Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cartlann Bronnta ag Cherish ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Fáilte curtha ag NLI roimh an gcartlann thábhachtach seo, atá le cur leis an mBailiúchán Náisiúnta

Dé Luain, 24 Aibreán 2023
Bean ag labhairt d’ardán agus seilfeanna leabhar sa chúlra

An Dr. Audrey Whitty ag labhairt ag an imeacht i dtaca le cartlann Cherish, 24.04.2023.

Ba mhór an onóir do Stiúrthóir NLI, an Dr. Audrey Whitty, imeacht a óstáil lena cheiliúradh go raibh cartlann Cherish faighte don Bhailiúchán Náisiúnta.

Tá ábhar sa chartlann ón am ar bunaíodh Cherish sna 1970idí go dtí go luath sna 2000idí agus tugann sí léargas dúinn ar an saol agus ar na dúshláin a bhí ag teaghlaigh aontuismitheora san am sin.

Níorbh aon dóithín é a bheith i do thuismitheoir aonair siar in Éirinn na 1970idí. Níor thug an stát tacaíocht ar bith do mháithreacha neamhphósta agus ní raibh cearta oidhreachta acu siúd a rugadh lasmuigh de chuing an phósta. Ní raibh ach sé mhí ag bean ó am breithe an linbh le cothabháil a lorg ón athair agus ní bhfuair cuid mhaith máithreacha aonair aon tacaíocht óna muintir. Níos measa fós, tugadh bata agus bóthar dóibh óna mbaile agus óna bpost i gcuid mhaith cásanna. Bhí cúrsaí tithíochta, bochtaineacht agus cothabháil ina n-údar mór imní do mháithreacha aonair ag an am.

Chuir grúpa beag máithreacha aonair Cherish ar bun sa bhliain 1972 d’fhonn comhairle agus faisnéis a chur ar fáil do mhná aonair le linn toirchis agus ina dhiaidh. D’eascair an eagraíocht as cruinnithe neamhfhoirmiúla a reáchtáladh i dteach Maura O’Dea i gCamaigh tar éis dóibh glao oscailte a chur i roinnt nuachtáin náisiúnta inar iarradh ar mháithreacha aonair eile dul i dteagmháil leo. 

A woman giving a speech in front on a blue banner and bookshelves

Karen Kiernan, Príomhfheidhmeannach One Family (roimhe Cherish).

I dtús báire chuir bunaitheoirí Cherish tacaíocht phraiticiúil ar fáil go díreach do mhná a bhí i ngátar, ach d’fhonn is go mbeadh iontaoibh ag an bpobal as an eagraíocht a bhí ag fás agus ag féachaint lena cumas a fhorbhairt, níorbh fhada gur fhostaigh siad roinnt oibrithe sóisialta a raibh cáilíochtaí agus taithí acu. Ba í Mary Robinson an chéad uachtarán ar Cherish agus d’fhan sí ina cathaoirleach ar an eagraíocht go dtí 1991, tráth a raibh sí ar an gcéad bhean riamh a ndearnadh Uachtarán na hÉireann di. Tá tuilleadh eolais faoi stair Cherish agus One Family le léamh anseo.

Three women standing next to a poster on a easel and one holding a black and white photography

Karen Kiernan, One Family, Ivana Bacik, TD, agus  An Dr. Audrey Whitty, NLI.

Ag freastal di ar fháiltiú ceiliúrtha in oifig Stiúrthóir NLI/Seomra an Bhoird, bhí an méid seo le rá ag Mary Kerrigan, bunaitheoir brainse an Chláir/Luimnigh de Cherish: “D’ainneoin go raibh mé i mo mháthair neamhphósta sna 1970í agus go raibh daoine áirithe sa tsochaí anuas orm dá bharr sin, b’fhéidir go gceapann siad anois gur duine an-tábhachtach mé mar go bhfuil taifid Cherish i gcartlann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.”

Ag labhairt dóibh ag an imeacht thar ceann NLI, leag an Dr. Whitty agus Ciara Kerrigan ó Rannóg na mBailiúchán Speisialta béim ar a thábhachtaí atá sé an chartlann seo a fháil agus guthanna faoi thearcionadaíocht i sochaí na hÉireann a bhailiú agus a thaifeadadh.

Tagann an t-ainm “Cherish” ón mian a luaitear i bhForógra 1916 go ndéanfadh an tsochaí “comhchúram do chlainn uile an náisiúin” (cherish all the children of the nation equally). In 2004 d’athraigh an charthanacht a hainm go “One Family” chun bheith ina léiriú níos leithne ar theaghlaigh aontuismitheora in Éirinn. 

Tá an phreaseisiúint iomlán le fáil anseo.

Woman sitting at a table smiling with vase of flowers in foreground

Mary Kerrigan, bunaitheoir brainse an Chláir/Luimneach de Cherish

Fógra ó NLI maidir le hAthrú Rialtóra

Is mian le NLI daoine a chur ar an eolas faoi athrú rialtóra i dtaca le cáschomhaid stairiúla Chomhairleoireachta agus Chomhfhreagrais dar dáta idir 1974 agus 2004 atá faighte ón eagraíocht Cherish (One Family a thugtar air anois). Táthar tar éis na comhaid sin a aistriú go Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (an Rialtóir nua) mar chnuasach dúnta chun críocha cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail. Má bhíonn ceist ar bith agat maidir leis na comhaid sin nó an t-aistriú, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le dataprotection@nli.ie.