Home, National Library of Ireland
Roghchlár

AthAmharc ar Éirinn: Staidéar Grianghrafadóireachta ar Chomhshaol na hÉireann

Seo an chéad mhír eolais ó Ghrianghrafadóir Cónaithe NLI/EPA, Paula T Nolan

Déardaoin, 27 Meitheamh 2024
An image of the photographer Paula Nolan, from behind her camera. Waterford city can be seen from the window

Nuair a bhí sí 50, chláraigh Paula do chúrsa grianghrafadóireacht a mhair bliain amháin. I rith an chúrsa d’éirigh sí an-tugtha go deo leis an ngrianghrafadóireacht, agus tá a fhios ag an saol cad a tharla ina dhiaidh sin! Ceithre bliana déag níos déanaí, tá conradh sínithe aici le Gailearaí Paul Kane, tá roinnt ghrianghraf dá cuid i mBailiúchán Ealaíne an Stáit, agus roghnaíodh í mar chéad Ghrianghrafadóir Cónaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).

Is mór an onóir dom a bheith roghnaithe mar chéad Ghrianghrafadóir Cónaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA); tá mé trína chéile agus ríméadach ag an am céanna. ‘AthAmharc ar Éirinn’ an teideal a thug mé ar an tionscadal seo agus tá sé i gceist agam turas a thabhairt ar fud na sé chontae is fiche atá faoi chúram an dá chomhlachta stáit seo, ag glacadh grianghraf atá ábhartha maidir le ceisteanna comhshaoil ár linne. Tabharfar faoin tionscadal ag úsáid treoir eolaíochtbhunaithe ón EPA agus eolas stairiúil ábhartha faoi cheisteanna comhshaoil ón NLI, agus cuirfidh mé mo léargas féin mar ealaíontóir leis an méid sin.  Is í aidhm an tionscadail ná léargas ginearálta thabhairt ar chomhshaol na hÉireann thar thréimhse bliain amháin, na ceithre shéasúr san áireamh; agus go roghnófar agus go gcuirfear fotheideal le 120 de na grianghraf d’fhonn iad a chur leis an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta.

Woman on bike and railway

"The joys of cycling: just before getting lost in the bog"

Go bunúsach, is é an cur chuige a úsáidfidh mé in AthAmharc ar Éirinn ná cuairt a thabhairt ar gach contae – ag baint úsáide go príomha as iompar poiblí, rothar leictreach, tacsaithe áitiúla nó an trí rud le chéile – chun grianghraif chomhaimseartha a ghlacadh, cé go n-úsáidfidh mé cur chuige ‘Roimhe agus Ina Dhiaidh’ uaireanta chomh maith, ag glacadh grianghraif de na háiteanna chéanna inar glacadh grianghraif atá sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta (NPA) anois. Is doiligh grianghraf a dhéanamh de roinnt ábhar a bhaineann leis an gcomhshaoil, áfach; mar sin, is bealach an cur chuige iardhearcach seo chun na hathruithe atá tarlaithe le himeacht aimsire a thaispeáint.

Dea-shampla den chur chuige ‘Roimhe agus Ina Dhiaidh’ – íomhánna ón am atá thart agus íomhánna comhaimseartha á gcur le chéile – ná an chuairt a thug mé ar Phort Láirge. Sa chartlann ar líne tháinig mé ar ghrianghraf a tógadh am éigin idir 1865 agus 1914 de Thúr Raghnaill, atá suite ar Ché Chathair Phort Láirge. Tugann an ghrianghraf comhaimseartha a thóg mé ó Sheomra 404 sa Tower Hotel radharc dúinn trí fhálú neamh-thrédhearcach ar struchtúir cosanta tuilte – agus caithfear a rá gur sampla é seo de phleanáil uirbeach ghalánta mar fhreagra ar riosca tuilte. Is maith is eol dúinn go bhfuil líon na dtuilte agus an creimeadh ag dul i méid ar ár gcósta.

Before and after photo of Reginald’s Tower on the Waterford city quays

Reginald’s Tower on the Waterford city quays March 2024, photograph: Paula T Nolan & Reginald's Tower 1880-1900, photograph: Robert French (L_ROY_02089)

Agus é seo á scríobh agam, tá mé seasca a ceathair bliana d’aois. Tá na sonraí pearsanta seo á lua agam chun daoine a spreagadh tabhairt faoi thionscadail nua agus iad ag druidim i dtreo dheireadh a saoil. Nuair a bhí mé caoga bliana d’aois, chuaigh mé i mbun grianghrafadóireachta. Cheannaigh mé ‘ceamara bunúsach’, chláraigh do chúrsa bliana agus ní féidir stop a chur liom ó shin!

Ní fhéadfainn mo shaol a shamhlú anois gan ceamara a bheith crochta timpeall mo mhuiníl. Seo an chaoi a gcuirim in iúl an cíocras atá agam chun na beatha, an déistin atá agam don saol uaireanta, mo chuid uaignis agus bróin, an taobh meidhreach díom féin, chomh spéisiúil is atá tú féin domsa agus chomh spéisiúil atá gach rud timpeall orainn; seo an chaoi a nochtaim mo smaointe agus mo chuid mothúchán don domhan mór. Is bealach é chun breathnú ar rudaí, chun a bheith beo, agus tá sé ina dhlúthchuid de mo chorp agus do m’anam anois amhail is go raibh géag nua fásta agam.

