Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Trí Dhearadh de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann curtha san áireamh i gCartlann 100 2023

Déanann an chartlann seo ceiliúradh ar na dearaí is fearr in Éirinn

Dé hAoine, 26 Iúil 2024
Various designs

Bhí lúcháir ar an Leabharlann Náisiúnta go raibh trí cinn dá dearadh curtha san áireamh sa bhailiúchán Chartlann 100 2023.

Bhunaigh pobal deartha cumarsáide na hÉireann an bailiúchán Cartlann 100 in 2012 agus is ardán é chun sármhaitheas dearaidh a léiriú. Gach bliain, coimeádtar 100 tionscadal suntasach a léiríonn réimse méadaitheach an dearaidh cumarsáide - a chuimsíonn dearadh grafach, dearadh eagarthóireachta, dearadh cló, dearadh branda, dearadh digiteach agus dearadh gluaisne. Baineann na tionscadail seo le gach rud ó fhógráin do chlubanna áitiúla go hathbhrandaí corparáideacha domhanda, agus ó fhéiniúlachtaí gnólachtaí beaga go feachtais abhcóideachta sóisialta a bhfuil tionchar acu.

An tseachtain seo caite, seoladh an rogha do Chartlann 100 do 2023 ag Ceanncheathrú Etsy i mBaile Átha Cliath. Roghnaíodh trí thionscadal de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, arna ndéanamh ag an dearthóir intí, Emma Conway, le cur san áireamh sa chartlann seo. I measc na bpríomhshaothar dá cuid, tá na haitheantais do ‘Déanach ag an Leabharlann’, ‘Daoine agus Áiteanna’, agus ‘Yeats 100’.


Dúirt Emma Conway, dearthóir intí Leabharlann na hÉireann:

"Nuair a bhíonn deis agam leathnú amach agus dearadh níos gearrshaolaí a chruthú, tapaím an deis sin chun rud éigin nua agus spreagúil a chruthú, rud a tharraingeoidh súil cuairteoirí chun na Leabharlainne, b’fhéidir."

Cartlann Ghréasáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann X Cartlann100

In 2018, thosaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag caomhnú suíomhanna gréasáin arna roghnú ag Cartlann 100 a chaomhnú go digiteach trí Chartlann Gréasáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Cé go mbaineann Cartlann 100 leas as modh uathúil chun obair dhearaidh ghrafach na hÉireann a roghnú agus a léiriú, agus taifead saibhir dár bpobal a chruthú ar líne, is le cabhair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann atá céimeanna á nglacadh ag Cartlann 100 chun obair dheartha dhigiteach a chaomhnú i gceart ionas go mbeidh sí ar fáil go poiblí amach anseo.

De réir Joanna Finnegan ó fhoireann Bhailiúcháin Dhigiteacha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:

“Is leochaileach, uathúil agus fíorluachmhar cibearspás na hÉireann. Tá an-áthas orainn dul i mbun oibre lenár gcomhpháirtithe tionscadail Cartlann 100 chun taifead ar líne de shármhaitheas dearaidh na hÉireann a shábháil.”

 

Image of presentation

100 Archive launch at the Etsy Headquarters in Dublin