Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Bailiúchán an Athar Bernárd Lynch a Fháil

Dé Máirt, 29 Samhain 2022
Bernárd Lynch sa seomra boird agus páipéir ina lámh aige

Tá ríméad ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a fhógairt go bhfuil páipéar pearsanta leis an Athair Bernárd Lynch faighte aici. Is gníomhaí i gcoinne VEID/SEIF agus iarshagart é Bernárd Lynch.

In Inis, Co. an Chláir, a rugadh Bernárd Lynch agus oirníodh ina shagart é in 1971. Chaith sé a shaol leis an gcúram tréadach agus le habhcóideacht ar son chearta an duine sa phobal LGBTI+ i Nua-Eabhrac agus i Londain. Bhain sé clú amach le linn eipidéim VEID/SEIF, tráth a raibh sé ag obair go díreach leis na pobail ar chuir an eipidéim isteach go mór orthu. Chuaigh sé i mbun feachtais chun reachtaíocht neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach i gCathair Nua-Eabhrac, agus d’éirigh leis an bhfeachtas sin.

Tá léiriú i mbailiúchán an Athar Bernárd Lynch ar shaol pearsanta agus poiblí an iarshagairt. Tá litreacha, cártaí poist, gearrthóga ó nuachtáin agus fianaise dhlíthiúil sa chartlann a shíneann siar breis is 50 bliain. 

Léigh an phreaseisiúint iomlán