Deireadh m’athair liom agus mé i mo dhéagóir, ‘aimseoidh tú do bhealach féin’ – ag an am ba é an plean mór a bhí aige dom ná mé a fheiceáil mar chúntóir díolacháin in Arnotts, mura rachainn sna mná rialta. An tráth sin níorbh fhéidir liom a shamhlú go mbeinn os cionn caoga bliain d’aois sula n-aimseoinn mo bhealach féin.

Táimid ag maireachtáil ag am ina bhfuil beagnach gach duine ag glacadh grianghraf. Táimid chomh báite sin in íomhánna go scagann ár n-inchinn amach go nádúrtha iad siúd is fiú aird a thabhairt orthu agus go ndéanann sí neamhaird díobh siúd nach fiú bacadh leo. Úsáidimid emojianna chun na mothúcháin a spreagann na híomhánna sin ionann a chur in iúl. Thar fiú cúig nóiméad scrollála, seans go mbeadh beagnach gach mothúchán dá bhfuil ann spreagtha ionainn: sonas, brón, buairt, gáire, fearg. Ó mo thaithí féin, is é an rud is mó a spreagann mothúcháin dearfacha i ndaoine gan teip ná áilleacht an nádúir. Cuireann formhór na ndaoine Is Maith Liom, Is Breá Liom nó fágann siad nóta tráchta dearfach le grianghraif a thaispeánann luí na gréine, éirí na gealaí; íomhánna a leagan béim ar iontais an domhain. Cén uair dheireanach a bhfaca tú nóta tráchta amhail ‘Nach dána an mhaise duit pictiúr de luí na gréine a phostáil...’ agus é curtha faoi phictiúr?

Bím lán d’iontas gach uair a théim i mbun grianghrafadóireachta. Cuirim fáilte romhat a bheith liom don tionscadal seo, cé nach féidir é a chur in áit na bhfíricí, na heolaíochta agus na fianaise iontaofa. Oibríonn na rudaí sin le chéile. D’fhonn a ceart a thabhairt d’uaillmhian an tionscadail, agus d’aidhmeanna NLI agus EPA, cheap mé ar dtús go mbeadh cuar géar foghlama i gceist le aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna comhshaoil. Ní raibh dul amú iomlán orm. Ach an áit a raibh dul amú orm ná gur cheap mé go mbeinn ag caitheamh an bhliain ar fad i gcomhluadar staidreamh gruama agus drochscéalta. Agus seacht seachtaine den tionscadal curtha díom agam anois, is féidir liom a rá anois nach bhfuil sé seo fíor ar chor ar bith.

Paula Nolan at a conference, speaking from a podium

Ba é an chéad teagmháil a bhí agam leis an EPA ná an cuireadh a fuair mé uathu freastal ar chomhdháil i bPort Láirge i Márta: ENVIRON2024. Tagann eolaithe comhshaoil le chéile ag an gcomhdháil seo chun a gcuid taighde a roinnt, agus tugtar cuireadh do dhaoine aonair agus do chuideachtaí a bhfuil straitéisí inbhuanaitheachta nuálacha acu cuir i láthair a dhéanamh. Thar thréimhse roinnt laethanta, labhair mé le go leor den lucht freastail, idir mhic léinn dochtúireachta, thaighdeoirí a raibh na blianta taithí acu, stiúrthóirí cuideachta, srl. Fuair mé amach go bhfuil domhan eile ann ina bhfuil go leor daoine ag caitheamh a saol oibre ag cumadh bealaí chun an seans a mhéadú go dtabharfar an domhan slán. Le cúpla mí anuas ón am sin, chas mé le ball foirne éagsúla den EPA agus mothaím gur daoine iad atá an-tiomanta don obair a dhéanann siad, agus atá foighneach agus iad flaithiúil ag roinnt eolais le glasearcach cosúil liom féin!

Ba mhór an pléisiúr dom freisin bualadh le daoine a oibríonn le NLI; daoine atá chomh tiomanta céanna agus atá lucht EPA don bharr fheabhais agus a bhfuil a gcroíthe agus a n-anamacha san obair a dhéanann siad. De bharr go raibh mé ag obair cheana mar dhearthóir grafaicí, agus go mór mhór an taithí atá agam a bheith ag dearadh leabhar, tá seanaithne agam ar chartlann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá súil agam i gcaitheamh an tionscadail seo go spreagfaidh mé go leor daoine teacht ar an fhoinse fhíorshaibhir seo agus í a úsáid. Mar sin, má chinneann tú súil a choinneáil ar dhul chun cinn an tionscadail seo i gcaitheamh na bliana, impím ort tú féin a thumadh i suíomh gréasáin na Leabharlainne Náisiúnta; sula i bhfad, tarraingíonn scéal nó grianghraf ceann eile agus ceann eile fós, agus beidh tú gafa leis! Tá naisc thíos a mhíníonn duit conas plé leis an tionscadal.

