In Inis, Co. an Chláir, a rugadh Bernárd Lynch agus oirníodh ina shagart é in 1971. Chaith sé a shaol leis an gcúram tréadach agus le habhcóideacht ar son chearta an duine sa phobal LGBTI+ i Nua-Eabhrac agus i Londain. Bhain sé clú amach le linn eipidéim VEID/SEIF, tráth a raibh sé ag obair go díreach leis na pobail ar chuir an eipidéim isteach go mór orthu. Chuaigh sé i mbun feachtais chun reachtaíocht neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach i gCathair Nua-Eabhrac, agus d’éirigh leis an bhfeachtas sin.
Tá léiriú i mbailiúchán an Athar Bernárd Lynch ar shaol pearsanta agus poiblí an iarshagairt. Tá litreacha, cártaí poist, gearrthóga ó nuachtáin agus fianaise dhlíthiúil sa chartlann a shíneann siar breis is 50 bliain. Áirítear leis litreacha ó na 1980idí ó dhaoine in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a bhí ag déileáil le saincheisteanna maidir le gnéasacht agus reiligiún, cuid acu a raibh VEID/SEIF orthu; tras-scríbhinní agus toradh tástála brathadóra bréag ó thriail Bernárd Lynch i Nua Eabhrac, áit ar cúisíodh go bréagach é as ionsaí gnéasach; agus litir ó na Siúracha Dhoiminiceacha i Nua Eabhrac inar iarr siad ar an gCairdinéal O’Connor ligean do Bernárd a bheith ina shéiplíneach dóibh. Sa chartlann freisin tá comhfhreagras pearsanta ó Bernárd chuig a mhuintir i gContae an Chláir nuair a tháinig sé amach mar fhear aerach go luath sna 1980idí.
Agus í ag labhairt ag léacht a tionóladh le ceiliúradh a dhéanamh ar na rudaí nua-fhaighte, bhí an méid seo le rá ag Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach NLI: “Is mór an onóir do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Bailiúchán an Athar Bernárd Lynch a fháil, rud a thugann léargas iontach dúinn ar an aimsir sin – nach rófhada siar – nuair a bhíodh an pobal LADTI+ imeallaithe agus leithcheal á dhéanamh orthu. Meabhrúchán cumhachtach é an chartlann ar na laethanta sin, agus ar thionchar eipidéim VEID/SEIF ar an bpobal LGBTI+i Nua Eabhrac agus in Éirinn.
“Tar éis dó an chuid is mó dá shaol fásta a chaitheamh i Nua Eabhrac agus i Londain, is cinnte go bhfuil a lorg fágtha ag an Athar Bernárd Lynch ar an saol mór, ach a naisc le hÉirinn coinnithe aige i rith an ama mar bhall tábhachtach dár ndiaspóra. Tá an Leabharlann Náisiúnta tiomanta do mhórán guthanna agus eispéiris éagsúla na hÉireann a bhailiú agus a chosaint. Mar choimeádaí cuimhní cinn na hÉireann, táimid bródúil as an gcartlann seo a chur leis na bailiúcháin fhairsinge LGBTI+ atá againn ionas gur féidir le cách na scéalta seo a roinnt agus staidéar a dhéanamh orthu.”
Bhí an méid seo le rá ag Bernárd Lynch, a thaistil ó Londain le bheith i láthair ag an ócáid in NLI: “Tá 40 bliain caite ó rinneadh an chéad chás de SEIF a dhiagnóisiú in Éirinn. Is mithid dúinn mar sin machnamh a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhí ag an eipidéim ar phobal LGBTI+ agus ar an gcaoi a bhfuil níos mó oibre le déanamh – fiú anois – sula mbeidh fíorghlacadh gan leithcheal ann. Tá súil agam go mbeidh mo chartlann úsáideach do thaighdeoirí; do dhaoine atá ag lorg dóchais; agus do dhaoine ar mian leo cuimhneamh agus machnamh a dhéanamh ar chaillteanas.
“Is mór an onóir dom mo chartlann a thabhairt abhaile go hÉirinn; agus ní fhéadfainn a bheith níos buíche den Leabharlann Náisiúnta as an dúthracht a chaith siad leis an taifead seo a chur ar fáil dúinne go léir agus do na glúnta atá le teacht.”