Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ag Breathnú ar Heaney trí Bhéaloideas

Buneolas ar Úsáid an Bhéaloidis i nDánta Seamus Heaney le Glynnis Cowley, Cúntóir Eispéiris Cuartaíochta (Seamus Heaney: Éist Anois Arís) agus Béaloideasóir

Dé Máirt, 3 Nollaig 2024
Landscape with hand holding a daisy

Tá an béaloideas le brath i ngach rud a dhéanaimid. Fágtar a lorg ar gach gné dár saol, sa chaoi a ngléasaimid, ár mbia, ár réitigh agus leighis baile, ár dtraidisiúin a bhaineann le féilte agus le teaghlaigh, agus, ar ndóigh, sna scéalta a insímid.

Tá an béaloideas le brath i ngach rud a dhéanaimid. Fágtar a lorg ar gach gné dár saol, sa chaoi a ngléasaimid, ár mbia, ár réitigh agus leighis baile, ár dtraidisiúin a bhaineann le féilte agus le teaghlaigh, agus, ar ndóigh, sna scéalta a insímid. Déanann na daoine inár dtimpeall an béaloideas a mhúineadh dúinn: eascraíonn sé as ár bpobal, ár gcairde agus ár dteaghlaigh. Trí bhreathnú ar an gcaoi ar scríobh Seamus Heaney faoi theacht in inmhe faoin tuath in Éirinn agus faoin inspioráid mhór a fuair sé óna bhfuil i gceist leis sin uile, is féidir linn anáil an bhéaloidis a fheiceáil ina shaothar. Is féidir an béaloideas a fheiceáil ina chuid filíochta ar mhórán bealaí, ó thagairtí soiléire inaitheanta do Naomh Bríd go cuimsiú níos caolchúisí d’fhocail áitiúla.

Is cuid shuntasach í an chaint den bhéaloideas agus is féidir é a fheiceáil i rogha focal Seamus Heaney. Is minic a chuimsigh Heaney an ghnáthchaint, caint na sráide agus teanga an phobail ina chuid filíochta. Is éard atá i dteanga an phobail ná an teanga a labhraíonn gnáthmhuintir na tíre; ní leanann sí rialacha foirmiúla gramadaí na tíre sin i gcónaí agus tá sí ann i saothar Heaney. I measc na samplaí de theanga an phobail i bhfilíocht Heaney tá ‘hoke’ a chiallaíonn ransú sa dán “Terminus”, ‘buff’, caint na sráide Thuaisceart Éireann ar bhrú nó broideadh, sa dán “Two Quick Notes”, ‘tuppence’ a chiallaíonn dhá phingin sa dán “Casting and Gathering”, agus nuair a úsáideann sé ‘glar’ a chiallaíonn láib agus ‘glit’ a chiallaíonn an glae glas ar uisce sa dán “Fosterling”, agus tá neart samplaí eile ann.

Seans go bhfuil cuma beag is fiú ar na samplaí sin ach ní mór suntas a thabhairt dóibh agus tú ag féachaint ar an úsáid a bhaineann Heaney as an mbéaloideas. Is cuid ríthábhachtach í an rogha focal den bhéaloideas, agus ní de thimpiste a chuimsíonn Heaney í an oiread sin ina shaothar. Tá sé ag scríobh le ton atá Éireannach amach is amach, faoi eispéiris a dhíríonn ar thógáil Éireannach go minic. Tugann teanga an phobail le fios más cuid de phobal thú nó nach bhfuil, agus cuireann Heaney a chúlra in iúl sna cásanna sin. I gcomhthéacs Thuaisceart Éireann, áit ar thug cuid mhaith gnéithe díot le fios an pobal ina raibh tú mar chuid de, is comhartha tábhachtach í teanga an phobail le cur san áireamh.

