Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Straitéis cúig bliana (2022-2026) á seoladh ag LNÉ

Dé Máirt, 10 Bealtaine 2022
Trí chóip de straitéis cúig bliana NLI ina gcarn

Is cúis áthais do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ár straitéis nua cúig bliana (2022-2026) a sheoladh, straitéis atá forbartha ag Bord agus Feidhmeannas na Leabharlainne.

Déantar forbairt sa straitéis ar an bhfuinneamh a baineadh amach le linn na tréimhse a bhain leis an straitéis dheireanach, 2016-2021, agus tá ár misean, fís agus tosaíochtaí inti.

Is iad na cúig thosaíocht straitéiseacha atá ag LNÉ don tréimhse 2022-2026 ná an ‘Bailiú, Cosaint, Nochtadh, Rannpháirteachas agus Nuáil’.

Leathanach na Straitéise.