Home, National Library of Ireland
Roghchlár

An Leabharlann Náisiúnta ag dul i bpáirt leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun Paula T Nolan a fhógairt mar an gcéad Ghrianghrafadóir Cónaithe

Bainfidh an grianghrafadóir úsáid as an gcóras iompair phoiblí chun Éire a thaisteal agus teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla lena dtimpeallacht chónaithe agus tírdhreacha athraitheacha na hÉireann a scrúdú

Dé Luain, 27 Bealtaine 2024
photographer in residence image

D'fhógair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), inniu gurb í Paula T. Nolan an chéad fhaighteoir dá gCónaitheacht Ghrianghrafadóra.

Is é an teideal atá ar thionscadal Paula ná ‘Athfhéachaint ar Éirinn: Staidéar Grianghraf ar Thimpeallacht na hÉireann’, tionscadal ina ndéanfaidh Paula taisteal ar an gcóras iompair phoiblí chuig gach ceann de na 26 chontae thar thréimhse bliana. Thar na ceithre shéasúr, glacfaidh Paula íomhánna a bhfuil spéis timpeallachta ag baint leo. Beidh cúnamh aici ó rochtain ar shaineolaithe na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus ar bhailiúchán ghrianghrafadóireachta na Leabharlainne Náisiúnta. Tógfaidh sí grianghraif agus cuirfidh sí i gcomparáid iad leis an méid a fheiceann sí i dtírdhreach an lae inniu.

Agus an fhógairt á déanamh ag an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, dúirt sí:

“Tá áthas orainn a fhógairt gurb í an t-ealaíontóir–grianghrafadóir roghnaithe don chéad chónaitheacht, do 2024 ná Paula T. Nolan leis an tionscadal dar teideal ‘Athfhéachaint ar Éirinn: Staidéar Grianghraf ar Thimpeallacht na hÉireann’. Cuimsítear ina saothar an misean atá ag an Leabharlann Náisiúnta, is é sin cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a chur ar fáil. Cuimsítear sa chónaitheacht seo dhá phríomhcholún de Phlean Straitéiseach na Leabharlainne Náisiúnta sa chaoi sa is go gcuimseofar ann tírdhreacha agus muirdhreacha na hÉireann de bhíthin an tionchair agus an spreagtha.”

Is féidir an phreaseisiúint iomlán a léamh anseo. 

Léigh tuilleadh faoi thionscnamh na Cónaitheachta Grianghrafadóra anseo.

 

CUIR AITHNE AR GHRIANGHRAFADÓIR CÓNAITHE 2024:

Photo of Paula Nolan
Paula T. Nolan
Photographer-In-Residence 2024

Ealaíontóir agus grianghrafadóir faisnéise is ea Paula T. Nolan atá bunaithe i mBaile Átha Cliath 3. Bhí a cuid saothar ar taispeáint i nDánlann Paul Kane, i mórán Taispeántas Bliantúil de chuid an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga agus de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí i dTeach Farmleigh.

Lean Paula ar a haistear timpeall na hÉireann mar Ghrianghrafadóir Cónaithe na Leabharlainne Náisiúnta agus na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar Instagram anseo.