Is mór liom gur roghnaíodh Mí Bhród na nAerach agus LADTA+ chun ‘Páipéir Michael Barron’ a chur ar fáil go poiblí den chéad uair. Mar dhuine Aiteach, tá roinnt mhaith de mo shaol caite agam ag feachtasaíocht ar son na Saoirse Aití agus tá cuid mhaith den obair seo le feiceáil anois sa Leabharlann Náisiúnta.
An bhliain seo, beidh comóradh 21 bhliain ar an bhfód na heagraíochta tathanta don phobal LADTA+ ógBeLonG Toá cheiliúradh, eagraíocht a raibh mé féin i mo comhbhunaitheoir uirthi. Is ionann taispeáint na bpáipéar seo agus cineál teacht in inmhe dúinn ar fad, mar sin.
Is éard atá sna páipéir, atá ar fáil anois lena gceadú go pearsanta nó tríd an gcartlann dhigiteach ar an suíomh gréasáin Michael Barron, ná bailiúchán de thaighde, sraith straitéisí, scríbhinní pearsanta, ailt nuachtáin agus tuairimíochta, straitéisí feachtais, nótaí pleanála, cuimhní cinn agus earraí inbhailithe amhail málaí agus suaitheantais.
Cé go n-insítear scéal an athraithe shóisialta in Éirinn de ghnáth trí chur síos a dhéanamh ar chora cinniúnacha i stair na tíre, insíonn an t-ábhar seo an scéal tábhachtach leanúnach a tharla sa chúlra. Tugann an t-ábhar léargas ar obair agus ar straitéisí fadtéarmacha na bhfeachtasóirí, rud a chuidigh go mór leis na dálaí cearta a chruthú faoina bhféadfadh na hathruithe móra teacht chun cinn. Eachtraítear scéal an fheachtais chun Comhionannas do dhaoine óga LADTA+ a bhaint amach, feachtas a mhair na blianta fada, agus tugtar léargas dúinn faoin mbealach ar chuidigh an feachtas seo le sochaí nua a mhúnlú, Éire a thug aitheantas ceart dá pobal LADTA+ .
Rinne mé cinneadh na páipéir seo a chur os comhair an phobail ar an tuiscint go bhféadfadh siad a bheith úsáideach do dhaoine agus do ghrúpaí eile amach anseo. Ón tús, agus mé ag feachtasaíocht ar son ceartas sóisialta, bá é an seasamh seo - ‘Thar Aon Ní Eile, Bí Úsáideach’ - an bunphrionsabal a bhí mar threoir agam. Tá súil agam go mbeidh na páipéir seo úsáideach do lucht taighde, do mhic agus d’iníonacha léinn agus d’aon duine eile a bhfuil suim acu sa ghníomhaíochas ar son ceartas sóisialta.
Agus muid ag maireachtáil i ré an-suaite, tá gá ann deiseanna foghlama ó ghlúin go glúin a chruthú, agus is ábhar dóchais é nuair a bhíonn a fhios againn nach é seo an chéad uair a raibh orainn tabhairt faoi na dúshláin atá os ár gcomhair inniu.
San ábhar a bhaineann le mo shaol mar fheachtasóir san eagraíocht BeLonG ar son daoine óga LADTA+ (2003-2015), insítear scéal faoin mbealach ar éirigh linn meon an phobail a mhúnlú agus an beartas poiblí i leith daoine óga LADTA+ in Éirinn a athrú ó bhonn. Tugtar léargas ann ar na straitéisí a úsáideadh chun an dearcadh atá ag daoine óga LADTA+ orthu féin a athrú. Ar mhaithe leis an athrú seo a bhaint amach, ar dtús bhí orainn an bealach ar chaith Éire le daoine óga LADTA+ a athrú. Tá ábhar ann a bhaineann le feachtais éagsúla, lena n-áirítear clár faisnéise teilifíse Aoife Kelleher Growing Up Gay(2010) a thug léargas don ghnáthdhuine ar shaol daoine Aiteacha in Éirinn, chomh maith le hábhar ón bhfeachtas ‘BeLonG to Yes’, feachtas ar son an Chomhionannais Phósta a d’iarr ar an bpobal Éireannach ‘Buanathrú chun feabhais a dhéanamh ar thaithí daoine óga LADTA+ a fhásann aníos in Éirinn.’
Mar chuid den chartlann freisin tá bailiúchán ábhar a bhaineann lenár rannpháirtíocht leis an rialtas i rith an ama seo ina dtugtar léargas ar an mbealach ar cuireadh deireadh leis an neamhaird a bhí á déanamh ar dhaoine óga LADTA+ sa bheartas poiblí agus ar an mbealach a bhfuil cearta na ndaoine sin ag croílár an bheartais phoiblí sa lá atá inniu ann.
Chomh maith leis sin, insítear scéal na gluaiseachta a throid ar son scaradh na heaglaise agus an stáit in Éirinn i rith na chéad fiche bliain den 21ú haois. Tá go leor den ábhar seo le fáil sa mhír ‘EQUATE’ de na páipéir. Ba eagraíocht EQUATE a bhí á reáchtáil agam féin in éineacht le foireann iontach agus a raibh mar aidhm aici rochtain agus eispéireas comhionanna a chur chun cinn i scoileanna na hÉireann, a bhformhór mór á bhainistiú ag grúpaí Críostaí. Tá go leor ábhar sa mhír seo a bhaineann leis an bhfeachtas a cuireadh ar bun chun an Bhacainn Bhaiste a bhaint i bhformhór scoileanna na hÉireann (áit a mbíodh sé de chead ag scoileanna diúltú do pháistí nach raibh an gcleamhnú reiligiúnach sin acu). Cuimsíonn an mhír seo ábhar maidir le straitéisí feachtais agus cumarsáide, nótaí a glacadh ag cruinnithe leis an rialtas agus ag comhdhálacha, chomh maith le píosaí taighde agus torthaí ó phobalbhreitheanna.
Ní féidir a rá i gcónaí go gcuirtear fáilte mhór roimh an bhfeachtasóir ar son ceartas sóisialta, go mór mór nuair is cearta daoine óga LADTA+ agus ceisteanna faoin gcomhionannas i scoileanna atá i gceist. Ní áit róchairdiúil an réimse atá i bpáirt ag an eaglais agus ag an stát ach an oiread. Feicfear sa bhailiúchán seo go raibh orainn díriú isteach ar athruithe sóisialta a bhaint amach beag beann ar an doicheall forleathan a bhí romhainn.
Bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair le go leor daoine iontacha i rith na tréimhse atá clúdaithe ag na páipéir seo - le daoine óga fíorspreagúla agus feachtasóirí eile a throid go calma le m’ais. Tá bóthar fada romhainn go fóill, agus tá súil agam go mbeidh na páipéir seo ina gcuidiú sa troid chun saoirse a bhaint amach do chách.
Oibríonn Michael in Éirinn agus go hidirnáisiúnta chun cearta pobail éagsúla atá ar imeall na sochaí a chur chun cinn. In Éirinn, bhí sé mar Stiúrthóir Bunaidh ar na heagraíochtaí BeLonG To LGBT Organisation agus EQUATE Equality in Education. Is Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Rowan Trust é faoi láthair, fondúireacht idirnáisiúnta a throideann ar son chearta an duine.