Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Páipéir de chuid an Teaghlaigh Vandeleur (Wardenstown)

Le Luke Murphy, Scoláireacht Taighde NLI 2023/2024

Dé Céadaoin, 11 Meán Fómhair 2024
Aerial view of Wardenstown House, County Westmeath

Wardenstown House, County Westmeath (NLI, MS 51,572/163)

“…Tá a fhios agam nach bhfuil sé dathúil ar chor ar bith, ach is Éireannach mór dea-chroíoch fial agus éadromaigeanta é…Tá a theach timpeall 12 nó 13 mhíle ón Muileann gCearr agus tugtar Wardenstown air. Dúirt sé gur seanbhathlach tí atá ann, nó ar a laghad tá drochbhail air faoi láthair. Ach tá an gairdín go deas, agus deir sé go mbeidh mé ar mo thoil féin agus gur féidir liom athruithe a dhéanamh a íocfaidh sé astu (nuair a bheidh an cogadh thart!). Beidh muid beo bocht ach beidh capaill againn agus beimid in ann seilg agus tá sé an-tógtha le gach spórt – lámhach, iascaireacht, sealgaireacht, agus léimrásaíocht, agus déanfaidh muid cuid mhór acu…is trua é go bhfuil cuma ar an scéal go bhfuil an cogadh an-rialta faoi láthair ” – Ruth Sidney Layard chuig a haintín Honoria Hayes, Mí Iúil 1915 (NLI, Páipéir Vandeleur, MS 51,572/96/4)

 

 

Portrait of Ruth Sidney Vandeleur

Ruth Sidney Vandeleur (NLI, MS 51,572/158)

Féadfaidh na heastáit talún a bheith ina n-údaráis chartlainne iontu féin. Cruthaíodh taifid éagsúla amhail léarscáileanna, léasanna agus páipéir riaracháin bainteach leis an maoin mar thoradh ar bhainistíocht a dhéanamh ar an eastát. Má bhíonn an t-ádh orainn, féadfar páipéir phearsanta agus theaghlaigh amhail comhfhreagras, fuíoll-leabhair agus dialanna a chur leis na páipéir eastáit. Tógadh an sliocht thuas ó litir a scríobh Ruth Sidney Layard (1887-1975) chuig aintín léi in Gloucestershire, Sasana, i Mí Iúil 1915. Bhí Ruth 28 bliain d’aois agus ag obair mar altra in ospidéal machaire sa Fhrainc le Fórsa Sluaíochta na Breataine ag an am sin. Ar fhilleadh di ón gcogadh, phós sí an fear a bhí i gceist, Crofton Talbot Bayly Vandeleur (1881-1927), Leifteanant sa North Somerset Yeomanry. Ansin d’aistrigh Ruth go Teach Wardenstown i gContae na hIarmhí.


Clapsholas Chinsealacht na hÉireann a bhí ann, mar a bhí tugtha le fios ag stádas airgeadais Crofton. Tamall gairid tar éis dóibh filleadh ón gCogadh, de réir a chéile cuireadh tús le díolachán de phíosaí talún ar eastát Wardenstown. Léiríodh leis seo an cás ina raibh go leor tiarnaí talún ar fud na hÉireann ag leanúint na nAchtanna Talún a ceadaíodh sna blianta roimhe sin, rud a chuir borradh faoi mheath fada an Tí Mhóir in Éirinn, gan amhras. Tá gach rud taifeadta i bpáipéir dlí agus airgeadais, sna léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis anótáilte den eastát san Iarmhí agus i míreanna éagsúla eile amhail comhfhreagras a fuarthas sna Páipéir Vandeleur, a ndearnadh iad a chatalógú le déanaí agus ar cuireadh ar fáil iad ar mhaithe le comhairliúchán ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Crofton, Ruth and their two children Joan and Nesta outside Wardenstown House

Crofton, Ruth and their two children Joan and Nesta outside Wardenstown House (NLI, MS 51,572/206)

Cionn is go bhfuil muintearas ag an teaghlach le Tiarnaí Avonmore agus le Ridirí Chiarraí, tá ábhar a chlúdaíonn faisnéis ón seachtú haois déag suas go dtí an fichiú haois déag agus a bhaineann le teaghlach sínte an teaghlaigh Vandeleur, amhail na teaghlaigh Bayly, Croasdaile, Hayes agus Yelverton, san áireamh sa bhailiúchán freisin. Tháinig roinnt páipéar de chuid an Oirmhinnigh William Falkiner maidir le stair áitiúil na hIarmhí i seilbh an teaghlaigh Vandeleur freisin. Tá na páipéir Layard mar bhuaicphointe an bhailiúcháin, go háirithe ábhar a bhaineann le file agus ársaitheoir Nina Francis Layard (1853-1935), aintín Ruth. Ceannródaí a bhí i Nina sa mhéid is go raibh sí ar dhuine de na chéad mhná a toghadh mar Chomhalta den Chumann Ársaíochta Londain. I sraith dialann tá taifead dá haistir ar fud Sasana, Albain, Éire, agus níos faide i gcéin lena páirtí, Mary Frances Outram. Is foinsí sárluachmhara iad na dialanna seo maidir le seandálaíocht, ársaíocht agus stair na mban ag tús na haoise nua agus cuireann siad go mór le saothair acadúla Nina agus le rogha dá litreacha atá le fáil sa bhailiúchán freisin.

Portrait of Nina Frances Layard in hat

Nina Frances Layard, 1853-1935 (NLI, MS 51,572/155)

Cé go mbíonn cartlanna na n-eastát talún teoranta sa mhéid is go mbíonn siad dírithe ar an meánaicme agus ar an uasaicme den chuid is mó, tá cuid mhór le foghlaim uathu ag scoláire staire áitiúla agus ag daoine a bhfuil staidéar ar eastáit talún agus ar uasaicme na dtiarnaí talún in Éirinn á dhéanamh acu. Léirítear sa réimse ábhair taobh istigh de na Páipéir Vandeleur, ó léasanna agus gníomhais go fuíoll-leabhair a bhaineann leis an gCéad agus leis an Dara Cogadh Domhanda, luach na mbailiúchán den sórt sin. Mar sin de, is dea-mheabhrúcháin iad na Páipéir Vandeleur gur acmhainní tábhachtacha iad taifid na n-eastát talún. Is minic a théann a dtábhacht thar chríocha an eastáit, ag cur deiseanna ar fáil chun léargais nua a fháil ar stair na hÉireann.

Black and while photograph of a group of adults and children.

Wardenstown House, County Westmeath (NLI, MS 51,572/162)