Léirigh Heaney an portach mar mheafar d’acmhainneacht chruthaitheach. Sa dán ‘Digging’, an dán tosaigh ina chéad chnuasach, scríobh Heaney go bródúil:
"My grandfather cut more turf in a day than any other man on Toner’s bog."
Úsáideann sé a sheanathair ag tochailt mar mheafar den fhile ag tochailt ar thóir na hionspioráide. Seachas an spád, an peann is ea a rogha uirlis, agus ar seisean,
“But I’ve no spade to follow men like them.
Between my finger and my thumb
The squat pen rests.
I’ll dig with it.
Bhí Heaney den tuairim chomh maith go raibh an portach ina shiombail d’fhéiniúlacht na hÉireann, ní hamháin toisc gur príomhghné de thírdhreach na tíre é, ach toisc gur timpeallacht é cré fhliuch an phortaigh a chaomhnaíonn agus a chuimhníonn ar gach rud.
Sa dán ‘Bogland’, an dán deiridh sa dara cnuasach dá chuid, déanann Heaney ceiliúradh ar an bportach mar acmhainn uathúil luachmhar. Tagraíonn sé go ceanúil dó mar ‘kind black butter’, agus tírdhreach dinimiciúil ‘ that keeps crusting / Between the sights of the sun’. Scríobh sé faoin bportach mar thaisceadán todhchaí a chaomhnaíonn stair na tíre seo:
They’ve taken the skeleton
Of the great Irish Elk
Out of the peat.
Ba thábhachtaí fós an portach ina chuid scríbhneoireachta sna cnuasaigh a tháinig ina dhiaidh sin.
I 1969, léigh sé leabhar dar teideal ‘The Bog People’ le seandálaí ón Danmhairg darbh ainm P.V. Glob. Coirp ón Iarannaois a fuarthas curtha i bportaigh ar fud Thuaisceart na hEorpa ábhar an leabhair seo. Léigh Heaney go mb’fhéidir gur maraíodh na daoine seo mar íobairt do dhia talún chun athnuachan agus torthúlacht na críche a chinntiú san earrach. In aiste dar teideal ‘Feeling into Words’ rinne sé cur síos mar seo a leanas ar thionchar an leabhair air:
"the unforgettable photographs of these victims blended in my mind with photographs of atrocities, past and present, in the long rites of Irish political and religious struggles."
D’úsáid sé coirp phortaigh mar mheafar cumhachtach chun plé a dhéanamh ar an bhforéigean polaitiúil i dTuaisceart Éireann. Spreag an t-ábhar sin é sraith de dhánta portaigh a scríobh, dánta atá le fáil sa chnuasach dar teideal North go príomha. I 1976, chuaigh Heaney go dtí an Danmhairg chun bualadh le P.V. Glob agus súil a leagan ar na coirp phortaigh a bhí ina spreagadh dó.
Agus é ag éirí ní b’fheasaí ar na héifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann leis an tionsclaíocht agus le móin a bhaint, d’úsáid Heaney a chuid scríbhneoireachta chun portaigh agus bogaigh a chosaint. I mí na Bealtaine 1989, bhronn Heaney dréacht lámhscríbhinne de dhán portaigh dar teideal ‘Belderg’ (dán faoi Achaidh Chéide a fuarthas faoin bportach) le díol ar ceant ar son Chomhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann. Ansin i 2005, nuair a bhí caint ar mhótarbhealach nua a thógáil ar phortaigh agus bogaigh neamh-mhillte in aice le Loch nEathach, bhí Seamus Heaney i measc na ndaoine a labhair amach ina choinne. Scríobh sé litir chuig Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Peter Hain, á rá gur cuireadh ar an eolas é faoin dochar a dhéanfar don éiceolaíocht i gceantar an Locha Bhig/Phortach Mhaigh Choille Criathair. Leag sé béim ar thábhacht an cheantair dó:
"I have known and loved this area since childhood and have written about it – or rather out of it – often."
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi cheangal Heaney leis an bportach, tabhair cuairt ar an taispeántas dár gcuid dar teideal Seamus Heaney: Éist Anois Arís, áit ar féidir féachaint ar dhréachtaí de dhánta portaigh cáiliúla Heaney, chomh maith le cárta poist a sheol sé chuig cara leis agus é sa Danmhairg.