Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Seamus Heaney agus an Léann Clasaiceach

Leis an Dr Liam O’Rourke, Cúntóir Sealadach Eispéiris Cuartaíochta ag Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Dé Máirt, 19 Samhain 2024
Seamus Heaney sitting outside in Wicklow

Seamus Heaney in Wicklow in 1971, photographed by Jack McManus

Bhí an chaint seo ó Fhéile na Staire, Baile Átha Cliath: ‘Seamus Heaney agus an Léann Clasaiceach’, mar chuid de thaispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís i bhFaiche an Choláiste, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an 9 Deireadh Fómhair 2024.

Rinne an tOllamh John Dillon ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Seamus Heaney a mholadh go haer mar fhile nuair a dúirt sé go raibh sé de chumas aige croí na gclasaicí ársa a thógáil agus é a chur ag preabadh trí artairí na filíochta nua-aimseartha; chun saibhriú an dá sheánra.[1] Cé go raibh sé de nós ag luath-fhilíocht Heaney a bheith leabaithe sa chré, ghlac na clasaicí ról ollmhór ina nádúr liteartha. Chuir sé tagairtí clasaiceacha i bhfeidhm go minic chun an domhan áitiúil a nascadh leis an domhan mór, agus comparáid á déanamh aige idir pumpa uisce an teaghlaigh ina áit dhúchais, Mossbawn, agus cloch 'omphalos' Dheilfe a bhí ina lárionad beannaithe de dhomhan ársa na Gréige; nó idir a athair a bhíodh ag grásaeireacht agus an dia Gréagach, Hermes, pátrún na dtrádálaithe agus na gceannaithe.[2]

Chreid Heaney gur chuir an drámaíocht saoirse ealaíne níos mó ar fáil dó ná mar a rinne an fhilíocht. Sna cóirithe uaidh ar Philoctetes agus Antigone le Sophocles, agus Aeneid: Book VI le Virgil, dhírigh Heaney aird ar choincheapa a bhaineann le haincheisteanna eitice agus lochtanna daonna, agus ar nádúr achrannach na polaitíochta in Éirinn agus ar fud an domhain. Sa chaoi ar láimhseáil sé na clasaicí, is léir gur chreid Heaney go raibh go leor le fáil ó na daoine a mhair fadó, toisc go bhfuil comhordanáidí de dhíth ar an gcoinsias 'chun muid féin a lonnú sa spás cultúrtha agus tíreolaíoch'.[3]

Tá saothar Heaney go mór faoi chomaoin oidhreacht liteartha agus chultúrtha na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe. Le cóirithe Heaney ar shaothar Sophocles agus Virgil, cuireadh ar a chumas a fhéiniúlacht féin a thuiscint, mar aon le saol comhaimseartha na hÉireann agus níos faide i gcéin: áitíonn Stephen Harrison gur féidir breathnú ar aistriúcháin liteartha Heaney mar shuíomhanna chun rabhadh a thabhairt faoin am atá i láthair agus chun féachaint ar an todhchaí éagsúil a d’fhéadfadh a bheith ann.[4] Ba mheafar é The Cure at Troy d’Éirinn mar a bhí agus mar atá, cás atá rófhada ag dul in olcas agus atá ina bhac ar an bpróiseas síochána. Bhí Neoptolemus agus é ag streachailt chun a dhílseacht do chúis na Gréige a choinneáil, agus a ionracas a choinneáil an tráth céanna, mealltach go háirithe do Heaney. Lena linn sin, ba shiombail é crá croí agus mire Philoctetes don aincheist a bhí roimh an-chuid Caitliceach agus Protastúnach le linn na dTrioblóidí.[5]

Chun rud a chruthú ina mbeadh brí maidir leis na Trioblóidí, mhothaigh Heaney gurb éigean dó guth fileata a thabhairt do na híospartaigh ar an dá thaobh den deighilt: imtheorannú gan triail, athair an stailceora ocrais, mac a fuair bás mar agóid nuair a bhí sé i bpríosún faoin rialtas Aontachtach; caoineann baintreach an phóilín a fear céile a dúnmharaíodh toisc gurb ionadaí é ar an réimeas Aontachtach. Tá na focail is minice a luaitear ón bhfile sa dara curfá ón deireadh.

 

‘History says, don’t hope

On this side of the grave.

But then, once in a lifetime

The longed-for tidal wave

Of justice can rise up,

And hope and history rhyme.’

 
Image of Heaney Books

Bhí Heaney ag iarraidh ciall leighis agus athmhuintearais a chruthú ag deireadh The Cure at Troy, ach tar éis dó léiriú beo a fheiceáil, d’admhaigh sé gur mhothaigh sé lagmhisniúil faoin gcaoi ar labhair sé le lucht féachana Éireannach.[6] Ina chéad dráma eile, The Burial at Thebes, gheall Heaney urraim a thabhairt do Sophocles trí chloí go daingean leis an téacs bunaidh. Ach bhí imeachtaí polaitiúla comhaimseartha in aice láimhe i gcónaí. Cé go bhfuil The Cure at Troy lán dóchais agus misnigh le haghaidh síochána de réir a chéile, léirítear i leagan Heaney de Antigone: The Burial at Thebes dearcadh níos tochtmhaire den pholaitíocht mar a bhí agus mar atá.[7] Díolann Antigone, duine de laochra Sophocles is mó le rá, go daor as a deartháir, Polyneices, a chur in aghaidh thoil Rí Creon Thebes. D’ainneoin rabhadh míthuarúil ó fháidheadóir, diúltaíonn Creon do ghéilleadh go dtí go bhfuil sé ródhéanach. Idir an dá linn, cuirtear Antigone ina beatha in uaimh i dumha carraige agus, níos déanaí, crochann sí í féin de bharr a bróin i ndiaidh a dearthár a maraíodh. Buailtear Haemon, leannán Antigone agus mac Creon, le brón, agus cinneann sé dul léi chuig tír na marbh. Bhí íospartach eile ag an imeacht tragóideach seo ina dhiaidh sin nuair a bheartaigh bean chéile Creon agus máthair Haemon í féin a mharú freisin.

An rud ar chuir Heaney an-suim ann sa dráma ná maímh Antigone go raibh sí ag gníomhú de réir dlíthe nádúrtha na ndéithe.[8] Deir Lucy Pitman-Wallace, a chonaic leagan Heaney de The Burial at Thebes in 2005, gur fhéach Heaney ar an gcothromaíocht mhorálta idir Creon agus Antigone mar thragóid dhúbailte, toisc go raibh dul amú ar an mbeirt acu ina gcuid creideamh.[9] 

Cé go raibh Heaney ag iarraidh cloí go dlúth leis an téacs bunaigh, mhothaigh sé gur cheart dó cothromaíocht a bhaint amach agus tagairtí comhaimseartha a dhéanamh don gheopholaitíocht chun an córas poiblíochta a shásamh, rud a theastaíonn ón drámaíocht.[10] Nuair a chuaigh Amharclann na Mainistreach chun cainte leis faoin dráma a léiriú, bhí an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda an 9/11 ag spreagadh náisiúnachas míleata i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Rinne Heaney comparáid idir dolúbthacht Creon agus Antigone agus meon trodach an Uachtaráin Bush i dtaobh neamhaird a thabhairt ar phrótacail na Náisiún Aontaithe agus an Iaráic a ionsaí.

In Aeneid: Book VI, bhí domhan thíos Virgil i láthair go síoraí i saothar Heaney.[11] Cuireann domhan thíos Virgil in Aeneid ciall dóchais ar fáil, le tús Impireacht na Róimhe a bhí le teacht. I leagan Heaney, aimsíonn sé ciall athbhreithe agus athnuachana a tháinig le breith a gharpháiste.[12] Dúirt Heaney faoi bhás a athar i mí Dheireadh Fómhair 1986 gur bhain sé an cumhdach deireanach den domhan agus go raibh sé cinnte go ndeachaigh sé i gcion air ar bhealaí nár thuig sé i gceart ansin ná anois.[13] Thug Catherine Heaney dearbhchloch ar an imeacht sin ar fhill a hathair air arís is arís eile, á thagairt, á lua agus á aistriú ar feadh a shaoil.[14]

Foinsí:

 

[1] Marianne McDonald, ‘Seamus Heaney’s ‘Cure at Troy’: politics and poetry in Classics Ireland, iii (1996), lgh. 129-40.

[2] Oliver Taplin, ‘’Boustrophedon between Helles and Rome’, in Seamus Heaney and the Classics (eag.), Stephen Harrison, Fiona Macintosh agus Helen Eastman (Oxford, 2019), lgh. 14-5.

[3] Seamus Heaney on Antigone, caint le haghaidh Amharclann na Mainistreach, 2008 Abbey Talks: Seamus Heaney discusses The Burial at Thebes, 2008

[4] Stephen Harrison, ‘Heaney as translator: Horace and Virgil’, in Seamus Heaney and the Classics (eag.), Stephen Harrison, Fiona Macintosh agus Helen Eastman (Oxford, 2019), lch. 274.

[5] MS draft of an introductory note on Sophocles’ play Philoctetes, N.L.L. MS 49,493/234; Dennis O’Driscoll, Stepping stones (Baile Átha Cliath, 2009), lgh. 420-2.

[6] Srila Nayak, ‘On the far side of revenge: The plays of Seamus Heaney: no flinching at fate’, in Irish Pages, viii (2014) lch.121.

[7] Marianne McDonald, ‘Seamus Heaney: an Irish poet mines the classics’, in Seamus Heaney and the Classics (eag.), Stephen Harrison, Fiona Macintosh agus Helen Eastman (Oxford, 2019), lch. 140.

[8] Marianne McDonald, ‘Seamus Heaney: an Irish poet mines the classics’, in Seamus Heaney and the Classics (eag.), Stephen Harrison, Fiona Macintosh agus Helen Eastman (Oxford, 2019), lch. 130.

[9] Stephen Harrison, Fiona Macintosh, ‘Introduction’, in Seamus Heaney and the Classics (eag.), Stephen Harrison, Fiona Macintosh agus Helen Eastman (Oxford, 2019).

[10] Seamus Heaney, Antigone: The Burial at Thebes (Londain, 2004), lch. 15.

[11] Rachel Falconer, ‘Heaney and Virgil’s Underworld Journey’, in Seamus Heaney and the Classics (eag.), Stephen Harrison, Fiona Macintosh agus Helen Eastman (Oxford, 2019), lch. 185.

[12] Peter McDonald, ‘Weird brightness and riverbank: Seamus Heaney, Virgil, and the need for translation’, in Seamus Heaney and the Classics (eag.), Stephen Harrison, Fiona Macintosh agus Helen Eastman (Oxford, 2019), lch. 173.

[13] Dennis O’Driscoll, Stepping Stones (Baile Átha Cliath, 2009), lch. 322.

[14] Aeneid: Book VI, Virgil, aistrithe ag Seamus Heaney (Londain, 2016), lgh. 52-3.