Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Aistear Ghráinne agus Dhiarmada trí shúile Lady Gregory

Le hAmharclann na Mainistreach

Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2024

Roimh an chéad taispeántas ar ardán na Mainistreach de Grania, dráma a chum Lady Gregory in 1912, tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Amharclann na Mainistreach ag teacht le chéile chun aird a tharraingt ar ghnéithe de shaol Grania, mar a chonacthas é trí shúile Lady Gregory.

Cumtha níos mó ná céad bliain ó shin, tá Grania bunaithe ar an bhfinscéal Éireannach maidir le Gráinne, Diarmuid Ua Duibhne agus Fionn mac Cumhaill. Is scéal faoi ghrá, drúis, cumhacht agus dúil é. Tá Gráinne agus Fionn, lánúin ríoga choimhdeachta, le pósadh ach nuair a fhilleann Diarmaid, an gaiscíoch is fíochmhara i measc na bhFiann, titeann Gráinne i ngrá leis agus éalaíonn sí leis. Cuirtear cairde i dtreis le chéile agus a cinniúint féin á cruthú ag Gráinne, rud a nochtann an teannas idir dualgas agus paisean. 

Mar a d’athshamhlaigh an stiúrthóir Caitríona McLaughlin an scéal do 2024 don chéad taispeántas riamh ag Amharclann na Mainistreach, ceanglóidh Grania muid leis an am atá caite agus tabharfaidh sé léargas dúinn ar an am i láthair. Ag labhairt faoin dráma, dúirt an stiúrthóir,

‘Deirtear gur ceann de na scéalta grá is mó riamh is ea é Diarmuid agus Gráinne. Le Grania, feictear go bhfuil an méid sin fíor i leagan Lady Gregory freisin, ach ní mar a cheapfá é.’

Chum Lady Gregory Grania ocht mbliana i ndiaidh di Amharclann na Mainistreach a chomhbhunú le W.B. Yeats in 1904. Bhí scéal Ghráinne agus a grá coiscthe ar eolas ag Lady Gregory, agus chuaigh sé i bhfeidhm uirthi, ar feadh nach mór fiche bliain roimhe sin.

 

Black and white portrait photograph of Lady Gregory

Lady Gregory at Smith College in Massachusetts, photographed during an American tour with players from the Abbey Theatre (NPA PERS21)

In 1893, bliain amháin i ndiaidh bhás a fir chéile, thug Lady Gregory faoi thuras aonair go hInis Oírr, ceann amháin de na hOileáin Árann, rud a las an dúil a bhí inti maidir le teanga, scéalta, béaloideas agus miotaseolaíocht. Duine iomráiteach mar gheall ar a saothar drámaíochta, próis agus filíochta a bhí inti, agus chomh maith leis sin, bhí cnuasach bisiúil aici d’fhuíoll-leabhair agus sceitsí, lena ndearna sí taifeadadh ar an saol mar a thuig sí é. Maireann níos mó ná céad sceitse agus pictiúr uiscedhatha, agus tá ocht leabhar sceitseála i mbailiúcháin de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI).

A bhuí le cabhair fhlaithiúil ó NLI, tugadh d’Amharclann na Mainistreach rochtain ar na foinsí sin agus bhí seans acu cuid de na sceitsí seo, ó thréimhse mhúnlaitheach i ngairm Lady Gregory, a roinnt.

Lady Gregory sketchbook

The fort, Inisheer, from Lady Gregory's sketchbook (PD 3033 TX 35)

 Lady Gregory's Sketchbook

The tree of Inisheer, Lady Gregory's sketchbook (PD 3033 TX 31)

Sular chaith sí ré i gceannas ar Amharclann Náisiúnta na hÉireann, thosaigh cúlra Grania ag teacht i gcruth in intinn Lady Gregory. Le bailiúchán digiteach de chuid NLI, tá Amharclann na Mainistreach tar éis a bheith ábalta an tírdhreach ina raibh Lady Gregory agus í ag cur suime sa Ghaeilge agus i mbéaloideas na hÉireann a fhiosrú. Gné choitianta sna líníochtaí a rinne sí nuair a bhí sí ar Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr ná séadchomharthaí Neoiliteacha déanta as cloch, agus d’fhéadfadh sé gurb iad cuid acu na cinn sa cheantar ar a dtugtar “Leaba Dhiarmada agus Ghráinne”.

Druid's Altar, Spiddal

Druid's Altar, Spiddal, watercolour painting by Lady Gregory (9PD 3036 TX 12)

Sketchbook

Inisheer, May 5 1898, Lady Gregory's sketchbook (PD 3033 TX 27)

Deirtear gur thug na séadchomharthaí sin, ar gné so-aitheanta i dtírdhreach na hÉireann iad, dídean don lánúin agus iad ar a n-aistear nuair a d’éalaigh Gráinne óna pósadh le Fionn mac Cumhaill. Ó uaimheanna agus cuasáin go tuamaí agus séadchomharthaí Neoiliteacha mar a thaispeánann Gregory iad, is áiteanna iad a bhaineann leis na pearsana finscéalacha sin ar féidir cuairt a thabhairt orthu fós inniu, agus ar líne, a bhuí le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Spreag na turais a rinne Lady Gregory timpeall iarthar na hÉireann le linn na 1890idí í chun Gaeilge a fhoghlaim, agus i ndeireadh báire imleabhair bhéaloidis Éireannaigh a aistriú agus a fhoilsiú. D’fhoilsigh sí an scéal faoi Ghráinne, Diarmuid Ua Duibhne agus Fionn mac Cumhaill mar chuid den leabhar Gods and Fighting Men (1903), leabhar a bhí ina dhúshraith i leith an dráma a chum sí in 1912.

Sketchbook

Cliffs which could be at Inishmore (Inish Mór), Lady Gregory's sketchbook (PD 3033 TX 47)

Sketchbook

Dolmen, Lady Gregory's sketchbook (PD 3033 TX 25)

Ní hamháin gur fhág an mórscéal grá lorg ar thírdhreach na hÉireann ach ar shamhlaíocht duine de na scríbhneoirí agus laochra Gael is tábhachtaí sa tír freisin. Anois in 2024 beidh leagan Lady Gregory den scéal, Grania (1912), ar stáitse na Mainistreach den chéad uair.

Beidh Grania ar siúl ar Stáitse na Mainistreach ón 21 Meán Fómhair go dtí an 26 Deireadh Fómhair, 2024. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Amharclann na Mainistreach. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le bailiúchán ábhar Lady Gregory de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, déan fiosrúchán ar chatalóg ar líne NLI.