Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Seomra Richard Hayes nochta ag NLI in ómós don Iar-Stiúrthóir agus Códscaoilteoir ón Dara Cogadh Domhanda

Dé Céadaoin, 28 Lúnasa 2024
Richard Hayes sitting at his desk

Richard Hayes 

Dé hAoine (23.08.24) d’oscail Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Seomra Richard Hayes go hoifigiúil in ómós don Iar-Stiúrthóir.

Bhí an-chuid saolta éagsúla ag an Dr. Richard Hayes (1902-1976) – bhí sé ina fhear léinn, ina Stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann idir 1940 agus 1967, ina athair geanúil, agus ar dhuine de na códscaoilteoirí ab fhearr sa Dara Cogadh Domhanda.

Ceapadh Hayes ina Stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 1940 agus chomhlíon sé a chuid dualgais oifigiúla fad is a bhí sé i gceannas go rúnda ar fhoireann de na crioptanailísithe ab fhearr dá raibh ann. Is iadsan ar éirigh leo 'Sifear Görtz' a scaoileadh, cód míchlúiteach de chuid na Naitsithe a bhí chomh dúshlánach sin nach raibh na saineolaithe ag Bletchley Park, ionad criptagrafaíochta cogaidh na Breataine, in ann é a scaoileadh ar dtús.

Bhí ról nár bheag ag Hayes sna hiarrachtaí lena chinntiú go mbeadh an bua ag na Comhghuaillithe. Dúirt MI5 go raibh sé ar an ‘laoch neamhaitheanta ba mhó de chuid na hÉireann’ agus, dar le hOifig Seirbhísí Straitéiseacha Mheiriceá, ‘b’fhathach fir é’. Fuair Hayes bás in 1976 agus d’fhág bailiúchán páipéar agus lámhscríbhinní ina dhiaidh atá catalógaithe anois i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Seo thíos cuid de na míreanna iontach suimiúil a bhaineann le Hayes atá inár mbailiúcháin:

Ag labhairt di ag searmanas oscailte an tseomra, bhí an méid seo le rá ag an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:

"Na rudaí agus na leabhair a bhaineann le Richard Hayes a choinneoimid slán do na glúnta atá le teacht, idir iarsmaí dóite litreacha rúnda agus lámhscríbhinní scolártha a scríobh sé, is insint iad ar scéal fir a bhí ina dhuine a chosain an t-am a bhí caite agus ina dhuine a d’fhág a lorg ar an am a bhí le teacht.

Cuireann siad i gcuimhne dúinn a dhoimhne a bhí a thiomantas don eolas, d'Éirinn agus, go deimhin, dá theaghlach, cuid acu atá anseo linn inniu, a iníon Faery ina measc."

Dr Audrey Whitty and Faery Hayes holding flowers

Dr Audrey Whitty, NLI Director, and Faery Hayes, daughter of Richard Hayes

Group photo with men and women in the Richard Hayes Room

The event was attended by the friends and family of Richard Hayes