Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cúrsa ar Ard-Fhoinsí sa Ghinealas

Chun clárú, seol ríomhphost chuig genealogycourse@nli.ie
Dáta Gach Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair - 11 Nollaig | 2.15-4pm
Suíomh Ar líne ar Zoom
Catagóir Cúrsa
Praghas €100
Dáta Gach Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair - 11 Nollaig | 2.15-4pm
Suíomh Ar líne ar Zoom
Catagóir Cúrsa
Praghas €100
Black and while photograph of a group of adults and children.

Wardenstown House, County Westmeath (NLI, MS 51,572/162)

Ar Líne

Cúrsa Ginealais a mhairfidh ocht seachtaine le múinteoir Sean Murphy.

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an Cúrsa ar Ard-Fhoinsí sa Ghinealas á óstáil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an fómhar seo, le Múinteoir Sean Murphy. Beidh an cúrsa seo ar líne ar Zoom gach tráthnóna Dé Céadaoin ar feadh 8 seachtaine ó 2.15-4pm, ón 23 Deireadh Fómhair ar aghaidh agus ag críochnú ar an 11 Nollaig.

De bharr gur ardchúrsa is ea é seo, ba cheart gach rannpháirtí a bheith tar éis freastal ar an mBunchúrsa Ginealais le Sean Murphy roimhe seo, más féidir.

Tá sé mar aidhm ag an gCúrsa ar Ard-Fhoinsí sa Ghinealas scoláirí a threorú maidir le húsáid na n-ard-fhoinsí ginealais amhail inscríbhinn chuimhneacháin, uachtanna, gníomhais, bailiúcháin lámhscríbhinní de chuid na hOifige Ginealais agus de chuid na Leabharlainne Náisiúnta, nuachtáin, eolairí, taifid ghairme/Seirbhíse agus Páipéir na nEastát Talún, etc.

Faoi dheireadh an chúrsa, ba chóir go bhféadfaidh na scoláirí na hardfhoinsí sin a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh ar stair a dteaghlaigh féin, nuair is iomchuí, agus go háirithe chun taighde a dhéanamh ar theaghlaigh níos saibhre. Moltar do gach scoláire punann a thiomsú ina bhfuil taifid agus nótaí faoi stair an teaghlaigh roghnaithe.

Is é €100 táille an chúrsa agus níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun clárú don chúrsa, seol ríomhphost chuig genealogycourse@nli.ie.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil linn ag genealogycourse@nli.ie.