1) Cathain a thosaigh tú ag obair san NLI agus cén ról a bhí agat?
D'oibrigh mé i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ar feadh 35 bliain nach mór... go deimhin, thosaigh mé ar lá chomóradh céad bliain na NLI. Thosaigh mé ar an 15 Eanáir 1990; ba Mhaor Leabharlainne a tugadh ar mo ghrád an tráth úd. Ar a dtabharfaí Cúntóir Leabharlainne Grád 3 níos deireanaí. Faoi mhí Lúnasa 1995, bhí mé i mo Chúntóir Leabharlainne Grád 2, agus Grád 1 faoi 2001.
Chuaigh mé isteach sa Státseirbhís ar dtús i 1984. Go híorónta, chuaigh mé faoi mo chéad agallamh i Sráid Chill Dara freisin, díreach trasna an bhóthair [ón NLI]. Fuair mé an post sin sa Cheannoifig, agus d'oibrigh mé i dTeach na nAlbanach i gCé an Bhúrcaigh, ag obair mar theachtaire. Faoi 1989, luaigh comhghleacaí go raibh agallaimh á ndéanamh ag an NLI do phost an Mhaoir Leabharlainne. Cheap mé gur chóir dom dul – Ní raibh mé bailithe faoi aon agallaimh le cúig bliana roimhe sin – ar a laghad bheadh sé ina dheis dom cleachtadh le haghaidh agallaimh… agus fuair mé an post! An t-agallamh is fearr a ndeachaigh mé faoi riamh. Bhí mé go hiomlán ar mo shuaimhneas toisc nach raibh mé ag súil leis an bpost a fháil. Tháinig mé amach as an agallamh, mé ag brath go maith, ach bhí míonna fada caite nó go bhfuair mé an dea-scéal. Ba de thaisme amach is amach gur chuala mé faoin deis ar dtús fiú.
D'oibrigh mé i ngach rannóg [na Leabharlainne] … Ginealas, Lámhscríbhinní, Tréimhseacháin, an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Leabhair Nua, Priontaí agus Líníochtaí.
2) Cad é an rud/gaisce is mó a bhfuil tú mórálach as ó thaobh do ghairme ag an NLI?
Tá an-chuid rudaí a bhfuilim bródúil astu – Thug mé faoi MA agus mé ag obair anseo, agus d'íoc an Leabharlann as leath na dtáillí. Ba seans ceart críochnaithe arís é, nuair a thug mé fógra a raibh an cúrsa á fhógairt air faoi deara ar chlár fógraíochta sa seomra tae. Ba céim i Stair an Teaghlaigh in Ollscoil Luimnigh a bhí i gceist. Chuir mé i gcrích í thar dhá bhliain… Ní dhearnadh mé BA riamh. D'fhág mé an scoil san RA go díreach agus mo shéú breithlá déag sroichte agam. Trí lá ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag obair i siopa deisiúcháin bhróg. Le 45 bliana anuas, táim ag obair go seasta!
Nuair a bhog mé ar ais ó Shasana, d'oibrigh mé mar bhúistéir sa sean-ollmhargadh Quinnsworth i nDún Laoghaire. Ta a fhios agam go fóill conas an gearradh feola is fearr a roghnú, conas é a ghearradh – ní dhéanann tú dearmad na scileanna úd!
Táim bródúil freisin as na harduithe céime a fuair mé i gcaitheamh na mblianta, ach ba é an buaicphointe domsa ná mo MA a bhaint amach. Bhí sé deacair – Cheap mé go minic go gcaithfinn in aer é – ach lean mé orm. Agus d'éirigh liom. Agus ansin rinne mo bhean chéile, Anne, é freisin! Fuair mé mo theastas i 2012, agus fuair sise é in 2015. Tá an chéim chéanna ag an mbeirt againn.
Agus ar ndóigh, ba bhomaite eile a bhfuilim bródúil as ná bualadh le hAnne!
“Is garchabhróir mé agus ba mhaor dóiteáin mé chomh maith. Is maith liom a bheith páirteach i rud a chabhraíonn le daoine.” – James Harte
3) An féidir leat tuilleadh a insint maidir le bualadh le do bhean chéile Anne, agus an bheirt agaibh ag obair sa Leabharlann?
Ba ar an 9 Aibreán 1990 é, agus bhí mé ag siúl amach an doras cúil le Tom Mór Desmond [iarbhall den fhoireann NLI], agus chuir sé in aithne do Anne mé… níor shiúl muid amach go dtí mí an Mheithimh níos deireanaí sa bhliain sin, ach b'shin é an chead uair a bhuaileamar lena chéile… ach, thug mé í faoi deara timpeall na Leabharlainne roimhe sin. Dár gcéad choinne, chuamar amach le haghaidh deochanna ag Tommy’s Wrights [J R Mahons anois] – bhí corn an domhain ar siúl thart ar an am céanna.
Bhain tréimhsí greannmhara le bheith ag obair san áit chéanna, a raibh do bhean chéile. Tar éis oibriú go déanach lá amháin, casadh orm í sa lána agus dúirt mé léi gan smaoineamh: “Feicfidh mé amárach thú!” cé go bhfeicfinn níos deireanaí an oíche sin í sa bhaile! Ní rabhamar ach nuaphósta faoin am sin. Bhí tréimhsí greannmhara eile ann. B'fhéidir go mbeadh an bheirt againn sa seomra tae, agus b'fhéidir go n-iarrfadh Anne orm: “Cad ba mhaith leat don dinnéar anocht?” Agus bhíodh baill foirne nua, nó mic léinn ann, agus mearbhall orthu, sular rith sé leo go rabhamar pósta.
4) Mar chuid de do phost, bhíodh ort déileáil le hiarratais cheada ar íomhánna. Ar phléigh tú le haon iarratais aisteacha i gcaitheamh na mblianta/ar úsáideadh aon cheann acu i dtionscadail shuimiúla?
Nuair a thagann taighdeoirí isteach le haghaidh na sraithe teilifíse ginealais Who Do You Think You Are?, níl a fhios agat agus cead á lorg acu chun iarratais a dhéanamh ar íomhánna agus iad a úsáid, cé hiad na daoine atá i gceist. Déantar faoi rún ar fad é, ar eagla nach bhfuil go leor faisnéise ann faoina sinsir. Ba mhinic a raibh mé ag breathnú ar eagrán agus d'aithin mé cead a dheonaigh mé.
Rinneadh iarratas ar chead go díreach sular éirigh mé as – atá fós ar na bacáin – a úsáidfear ar an gcumhdach cluiche, PlayStation is dócha. Tráth dá raibh, b'iarratais ar íomhánna le húsáid ar chumhdach leabhar nó ar chláir Teilifíse a dhéantaí, ach bíonn rudaí ag athrú i gcónaí.
5) An bhfuil aon chomhairle agat don fhoireann reatha/amach anseo, chomh maith le comhairle do chuairteoirí ar an Leabharlann Náisiúnta?
Is áit í an NLI a athraíonn go síoraí. Ní raibh ríomhchatalóg againn nuair a thosaigh mé, ní raibh a leithéid de rud againn go dtí 1994! De bharr go mbíonn an teicneolaíocht ag athrú go seasta, molaim go ndéanfadh an fhoireann a oiread sin cúrsaí agus is féidir. B'shin é a rinne mise – Creidim gur éirigh go maith liom dul in oiriúint. Is próiseas foghlama a bhíonn i gceist i gcónaí. Creidim go n-éiríonn go maith leis an NLI a chuid daoine a choimeád cothrom le dáta leis na scileanna agus na hathruithe is deireanaí. An tslí a chabhraigh an Leabharlann liom le mo chúrsa MA, cuir i gcás.
Lenár dtaispeántais agus le Stair an Teaghlaigh, cuirimid seirbhís stuama ar fáil dár gcuairteoirí. Tá sé i bhfad níos éasca Ticéad an Léitheora a fháil sa lá atá inniu ann. Na blianta ó shin, bhíodh litir ag teastáil ó mhic léinn óna n-oidí nó óna gcoláiste, ach níl litir ag teastáil a thuilleadh. Úsáideann mórán mac léinn an Leabharlann mar áit staidéir, agus spreagfainn iad i gcónaí ár gcatalóg a scrúdú agus a fháil amach má tá aon rud ann a d'fhéadfadh cabhrú leo. I gcaitheamh na mblianta, tá daoine tagtha chomh fada leis an gcuntar chun a chur in iúl dom go bhfuair siad, go deimhin, ábhair úsáideacha, nach smaoineodh siad orthu a lorg. Tá taisce ábhair ar fáil dúinn.
6) Conas a d'athraigh campas na Leabharlainne i gcaitheamh na mblianta?
B'ionadaí ceardchumainn mé agus mé Grád 1 agus 2, agus bhí mé sa choiste rannpháirtíochta chomh maith roinnt blianta ó shin, agus iarradh orm an coiste sóisialta a bhunú. D'eagraímis imeachtaí amhail turais Bhus Taibhse Bhaile Átha Cliath, nó turais go dtí an amharclann. D'eagróinn imeachtaí sóisialta, ionas go bhféadfadh daoine ó rannóga éagsúla aithne a chur ar a chéile. Na blianta ó shin, bhí an fhoireann ar fad lonnaithe i bhfoirgneamh amháin – tá méadú suntasach tagtha uirthi ó shin.
Níorbh fhéidir Lámhscríbhinní a oscailt ar dtús, toisc go raibh foireann ag teastáil, agus ba chuid den fhoireann mé a ceapadh ionas gurbh fhéidir 2/3 Sráid Chill Dara a oscailt. Ní bhíodh 4 Sráid Chill Dara [áit a bhfuil ár n-oifigí riaracháin anois] ach ina siopa leabhair.
Is cuimhin liom oíche amháin agus mé ag déanamh ragoibre agus bhíodh seansiléar fíona anseo. Bhí na blianta caite agam ag obair san NLI, agus níorbh eol dom fiú go raibh sé ann. Dúradh liom dul síos roinnt céimeanna agus chuaigh mé ar strae sa dorchadas. Agus tháinig comhghleacaí, Jim O’Shea, chun mé a tarrtháil, le seanlóchrann... ar nós rud ón ré Victeoiriach!
Ó – Bhínn ar fhoireann pheile na NLI chomh maith, ar feadh mo bhlianta tosaigh sa Leabharlann, d'éirigh sách maith leo, ach ar an drochuair, níor bhuaigh siad aon rud... (gan leithscéalta a dhéanamh, ach bhíodh imreoirí a d'imríodh i Sraith na hÉireann mar chuid dá bhfoireann ag roinnt ranna!)
“Tá sé greannmhar nuair a dhéanann tú do mhachnamh ar oibriú sa Leabharlann – déanann tú dearmad gur cuid den stair thú – ní hiontach leat é, ar deireadh thiar thall. B'iomaí uair a bhínn ag obair in Oifig na dTicéad, agus thagadh daoine isteach agus deireadh siad, ‘Dia ár sábháil, nach aoibhinn an oifig atá agaibh anseo!’ Agus cuireann sé sin ag machnamh thú, agus ag smaoineamh ar an meas atá agat uirthi.”
7) An féidir leat insint dúinn faoin bhfuil a dheonaigh foireann na NLI a d'eagraigh tú gach bliain?
Thosaigh mé ag deonú fola in 1998. D'eagraigh mé deonuithe foirne ó 2004 – de ghnáth d'fhaightí seisear deonach. Ba mhic léinn iad go leor de na daoine a thagadh, agus ba dheis dóibh é bualadh le daoine. Bhuail mé féin le roinnt mhaith de bhaill na foirne trí na tionscnaimh sin – daoine nach mbeadh aon teagmháil agam leo taobh amuigh de sin.
D'eagróinn é ceithre huaire in aghaidh na bliana – gach 91 lá. Is í 67 deonú mo líon reatha!
James receiving an award from The Blood Bank for donating 50 units of blood, 8th November 2019
James at the GPO on Easter Day morning, 6th April 2015, as part of 'The Road to the Rising'
8) Cad é atá tú ag súil leis a dhéanamh anois agus tú ar scor?
Tá mé ag obair le fada – Ba bhreá liom níos mó ama a chaitheamh ag taisteal sa Bhliain Úr! Smaoineoinn ar thuilleadh staidéir, creidim gur rud maith é chun an intinn a choinneáil gníomhach. Níl sé beartaithe agam aon obair a dhéanamh faoi láthair… ach ní hionann sin agus a rá nach dtiocfar ar rud suimiúil.
Is iarfhostaí leis An Post é cara liom agus oibríonn sé don bhanc fola. Bíonn an-chuid d'iar-státseirbhísigh ag cabhrú ansin. B'fhéidir go ndéanfaidh mé é sin, mar sin, ach go fóill beag, táim níos sásta fuil a thabhairt!
James with his wife Anne and son Jamie after giving a final presentation at the NLI, 29th November 2024
Laura, James' daughter, posing for her profile photo for 'Sing Act Dance Drimnagh'
James with his son Jamie at the Emirates Stadium on the 11th February 2023 for the game against Brentford. As most staff in the Library know, James will always find a way to mention Arsenal!