Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Léachtlann Joly i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann oscailte ag an Aire Catherine Martin agus ag an Aire Kieran O’Donnell

Déardaoin, 9 Bealtaine 2024
Minister Martin, Minister O’Donnell and Dr Audrey Whitty

D’oscail an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, mar aon leis an Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Kieran O’Donnell TD, Léachtlann nua Joly i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) go hoifigiúil. Áis nua‑aimseartha, shrathach í seo ina bhfuil spás do 96 duine agus gnéithe feabhsaithe inrochtaineachta, agus í mar chuid den tionscnamh ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’.

Mhol an tAire Martin an léachtlann úr agus dúirt gur chloch mhíle shuntasach i dtionscadal athfhorbartha na Leabharlainne Náisiúnta í, is é sin ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’. Faoin mór‑athfhorbairt seo, tá sé beartaithe go gclaochlófar an t‑iar‑limistéar stórála leabhar i Sciathán Thiar an fhoirgnimh isteach ina spás cultúrtha inrochtana don phobal, rud a fheabhsóidh tírdhreach cultúrtha Bhaile Átha Cliath. Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath don chéad chéim eile den tionscadal claochlaitheach seo.

Mhol an tAire O’Donnell an obair a rinne na foirne go léir chun an léachtlann úrscothach seo a chur ar fáil. Tharraing sé aird ar an tábhacht a bhaineann le cead pleanála a fháil don chéad chéim eile, rud a chinnteoidh caomhnú agus oiriúnú an fhoirgnimh stairiúil ar leith seo.

Tharraing Stiúrthóir an NLI, an Dr. Audrey Whitty, aird ar fhiúntas na léachtlainne úire ó thaobh stair thaifeadta na hÉireann a dhéanamh níos inrochtana. Ainmníodh í do Jaspar Robert Joly, mórdheontóir don NLI, agus beidh teacht níos leithne ag an bpobal uirthi i gcomhair léachtaí, léamha agus imeachtaí eile.

Is féidir an phreaseisiúint iomlán a léamh anseo.