Cheiliúir Seamus Heaney traidisiún ceardaíochta na hÉireann ina shaothar, traidisiún atá fréamhaithe sa bhéaloideas. Is féidir é sin a fheiceáil i samplaí ar nós ‘Thatcher’, ‘The Forge’ agus ‘The Seed Cutters’. Sna dánta sin, díríonn Heaney ar chastachtaí na hoibre. Luann Heaney an t-ábhar ar bhain an tuíodóir úsáid as, óna uirlisí go dtí an tuí féin. Is sampla níos follasaí den bhéaloideas é tagairt Heaney don inneoin in ‘The Forge’ a bheith cosúil le haonbheannach toisc gur ainmhithe draíochta iad aonbheannaigh, ach ag croílár an dáin tá ómós don obair agus do na daoine a rinne é. Is féidir an rud céanna a fheiceáil in ‘The Seed Cutters’: bhí meas ag Heaney ar a gcuid oibre agus ar an ngné uilíoch di. Ceiliúrann sé gnéithe den ghnáthshaol agus sin é go díreach a bhfuil i gceist leis an mbéaloideas. Cé go bhfuil sé ag scríobh óna thaithí féin, tuíodóir ar leith agus ceárta ar leith mar shampla, is féidir fós na dánta sin a thuiscint ar leibhéal pearsanta agus cuireann siad béaloideas agus saol na hÉireann in iúl.

Mar aon le hobair cheardaíochta a cheiliúradh, bhain Heaney inspioráid freisin ó thraidisiún seanchais na hÉireann le dánta ar nós ‘Fireside’ agus ‘Maighdean Mara’. Is iontach an sampla é ‘Fireside’ den bhéaloideas i bhfilíocht Heaney toisc go bpléann an dán an tionchar a bhíonn ag scéalta. Sa dán seo, scríobhann Heaney i bpearsa páiste agus é ag déanamh cur síos ar bheith ag éisteacht leis na daoine fásta ag caint agus ar bheith ag cloisteáil na scéalta a d’insíodh siad. Cruthaítear íomhá sa dán den chaoi nádúrtha a dtagann na scéalta sin aníos agus den chaoi a gcuirtear na scéalta ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Tá siad ag caint faoi shíoga a fheiceáil, ag ceistiú an raibh an abhainn mar is gnách nó an bhfaca siad rud éigin osnádúrtha. Tá an líne dheireanach go haoibhinn agus is féidir ceist an chreidimh a fheiceáil atá mar chuid de na scéalta seo. Tá Heaney á chroitheadh féin as na scéalta agus as an mothú míshocair scáfar a chruthaíodh leo fad is a fhágann na daoine fásta oíche mhaith ar a chéile.

Le ‘Maighdean Mara’, dírítear ar fhinscéal maighdine mara na hÉireann agus tógtar an léitheoir trí struchtúr an fhinscéil: feictear na codanna tábhachtacha ar nós an chaoi a ngabhann an t-iascaire an mhaighdean mhara agus an chaoi a n-aimsíonn sí a clóca draíochta ionas gur féidir léi filleadh ar an bhfarraige. Seans go bhfuil Heaney ag plé finscéal sonrach atá ar eolas aige, ach leanann sé an struchtúr céanna atá ag formhór na bhfinscéalta maighdine mara i dtraidisiún na hÉireann, agus tugann Heaney beocht fhísiúil dó sa dán seo.

Tá neart samplaí den bhéaloideas i bhfilíocht Seamus Heaney agus cé go gcumhdaítear líon beag acu sa phíosa seo, is é is aidhm dó aird a dhíriú ar an gcaoi ar thóg Heaney inspioráid, ní hamháin ó thírdhreach agus cineál saoil na hÉireann, ach ón traidisiún agus ón mbéaloideas a ghabhann leo. Ag cuimhneamh air sin agus a chuid filíochta á léamh agat, is féidir cruth eile a chur ar an gcaoi a dtuigeann tú a chuid dánta agus doimhneacht nua a chur leis na dánta is fearr leat