Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag caoineadh Edna O’Brien

Dé Luain, 29 Iúil 2024
Edna O'Brien holding book standing on stairs at the NLI

Edna O'Brien pictured at the National Library of Ireland's ‘Inspiration Proclamation’ series of public interviews, 2016

Ba chúis mhór bhróin do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann bás Edna O’Brien, duine de na scríbhneoirí is mó urraim agus is mó tionchar in Éirinn.

In 2021, ba mhór an onóir do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an chartlann is déanaí de chuid O’Brien a fháil. Clúdaíonn an chartlann sin an tréimhse ó 2009 go 2021, agus is cnuasach suntasach lámhscríbhinní, dréachtaí agus comhfhreagras pearsanta í a thugann léargas fíorluachmhar dúinn ar a próiseas cruthaitheach. Cuireadh an cnuasach seo lena páipéir roimhe sin ó 2000 go 2009, atá á gcoimeád Leabharlann Náisiúnta chomh maith.

Agus í ag labhairt léi ag am an tsealbhaithe sin, dúirt O’Brien go raibh áthas uirthi go raibh a páipéir á gcoimeád in Éirinn, an tír a chuaigh i bhfeidhm go mór ar a cuid scríbhneoireachta.

“Baineann mo chuid saothar le dúiche an oiread céanna is a bhaineann le daoine agus tá Éire mar charachtar lárnach iontu le fada an lá. Is ceart agus is cóir go mbeidh an chartlann is déanaí de mo chuid lonnaithe go buan in Éirinn.”

De réir an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:

“Rinne O’Brien iniúchadh gan scáth ná faitíos ar chastacht shaol na mban agus í á treorú i gcónaí ag a dúthracht dhaingean don fhírinne sa scéalaíocht. Léiríonn cartlann O’Brien ó 2000-2021 an chaoi a raibh a próiseas cruthaitheach ag forbairt go leanúnach agus is cúis bhróid dúinn í a choinneáil sábháilte ar son na tíre seo, an domhain agus na nglúnta go léir atá le teacht.”

Gabhaimid comhbhrón ó chroí lena muintir, lena cairde agus leis na daoine go léir a raibh a cuid oibre ina spreagadh acu. May she rest in peace. Suaimhneas síoraí dá hanam.