Soláthraíonn siad rochtain dhigiteach ar bhailiúcháin lámhscríbhinní, irisí, nuachtáin stairiúla Éireannacha agus leabhair luathchlóite chomh maith le sraith d'acmhainní staire teaghlaigh agus ginealais. Áirítear leo míreanna ó bhailiúcháin NLI, agus tá an rochtain dhigiteach seo níos éasca agus níos tapúla ná dul i gcomhairle leis na míreanna bunaidh nó cóipeanna ar mhicreascannán. Is ar an láthair sna seomraí léitheoireachta faoi láthair amháin a fhéadfar teacht ar rogha ríomhacmhainní atá ar fáil trí shíntiús. Tá pleananna ann cianrochtain saor in aisce a leathnú chuig baill na leabharlainne amach anseo.
Is gné suntasach a cuireadh lenár n-acmhainní digiteacha le déanaí iad na Taifid Chaisleán Bhaile Átha Cliath 1798-1926 ina bhfuil taifid ar riarachán na Breataine in Éirinn roimh 1922. Sna doiciméid seo, déantar taifead ar bheartais na Breataine, freagraí sochaíocha ar leasuithe éagsúla, corraíl talmhaíochta, agus gluaiseachtaí náisiúnacha. Áirítear leo faisnéis faoi dhálaí eacnamaíocha, staitisticí coireachta, agus monatóireacht rialtais ar eagraíochtaí polaitiúla. Soláthraítear taifead freisin ar ghníomhaíochtaí pearsana mór le rá Éireannacha e.g. Eamon de Valera, Maud Gonne, Helena Maloney agus Francis Sheehy Skeffington. Tugtar léargas saibhir sna taifid seo ar na streachailtí rialachais agus polaitiúla in Éirinn le linn rialú na Breataine, agus mar sin is acmhainn luachmhar iad do thaighdeoirí Stair na hÉireann le linn an 19ú haois agus na chéad scór bliain den 20ú haois. Chomh maith le taifid riaracháin na Breataine cuimsíonn siad freisin glór na hÉireann trí litreacha príosúnach chuig agus ó bhaill teaghlaigh, achainíocha chuig na húdaráis agus cóipeanna de phaimfléid pholaitiúla le Sinn Féin.
Coinnítear na bundoiciméid sa Chartlann Náisiúnta in Kew (sraith CO 904). Chuaigh léitheoirí an NLI i gcomhairle leis an ábhar sin roimhe seo trí na cóipeanna micreascannáin ionaid ar a dtugtar an tsraith Oifig Coilíneachta.
San iomlán tá 282 lámhscríbhinn liostaithe sa bhailiúchán le 119,866 íomhá. Ba chóir a thabhairt faoi deara toisc go bhfuil go leor de na bunchóipeanna lámhscríofa agus go dtógtar na cóipeanna digitithe ó na cóipeanna ar mhicreascannáin, d'fhéadfadh roinnt sonraí a bheith dúshlánach a dhéanamh amach.
Sna Seomraí Léitheoireachta
Tá Taifid Chaisleán Bhaile Átha Cliath 1798-1926 mar chuid de Gale Primary Sources, Archives Unboundagus is féidir iad a chuardach ar leithligh nó taobh le páipéir Stormont Thuaisceart Éireann: Pobal Roinnte: 1921-1972. Is féidir teacht orthu tríd an suíomh gréasáin sa rannóg Rialtais agus Oifigiúil dár leathanach ríomhacmhainní. Má tá tú ceangailte lenár líonra Wi-Fi le do ghléas pearsanta i.e, ríomhaire glúine, fón cliste etc. is féidir leat doiciméid a íoslódáil agus a shábháil ó Thaifid Chaisleán Bhaile Átha Cliath.