Is buaicphointe i mo shaol mar ealaíontóir agus grianghrafadóir gur roghnaíodh mé le bheith i mo Ghrianghrafadóir Cónaithe EPA/NLI. I bhfianaise na bagartha atá romhainn de bharr na géarchéime aeráide, níl ábhar níos gaire do mo chroí ná níos tábhachtaí dúinn uile ná go mairfidh an cine daonna agus an dúlra.

Tá mé buíoch as an deis seo a fháil a bheith ag obair leis an ábhar seo ó thaobh na hamharc-ealaíona de, le daoine a bhfuil níos mó eolais ar an ábhar acu ná mar atá agamsa, d’fhonn saothar a chruthú ina dtabharfar léargas ar bhliain iomlán i gcomhshaol na hÉireann.

Is iomaí uair a chuir mé an cheist seo orm féin sna blianta sular roghnaíodh mé don tionscadal seo: cad chuige, má tá daoine chomh tógtha sin leis na hiontais an domhain, mar a luaigh mé cheana – luí agus urú na gréine, an ghealach iomlán, Na Gealáin Thuaidh – cad chuige a bhfuilimid ag scriosadh an dúlra?

Sular cailleadh é sa bhliain 1980 agus 79 mbliana slánaithe aige, cuireadh an fealsúnach-síceolaí Erich Fromm faoi agallamh ar an teilifís agus iarradh air cén dearcadh a bhí aige faoina bhás féin. Ag an am, bhí a fhios go maith aige go raibh sé i mbéal an bháis. D’fhreagair sé gur mhór an faoiseamh a bhí ann an domhan a fhágáil. Bhí sé cinnte de anois, a dúirt sé, tar éis dó a shaol ar fad a chaitheamh i mbun léinn, nach bhfoghlaimíonn an cine daonna ó na botúin a rinneadh fadó, agus d’admhaigh sé go raibh faitíos ar faoin céard a bhí i ndán don domhan. Nuair a bhí mé féin 19 mbliana d’aois, chonaic mé an t-agallamh seo agus d’fhág an méid a dúirt sé lorg buan orm. Uaireanta, bíonn a fhios agat ‘i do chroí agus i d’anam istigh’ go bhfuil an fhírinne cloiste agat. Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil muinín iomlán agat as an teachtaire.

Cén bhaint atá aige seo le NLI agus EPA a bheith ag comhoibriú le chéile don tionscnamh Grianghrafadóir Cónaithe seo? Baineann sé le gach uile rud, nach mór. Is foirmle draíochta an meascán d’fhoinsí saibhre stairiúla NLI agus an cur chuige fianaisebhunaithe atá ag EPA d’fhonn an domhan mar atá sé anois agus mar a bheidh sé sa todhchaí a chosaint agus athamharc – ‘amharc arís’ – a thabhairt ar stádas comhshaoil na hÉireann; an t-am atá caite agus an t-am i láthair a chur le chéile in aon tionscadal amháin, agus slat tomhais bliana a chur ar fáil lena úsáid amach anseo. An rud a chuir faitíos ar Erich Fromm faoin gcine daonna a chur ina cheart: an t-am atá caite a úsáid mar fhoinse eolais agus foinse nua a chruthú lena húsáid ag na glúnta atá le teacht. Beidh sé mar aidhm ag AthAmharc ar Éirinn tús áite a thabhairt do na grianghraif agus na fotheidil a bheidh úsáideach i gceann 30, 50 nó 100 bliain sa todhchaí.

Agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana, is tionscnamh inspioráideach an comhoibriú seo idir í agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Cónaitheacht do Ghrianghrafadóir a chur ar fáil, agus don ghrianghrafadóir áirithe seo, sáraíonn an dúshlán agus an onóir seo gach rud a mé ag súil leis.

Tá sé mar aidhm ag tionscnamhGhrianghrafadóir Chónaithe 2024 Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) léargas a thabhairt dúinn ar bhliain iomlán i gcomhshaol na hÉireann agus an t-eispéireas sin a thaifead. Is éard a bheidh sa tionscadal seo ná iniúchadh a dhéanfaidh ealaíontóir ar théamaí éagsúla, agus dá bhrí sin ní léiríonn sé tuairimí ceachtar den dá eagraíocht.

I gcaitheamh na bliana, beidh eolas nua faoin tionscadal ar fáil ar chainéil mheán sóisialta NLI agus EPA agus ar shuíomh gréasáin NLI. Is féidir leat an tionscadal a leanúint sa bhfíor-am ar chainéil mheán sóisialta an ghrianghrafadóra freisin. Seo liosta de na cainéil sin.

 

MEÁIN SHÓISIALTA PAULA T NOLAN

Is féidir leat an tionscadal a leanúint san fhíor-am ar chainéil meán sóisialta an ghrianghrafadóra freisin.

FACEBOOK
X
INSTAGRAM
LINKEDIN
LÁITHREÁN GRÉASÁIN