Acmhainn In-íoslódáilte | Turasóireacht a Thuiscint
Tar éis bhunú an tSaorstáit agus isteach i lár na fichiú haoise, bhí díospóireachtaí ann faoin gcaoi ar chóir Éire a léiriú agus a chur chun cinn – reáchtáladh na díospóireachtaí seo i mórán réimsí, an ealaín agus an turasóireacht ina measc. Sna 1950í, tháinig fás ar an turasóireacht go hÉirinn mar ábhar suime náisiúnta agus rialtais.
Tabharfaidh an ghníomhaíocht seo tús eolais do dhaltaí ar ghníomhaíochtaí anailíse físiúla trí thagairt do phóstaeir a dearadh don fhéile ‘An Tóstal’, mar aon le saothar leis an dearthóir ón Ísiltír Pieter Sluis arbh aidhm leis Éire chun cinn mar cheann scríbe taistil.
Íoslódáil an pdf anseo.
Tá treoir do mhúinteoirí curtha ar fáil againn freisin le haghaidh na gníomhaíochta seo. Is féidir leat teacht uirthi sin anseo.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie