Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Iniúchadh a dhéanamh ar Chúrsaí Eitlíochta in Éirinn – ó Bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Déardaoin, 1 Lúnasa 2024
Amelia Earhart at Derry, 21 May 1932

Amelia Earhart at Derry, 21 May 1932, Independent Newspapers Collection (INDH2848)

Dá n-iarrtar ort imeacht suntasach i stair eitlíochta na hÉireann a lua, cad a déarfá?

Labhraítear fós faoin lá a tháinig Amelia Earhart go talamh i ngort i nDoire i 1932, agus í ar an gcéad duine chun eitilt aonair thrasatlantach a chur i gcrích. Tá roinnt grianghraf ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a dhéanann doiciméadú ar an imeacht sin, a tharla ar an 21 Bealtaine, 1932. Tá cóip de cheann de na grianghraif le feiceáil inár dtaispeántas Daoine agus Áiteanna ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill.

Bhain Earhart clú agus cáil amach nuair a tháinig go talamh i nDoire, agus tá sí ar dhuine den iliomad eitleoirí suntasacha in Éirinn anois. Idir oibritheoirí raidió agus loingseoirí agus phíolótaí ban ceannródaíocha, tá neart stair eitlíochta na hÉireann ann le fiosrú!

Is imeacht é deireadh seachtaine Thaispeántas Eitleoireachta Bhré (a bheidh ar siúl i mbliana ar an 3 Lúnasa, 2024) a thugann lucht leanúna eitlíochta agus lucht féachana ócáideach araon le chéile. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an imeacht iontach seo i mbliana, tugaimid cuireadh duit teacht chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcuid uathúil seo de stair na hÉireann.

Ag féachaint ar bhailiúchán mór nuachtán na Leabharlainne Náisiúnta, is féidir teacht ar eolas faoin mBantiarna Mary Heath (1896-1939). Cé go raibh aithne mhaith uirthi faoin ainm sin, Sophie Catherine Theresa Peirce-Evans a tugadh uirthi nuair a rugadh i gCnoc an Doire, i gContae Luimnigh í. Ba dhuine aclaí i gcónaí í agus thosaigh sí ag cur spéise i gcúrsaí eitlíochta timpeall 1925. Ba í an chéad bhean le bheith í ina ball de Chlub Eitleáin Bheaga Londan, agus bhí a ceadúnas príobháideach bainte amach aici faoi mhí na Samhna 1925 .

Ag an am, bhí an Coimisiún Idirnáisiúnta um Aerloingseoireacht tar éis cosc a chur ar cheadúnais tráchtála do mhná. Chuir Heath brú orthu cead a thabhairt di iarratas a dhéanamh ar cheadúnas. Thug siad cead di tabhairt faoin tástáil chun ceadúnas a bhaint amach ach ar an gcoinníoll go dtabharfadh sí faoin tástáil aclaíochta agus í ag míostrú. I mí Eanáir 1926, bhí sí ar an gcéad bhanphíolóta tráchtála aitheanta sa Bhreatain. Ba mhinic Heath i mbéal an phobail ina dhiaidh sin. Bhain sí a beatha amach ag rásaíocht, ag teagasc agus ag tabhairt faoi éachtaí. Mar a léirítear sa phíosa seo ón Evening Herald, dar dáta an 11 Iúil, 1928.

Tá cóipeanna den Evening Herald ón 19 Nollaig, 1891 go dtí an 9 Márta 2013 ar fáil i Seomra Léitheoireachta Micreascannán i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is féidir iad a léamh go digiteach ar an láthair freisin trínár síntiús do Chartlann Nuachtán na hÉireann.

Two women pilots photographed for the Evening Herald; 11 July 1928– page 1

Evening Herald; 11 July 1928– page 1

Ní ba luaithe an bhliain áirithe sin, ba í an Bhantiarna Mary Heath an chéad duine a d’eitil ina haonar ó Cape Town san Afraic Theas go Londain. Thosaigh sí amach ar an aistear sin i mí Eanáir agus tháinig sí chun talún don uair dheireanach i mBealtaine 1928, ag eitilt ina Avro Avian, déphlána ina raibh cró píolótaíochta oscailte.

Tar éis di an turas go Londain a chur i gcrích, dúirt an Bhantiarna Heath leis an Daily Express:

“Tá sé chomh sábháilte sin gur féidir le bean eitilt trasna na hAfraice agus gúna Párasach uirthi agus púdar a choinneáil ar a srón an bealach ar fad.”

Cé go ndearna an Bhantiarna Heath beag is fiú dá cuid éachtaí don nuachtán, ba eitleoir den chéad scoth í agus ní turas éasca a bhí ann gan aon agó. Fuair sí béim ghréine sa tSiombáib agus bhí uirthi tuirlingt éigeandála a dhéanamh dá bharr.

Ní ba dhéanaí sa bhliain, bhuail Earhart le Heath nuair a bhí sí i Londain. Bhí Heath tar éis cuireadh a thabhairt di teacht chun eitilt léi san Avro Avian. Thaithn an t-eitleán go mór le Earhart de réir na scéalta agus thapaigh sí an deis é a cheannach ó Heath agus é a sheoladh go Meiriceá.

Dúirt an Bhantiarna Heath tráth:

“Is tír iontach í Éire le haghaidh na heitilte. Tá sí i bhfad níos fearr ná Sasana mar tá i bhfad níos mó den tír faoin tuath agus tá na páirceanna níos mó.”

Fuair Earhart amach gurbh fhíor an tuairim sin nuair a chríochnaigh sí a heitilt aonair gan choinne i nDoire, ceithre bliana i ndiaidh eitilt mhór Heath.

Miss Amelia Earhart, Atlantic Flier at Derry beside Aircraft

Miss Amelia Earhart, Atlantic Flier at Derry beside Aircraft, Independent Newspapers Collection (IND H 2475)

Níorbh iad Heath agus Earhart amháin a bhí tógtha le hÉirinn mar áit oiriúnach don eitilt. Tá grianghraif eile ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a dhéanann doiciméadú ar imeachtaí eitlíochta suntasacha eile a tharla in Éirinn. I 1928, thosaigh an píolóta Astrálach Charles Kingsford Smith amach ar a thuras timpeall an domhain. I 1930, tháinig sé go hÉirinn — ní raibh sé ach cúpla eitilt ó Mheiriceá Thuaidh agus Oakland, California, áit a gcuirfeadh sé a lúb i gcrích. Tháinig Smith go talamh i bPort Mearnóg agus d’éirigh sé in airde arís ón áit chéanna. Déantar ceiliúradh fós ann ar an ócáid stairiúil seo sa lá atá inniu ann.

Southern Cross, Atlantic Flight: crowds surround aircraft

Southern Cross, Atlantic Flight: crowds surround aircraft, 1930, Independent Newspapers Collection (IND H 1494)

D’éirigh ceathrar fear in airde ó Thrá Phort Mearnóg ar 12:57 ar an 24 Meitheamh in eitleán Southern Cross, Paddy Saul, an loingseoir arbh as na Sceirí dó ina measc.

Crew of the "Southern Cross" at Portmarnock

Transatlantic Flights: Crew of the "Southern Cross" at Portmarnock. L-R: Captain JP Saul, Navigator, Sir Charles Kingsford-Smith, Skipper, JW Stannage and Van Dyck, Independent Newspapers Collection (IND H 2842)

Ba mhinic le linn an turais a sheol an fhoireann teachtaireachtaí raidió chuig oibreoirí agus chuig an bpobal. Feidhmíonn beirt bhan trealamh raidió anseo chun an t-eolas is déanaí a chloisteáil. Is as Bailiúchán ollmhór na Nuachtán Neamhspleách an íomhá seo atá ina chuid anois de na cúig mhilliún grianghraf i mbailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Two women operating radio equipment

Southern Cross, Atlantic Flight: Two women operating radio equipment, 1930, Independent Newspapers Collection (IND H 1511)

Thuairiscigh an nuachtán na himeachtaí mar a tharla siad le linn na heitilte, a thóg thart ar 31 uair an chloig. Tá greim ag beirt bhan ar an nuachtán seo, agus is mionsonra é a tógadh ó íomhá eile a tógadh an lá céanna.

Tá éachtaí na n-eitleoirí cróga seo go léir mar bhonn agus mar thaca ag na héachtaí eitlíochta nua-aimseartha go léir, agus is féidir leat tuilleadh a léamh faoina gcuid eachtraí i Seomraí Léitheoireachta íocónacha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Níl anseo ach píosa beag den chartlann ollmhór ábhar atá sa Leabharlann Náisiúnta. Má tá tú ag dul chun féachaint ar an taispeántas an deireadh seachtaine seo i mBré, beidh tú ag leanúint lorg an Tiarna Carberry, a d’éirigh in airde ó Eastát Woodbrook in aice le Bré ar an 18 Iúil 1914 ina eitleán Morane-Saulnier H. Thug sé taispeántas ansin, ag dul i mbun cleasa eitlíochta agus slua ag féachaint air ó bhalla Chuan Bhré—slua a tháinig le chéile sa tslí chéanna agus a dtiocfaidh na sluaite le chéile an deireadh seachtaine seo chugainn.

Lord Carbery's Morane at Bray

Lord Carbery's Morane at Bray, photographed by Thomas Holmes Mason, 18 July 1914, Mason Photographic Collection (M24/60/9)

Tuilleadh eolais: 

Tabhair cuairt ar ár dtaispeántas Daoine agus Áiteanna ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta chun tuirlingt cháiliúil Earhart a fheiceáil agus iniúchadh a dhéanamh ar ár gcatalóg chun teacht ar a thuilleadh ábhair ar an luath-eitlíocht.

Tá ticéad léitheora ag teastáil chun rochtain a fháil ar gach seomra léitheoireachta agus spás taighde. Is féidir iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora saor in aisce ach an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú.

Is féidir iniúchadh a dhéanamh ar na foinsí seo a leanas ó údair Éireannacha:

  • Naughton, Lindie. Lady Icarus: the Life of Irish Aviator Lady Mary Heath[1]. Baile Átha Cliath: Ashfield Press, 2004
  • Traynor, Michael. Petticoat Pilots[1]. Baile Átha Cliath: Michael Traynor, 2019

Tá ár seomraí léitheoireachta agus ár spásanna taighde oscailte ar an Luan, ar an Déardaoin & ar an Aoine: 9.30am - 5pm; An Mháirt - An Chéadaoin: 9.30am - 7pm; agus Sathairn áirithe. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Déan iniúchadh níos doimhne chun tuilleadh eolais a fháil faoinár mbailiúchán grianghraf trí bhreathnú ar Flicker Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. In 2011, thosaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag roinnt íomhánna leis an bpobal i gcoitinne ónár mbailiúcháin nach raibh aon srianta cóipchirt aitheanta ag gabháil leo. Mar atá á dhéanamh ag níos mó ná céad leabharlann, cartlann agus músaem náisiúnta eile, leanfaimid orainn ag roinnt ár mbailiúchán grianghrafadóireachta le lucht féachana ollmhór ar líne trí Flickr Commons. Tugann úsáideoirí Flickr a gcuid ama go fial saor in aisce chun cabhrú linn faisnéis thábhachtach fúthu a aithint.

Foinsí Breise:

 

-----------

Le Anna Pitts

Cúntóir Oideachais