Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Buaiteoirí Poetry Aloud 2024 fógartha ag NLI

Ceiliúrtar filíocht agus cultúr na hÉireann leis an gcomórtas bliantúil

Dé Luain, 16 Nollaig 2024
Large group of school children who competed at Poetry Aloud 2024

Poetry Aloud 2024 finalists

Tá buaiteoirí an chomórtais Poetry Aloud 2024 fógartha ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), i gcomhar le hÉigse Éireann agus le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Leis an gcomórtas bliantúil, ceiliúrtar ealaín na haithrise filíochta agus tá sé ar oscailt do dhaltaí iar-bhunscoile ó gach cearn d’oileán na hÉireann.

Is í Anna Rose Nic Mhanais Buaiteoir Foriomlán na bliana, rannpháirtí na Catagóire Sinsearaí ó Choláiste Íde i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí. Chuir Anna Rose na moltóirí faoi dhraíocht lena haithris ar ‘The Arrival of the Bee Box’ le Sylvia Plath.

Buaiteoirí 2024 Poetry Aloud

  • Catagóir Shóisearach:

    • Buaiteoir: Kieran Flynn, Meánscoil Nua an Leith Triúigh, Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí
    • Dara háit: Luke Power, Pobalscoil na Gráinsí, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
  • Catagóir Idirmheánach:

    • Buaiteoir: Saorlaith Ní Chionna, Coláiste Oiriall, Cnoc an Chonnaidh, Co. Muineacháin
    • Dara háit: Azeezat Oluwatobiloba Yussuff, Coláiste Mhuire, Dún Dealgan, Co. Lú
  • Catagóir Shinsearach:

    • Buaiteoir agus Buaiteoir Foriomlán: Anna Rose Nic Mhanais, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
    • Dara háit: Labhaoise Ní Lonargáin Ní Chonamhara, Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala, Co. Tiobraid Árainn
A picture of the three category winners of Poetry Aloud holding the winning trophy.

L-R: Kieran Flynn (Junior category winner); Anna Rose Nic Mhanais (Senior category and overall winner); Saorlaith Ní Cionna (Intermediate category winner)

Ceiliúradh Tallainne

Mheall an comórtas rannpháirtithe ó cheann ceann na tíre i mbliana, agus léiríodh leis na hiontrálacha tuiscint láidir na ndaoine óga ar oidhreacht fhileata shaibhir na hÉireann. Roghnaíodh na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais ó na céadta iontráil ó réimse leathan scoileanna agus contaetha éagsúla, rud a léiríonn tarraingt bhuan na filíochta agus an taispeántais.

Comhghairdeas ó chroí le gach rannpháirtí agus le buaiteoirí Poetry Aloud 2024 as a ndúthracht shármhaith i leith ealaín na haithrise filíochta.

Léigh an phreaseisiúint ina hiomláine.