaí ó cuireadh tús leis an gclár in 1999. Tá ról lárnach ag Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD, Scoil na Staire in UCD, Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann agus Comhairle Oidhreachta na hÉireann maidir leis an deis luachmhar seo a chur ar fáil gach bliain.
Is poist íoctha iad na scoláireachtaí agus na hintéirneachtaí linn, a bhíonn ar fáil go hiondúil gach bliain i mí Dheireadh Fómhair, ar feadh tréimhse 12 mhí.
Is deis iontach iad do mhic léinn agus d’intéirnigh chun forbairt a dhéanamh ar an ngairm bheatha a bhfuil siad dírithe uirthi. Ó 1999 i leith, tá tacaíocht tugtha ag NLI do níos mó ná 70 mac léinn ar bronnadh na scoláireachtaí sin orthu nó a bhí ag gabháil do na hintéirneachtaí.
Bronntar scoláireacht leabharlainne NLI ar chéimí ar mian leis nó léi taithí a fháil ar an obair leabharlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leabharlannaíocht. Cabhraíonn Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Is é scoláireacht leabharlainne NLI an príomhbheart a dhéanann NLI chun cur leis an leabharlannaíocht in Éirinn.
Bronntar scoláireacht chartlainne NLI ar chéimí atá ag iarraidh taithí a fháil ar obair chartlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leánn cartlainne. Cabhraíonn Scoil na Staire in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Faigheann an scoláire taithí phraiticiúil ar obair chartlainne, lena n-áirítear scileanna agus oiliúint ar cuid bhunúsach iad den obair a dhéanann cartlannaí gairmiúil.
Bronntar scoláireacht taighde NLI ar scoláirí iarchéime a bhíonn ag déanamh staidéar ar stair na hÉireann. Tugann Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann cúnamh dúinn leis an bpróiseas trína roghnaítear na faighteoirí. Bíonn an deis ag daoine a fhaigheann an scoláireacht sin teacht ar thuiscint dhomhain ar an obair a dhéanann NLI, agus eolas a chur ar na bailiúcháin uathúla atá faoi chúram NLI. Cuireann a gcuid oibre go mór le tuiscint eolach ar an ról atá ag NLI i bpobal taighde na hÉireann.
Ina theannta sin, cuirimid intéirneacht sa chaomhnú ar fáil i gcomhpháirtíocht le Comhairle Oidhreachta na hÉireann.
Cleachtas stiúideo agus taighde araon atá i gceist leis an intéirneacht, agus is cuid í de thiomantas na Comhairle Oidhreachta an dea-chleachtas a chur chun cinn i dtaobh an chaomhnaithe in Éirinn. Roghnaítear duine a bhain céim amach le déanaí i gclár oiliúna aitheanta maidir le caomhnú leabhar agus/nó páipéar, agus bíonn an té sin ag obair in éineacht le caomhnóirí a bhfuil taithí acu i stiúideo caomhnaithe NLI, agus iad ag plé le bailiúcháin éagsúla as measc bailiúcháin lámhscríbhinní, ábhar clóite agus físábhar NLI. Spreagtar an t-intéirneach chun saothar a fhoilsiú agus a chur i láthair luchtanna féachana éagsúla.