Taispeántas ar líne | Sínitheoirí
![Cóip d’Fhorógra Phoblacht na hÉireann](/sites/default/files/styles/image_with_caption_small/public/2022-11/rsz1.-ee_c_exhibition_online_signatories-of-the-proclamation-of-the-irish-republic-1.jpg?h=5465a9ea&itok=bkSnxEZ3)
Poblacht na hÉireann - Cóip d’Fhorógra Phoblacht na hÉireann (EPH G102)
Ba phointe cinniúnach i stair na hÉireann é Éirí Amach 1916. Sa taispeántas ar líne seo, faigh tuilleadh eolais faoi na fir a shínigh an Forógra trí ghrianghraif, litreacha agus earraí inbhailithe.
Ar Luan Cásca 1916, tráth a raibh Éire mar chuid lárnach de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, d’fhógair seachtar fear Éireannach bunú Phoblacht na hÉireann, agus iad féin á n-ainmniú mar rialtas sealadach aici. In éineacht le 1,600 leantóir nach raibh mórán arm acu, chuir siad fúthu i bhfoirgnimh fheiceálacha i mBaile Átha Cliath. Faigh amach cad a tharla ina dhiaidh sin agus an tionchar a bheadh aige ar réabhlóid na hÉireann.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie