Is é Aonach Tailteann an t-ainm is cuí do na cluichí seo. Bhí sé i gceist go n-ainmneofaí na comórtais as an bhféile ársa Ghaelach in ómós do Tháilte. Ba Bhanríon sa mhiotaseolaíocht í Táilte, máthair uchta Lughaidh Lámhfhada, dia a bhí ina ceann feadhna ar an Tuatha Dé Danann. Dhéantaí Aonach Tailteann a cheiliúradh gach bliain aimsir fhéile Lúnasa agus ba dheis é d’Ardrí na hÉireann a chumhacht agus a thionchar a léiriú trí na ríochtaí éagsúla ar fud na tíre a thabhairt le chéile – ríochtaí a bhíodh in adharca a chéile go síoraí – agus sos cogaidh a chur ar bun chun seachtain de chomórtais, searmanais reiligiúnacha agus caitheamh aimsire a reáchtáil.
Deirtear go mbíodh caitheamh sleánna, rásaíocht cos, léim chuaille, teilgean, boghdóireacht, rásaíocht chapaill agus eile i measc na gcomórtas a bhíodh ann. Bhíodh lucht ceirde agus daoine gairmiúla amhail filí ag dul in aghaidh a chéile chomh maith agus iad ag iarraidh clú agus cáil a bhaint amach dóibh féin.
Cé nach bhfuiltear go hiomlán cinnte faoi bhunús agus stair na féile, deirtear gur in 1169 AD faoi réimeas an Ardrí Ruaidrí Ua Conchobair a cuireadh an ceann deireanach ar bun. Ba é sin an bhliain a rinne na hAngla-Normannaigh ruaigeanna ar Éirinn den chéad uair, rud a d’fhág gur deireadh ré a bhí ann.
Agus Athbheochan na Gaeilge faoi lán seoil ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois, d’fhág an spéis chéanna a thug spreagadh d’athbheochan na Gaeilge agus na gCluichí Gaelacha go raibh uaillmhian ann Aonach Tailteann a chur ar bun an athuair chun féiniúlacht uathúil na hÉireann a chur in iúl. Bhain Maurice Davin agus Michael Davitt leas as an eagraíocht nuabhunaithe Cumann Lúthchleas Gael chun iarracht a dhéanamh an fhís sin a fhíorú. Níor éirigh le CLG sna blianta luatha dóthain maoiniú a thiomsú chun Aonach Tailteann a chur ar siúl arís. Bíodh sin mar atá, bheadh CLG lárnach sna pleananna a bhí ag Dáil Éireann chun an tAonach a chur ar bun.
Beartaíodh go ndéanfaí athbheochan stáit ar na cluichí in 1922, bíodh neamhspleáchas bainte amach nó ná bíodh, ach cuireadh moill air sin nuair a bhris Cogadh na gCarad amach. Ina ainneoin sin, lean JJ Walsh, an tAire Poist agus Telegrafa ar aghaidh leis na cluichí in 1924. Bhí sé beartaithe ag an am go reáchtálfaí iad gach ceithre bliana, ar aon dul leis na Cluichí Oilimpeacha. Bhí de dhifir idir seo agus na Cluichí Oilimpeacha, áfach, go raibh sé riachtanach a bheith i d’Éireannach, nó a bheith de shliocht Éireannach le páirt a ghlacadh in Aonach Tailteann. Rinneadh eisceachtaí do dhaoine áirithe, áfach, amhail an deacatlanaí Harold Osbourne, an snámhaí Johnny Weissmuller agus an dornálaí Gene Tunney.
Bhí an-tábhacht ag baint le hAonach Tailteann maidir le tionchar a imirt ar an dearcadh idirnáisiúnta i leith stát nua na hÉireann. Bhí sé lárnach freisin i mbunú thionscal na turasóireachta in Éirinn trí chuireadh a thabhairt do phiardaí móra le rá ón iasacht. Bheadh Aonach Tailteann tábhachtach freisin maidir le múnlú a dhéanamh ar chathair Bhaile Átha Cliath í féin. Rinne an rialtas nua £10,000 a dháileadh ar Pháirc an Chrócaigh chun Ardán Uí Ógáin a thógáil mar ullmhúchán don pháirc a bheith in úsáid ag croílár na n-imeachtaí ar fad.
D’fhág an tábhacht chultúrtha a bhí leis an Aonach, chomh maith leis an ról a bhí aige i bhféiniúlacht an stáit nua a mhúnlú, chomh maith leis na costais ar fad a bhain leis, go raibh na cluichí conspóideach ó thaobh na polaitíochta de. Cuireadh an milleán ar Fhianna Fáil mar gheall nár reáchtáladh na cluichí arís tar éis 1932, rud a bhí ina bhuile do Chumman na nGaedheal an dream a bhí i réimeas rompu.
Seans nach bhfuil rudaí chomh simplí sin áfach, agus más rud é gur mhaith leat níos mó eolais a fháil ar an institiúid chultúrtha seo ó laethanta luatha an tSaorstáit, tugtar cuireadh duit a bheith linn sa Leabharlann Náisiúnta ag 1pm ar an 2 Lúnasa 2024 nuair a bheidh muid ag déanamh ceiliúradh ar Aonach na bliana 1924 le cur i láthair faoin miotaseolaíocht, an stair, na daoine agus na háiteanna a bhaineann le scéal Aonach Tailteann. Fiosróidh muid freisin an bhaint atá acu leis an Leabharlann Náisiúnta féin.
-----------
Le Tadhg Mac Cionnaith
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann